Oidhreacht bhuan Bruce Lee

Tá leathchéad bliain ann i mbliana ó fuair an t-ealaíontóir míleata clúiteach bás

Foclóir: Ealaíontóir míleata íocónach - iconic martial artist; cearáité – karate; ceoldráma – opera; crosta - difficult/troubled; dronga Triad - Triad gangs; constaicí cine - racial barriers; cúrsaí éachta agus ord troda - stunts and fight sequence; caolchumtha - of slight build; seasamh fada agus foirmeacha gearra - long stance and short forms; Judoka - one who practises Judo; na fireannaigh Alfa: the Alpha males; seanóir - a senior

Tá leathchéad bliain ann i mbliana ó fuair an t-ealaíontóir míleata íocónach Bruce Lee bás. I San Francisco a rugadh é sa bhliain 1940 ach bhog a mhuintir ar ais go Hong Cong, a n-áit dúchais, go luath ina dhiaidh sin. Ba réaltóg cheoldráma Cantainise a athair agus i ngeall air sin bhí páirt ag Bruce i mórchuid scannán Síneach agus é ina pháiste. Buachaill crosta ba ea é agus é sna déaga agus ba mhinic é ag troid.

Thug sin ar a thuismitheoirí a mholadh dó na healaíona míleata a fhoghlaim chun é féin a chosaint ar na sráideanna. Bhí an máistir Yip Man ina oide pearsanta aige ach d’fhoghlaim sé dornálaíocht freisin. Faoin mbliain 1958, bhí barr feabhais sa spórt bainte amach aige. Chomh maith leis sin ghnóthaigh sé an chraobh sa rince Cha Cha!

De bharr go raibh sé ag troid agus ag bruíon sa tsráid rómhinic, bhí na póilíní ar a thóir agus fiú na dronga Triad ag bagairt air. Mar sin chuir a thuismitheoirí go Meiriceá é chun fanacht lena dheirfiúr a raibh cónaí uirthi i San Francisco. Tar éis scaithimh a chaitheamh ansin léi, bhog sé go Seattle mar a ndeachaigh sé go coláiste sular bhog sé arís go California. Ba ann a bhunaigh sé roinnt scoileanna chun na healaíona míleata a mhúineadh. Chuir sé aithne san áit sin ar ealaíontóirí míleata mór le rá.

READ MORE

Leath clú Lee agus níorbh fhada go raibh sé le feiceáil i sraitheanna clár teilifíse ina raibh ‘The Green Hornet’ agus ‘Longstreet’ ina measc ach ní raibh ról lárnach riamh aige sna sraitheanna mar nach roghnaítí aisteoirí Síneacha riamh thar príomh-aisteoirí geala. Chuir Lee roimhe na constaicí cine seo a shárú.

Cháin sé go leor de na stíleanna righne cearáité de bharr go raibh siad dolúbtha agus d’fhorbair sé stíl dá chuid féin ar thug sé Jeet Kune Do nó Bealach an Dhoirn Chosanta uirthi.

D’áitigh stiúrthóirí scannán Hong Cong air filleadh ar an tSín mar a mbeadh caoi aige ról lárnach a bheith aige i sraith scannán faoi na healaíona míleata. Bheadh smacht iomlán aige i gcúrsaí éachtaí agus ord troda.

Bhí rath chomh mór ar leithéidí The Big Boss (1971), The Way of the Dragon (1972), agus Fist of Fury (1972), ar bhonn idirnáisiúnta, nár fhéad Hollywood súil a dhúnadh air a thuilleadh agus, faoi dheireadh, tugadh ról lárnach dó sa scannán Enter the Dragon, sa bhliain 1973.

Faoi Iúil na bliana sin bhí sé ag obair ar scannán eile The Game of Death. Bhí sé i dteach an aisteora Betty Ting Pei in Hong Cong ag plé tuairiscí maidir leis an scannán nuair a tháinig tinneas cinn air. Thóg sé piolla anailgéiseach agus luigh sé síos. Ar an drochuair, d’at a inchinn mar fhrithghníomh agus tháinig támhnéal air. Níor dhúisigh sé agus fuair sé bás gan é ach in aois 32 bliain.

Ina measc siúd a d’iompair a chónra le linn a shocraide bhí Steve McQueen agus Chuck Norris.

Leis na blianta cuimhnítear air mar a bheadh laoch ann. Is iomaí teoiric chomhcheilge atá ann i dtaobh a bháis. Táthar ann a deir go raibh mallacht ar a mhuintir. Deir daoine eile cur thug drong Triad nimh dó.

Agus mé i mo mhúinteoir óg caolchumtha, le linn ré Bruce Lee, thosaigh mé ag cleachtadh cearáité Shotokan - stíl Sheapánach a d’úsáid seasamh fada agus foirmeacha gearra. D’fhoghlaim mé júdó roimhe sin nuair a bhíos sna déaga mar bhí m’uncail Frank ar dhuine de na céad judoka in Éirinn a thuill crios dubh go luath sna seascaidí.

Ba bhall gníomhach é m’uncail i gCumann Júdó na hÉireann. Níos déanaí chleachtaigh mé cearáité Kenpo, stíl a bhí níos solúbtha ná Shotokan.

Chomh luath is a thuig mo dhaltaí scoile go raibh na healaíona míleata á gcleachtadh agam ba mhór an chabhair é le cúrsaí smachta mar aon le traenáil meáchan a chuaigh i gcion ar na fireannaigh Alfa sa rang! Níor úsáid mé traenáil ealaíon míleata sa tsráid, ach uair amháin nuair a chosain mé mé féin ar thriúr stócach. Bhí an traenáil i bhfad Éireann níos fearr mar shlí chun coinneáil aclaí agus sláintiúil.

Is maith is cuimhin liom lár na Seachtóidí nuair a chraol Gabriel Rosenstock cláir raidió ar éagsúlacht ábhar, ina measc, fealsúnacht an Oirthir. Ba mhinic a d’iarr sé orm scripteanna a léamh ar na healaíona míleata agus an fhealsúnacht a bhain leo. Is cuimhin liom tagairt a dhéanamh do shaol agus do shaothar Bruce Lee ar na hócáidí sin.

Tá éabhlóid tagtha ar na healaíona míleata ar na saolta seo sa chaoi go bhfuil Ealaíona Míleata Measctha againn nó MMA. Ní fios an spórt é MMA ar chor ar bith. Tá siad an-bhrúidiúil ach in ainneoin sin is léir go bhfuil an-tóir go deo orthu i bhfianaise rath idirnáisiúnta leithéid Conor McGregor agus Dustin Poirier.

Cé gur ‘seanóir’ mé anois bainim úsáid fós as cuid de na cleachtaí ealaíon míleata gach uile lá d’fhonn coinneáil sláintiúil agus, dar ndóigh, le honóir do Bhruce Lee!