Éigeandáil RTÉ: uair na cinniúna don chraoltóir náisiúnta?

Ní hé méid na ró-íocaíochta amháin atá mar údar leis an rírá.

Foclóir: láithreoir teilifíse - television presenter; as na ceithre hairde - from all quarters; ar tinneall - set; flaithiúlach - lavish; dílis - loyal; tuarastal - salary; siamsaíocht chorparáideach - corporate hospitality; tallann - talent.

A luaithe a tuairiscíodh an scéal, ba léir cé chomh míshásta is a bhí an pobal leis na híocaíochtaí folaithe a rinne RTÉ leis an láithreoir teilifíse agus raidió, Ryan Tubridy.

Bhí na meáin shóisialta, na nuachtáin, agus na daoine a labhair ar raidió agus teilifís ar tinneall chun troda. Cé go bhfuil, nó go raibh, lucht leanúna dílis ag Tubridy, seachas duine nó beirt, ní raibh dé ná deatach acu.

As na ceithre hairde a tháinig na glórtha, agus ba ghairid go raibh na polaiteoirí mór le rá, agus beag le rá, ag cur gothaí troda orthu féin.

READ MORE

Tháinig ionadaithe RTÉ os comhair seanadóirí agus teachtaí Dála i dTeach Laighean faoi dhó, le míniú de chineál éigin a thabhairt ar na fáthanna ar íocadh €345,000 sa bhreis leis an láithreoir ó 2017 go 2022.

Ar ndóigh, níorbh é méid na ró-íocaíochta amháin ba údar leis an rírá. Is ag am a bhíothas ag tabhairt le tuiscint go raibh tuarastal na móruaisle in RTÉ á laghdú, a íocadh an breistuarastal le Tubridy.

Lena chois sin, bhí an €275,000 a chaith RTÉ go flaithiúlach ar shiamsaíocht chorparáideach agus ar thicéid spóirt i measc rudaí eile.

Ní mó ná sásta a bhí na polaiteoirí leis na freagraí a tugadh ar a gcuid ceisteanna, agus níorbh aon ionadh é nár mhaolaigh an stoirm.

A mhalairt a tharla.

Mar a dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, agus í ag gabháil leithscéil faoin “feall millteanach seo ar iontaoibh an phobail” ní raibh bord feidhmiúcháin RTÉ ag feidhmiú “mar ba chóir.”

Cé go bhfuil fearg le brath i measc an phobail go ginearálta maidir le bainistíocht ar chaiteachas agus le trédhearcacht an eagrais, is mó fós an fhearg agus an míshásamh atá ar iriseoirí agus ar fhostaithe eile RTÉ ar gearradh ciorruithe pá orthu le blianta beaga anuas a fhad agus a bhí an ealaín seo ar siúl.

Ní hamháin go raibh bearna mhór pá idir “tallann” (mar a thugtar orthu siúd atá ar na clocha is luachmhaire ar phaidrín RTÉ) agus na gnáthfhostaithe, más féidir é sin a thabhairt orthu, ach ní raibh an maoiniú cuí á chur ar fáil chun go bhféadfadh na hiriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh ach an oiread.

Ach más fíor go mbíonn bearna ann i gcónaí idir pá gnáthfhostaithe i gcomhlacht ar bith agus iad siúd ag an mbarr, tá bearna eile pá in RTÉ is gá aghaidh a thabhairt uirthi.

Tá an bhearna idir an pá a fhaigheann iriseoirí Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ, cé gur fostaithe an eagrais chéanna iad uilig, ina hábhar conspóide le fada an lá.

Ón nóiméad a d’fhostaigh Raidió na Gaeltachta seachtar clár reachtaire chun dul i mbun seirbhíse in 1972, bhí neamhréir idir a gcuid pá siúd agus pá a gcomhghleacaithe in RTÉ.

Ritheadh rún ag ardfheis Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) i Londain i mí Aibreáin na bliana seo inar tugadh treoir don cheardchumann tabhairt arís faoi chothrom na Féinne a fháil. Agus an spotsolas ag lonrú ar RTÉ faoi láthair beidh súil leis go dtapófar an deis.

Gaeilge ar RTÉ

Faoin Acht Craolacháin 2009, déantar RTÉ a mhaoiniú ar dhá bhealach – ón táille cheadúnais agus ó ioncam tráchtála.

Ach an féidir an dá thrá a fhreastal?

Más fíor go bhfuil gá leis an dá fhoinse ioncaim sin chun go mbeidh RTÉ in ann craoltóireacht seirbhíse poiblí a chur ar fáil, céard a tharlaíonn nuair nach gcomhlíontar an cúram sin nó nuair a chuirtear an iomarca béime ar chúrsaí tráchtála?

Deirtear ar shuíomh RTÉ gurb í seo a leanas “aisling” an eagrais: “Go mbeadh RTÉ ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach; iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh; agus buanna mhuintir na hÉireann a chothú.”

I gcomhthéacs na Gaeilge nach ceart go mbeadh práinn ar leith leis an obair a dhéanann an craoltóir náisiúnta chun an cúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh?

Ach ní minic a chloistear focal Gaeilge ar na príomhchainéil. Ní chloistear focal ar chláir nuachta nó ar chláir cúrsaí reatha ach an oiread. Cén fáth?

An ionadh ar bith é go gcreideann daoine gur teanga mharbh í an Ghaeilge nuair nach gcloistear í ar an gcraoltóir náisiúnta?

Cén fáth a gcuirtear an oiread sin béime ar chláir shiamsaíochta iasachta a cheannach seachas cláir dhúchasacha a chruthú agus a chraoladh? B’fhéidir go bhfuil gá le díospóireacht oscailte (nó sraith clár) faoi thionchar an choilíneachais ar fhéinaitheantas an náisiúin!

Tá a lucht féachana agus éisteachta féin ag TG4 agus ag RnaG agus cuirtear ábhar den scoth ar fáil dóibh ar na hardáin sin. Ach nach bhfuil sé de dhualgas ar RTÉ an teanga a chur i láthair an lucht féachana eile sin nach nós leo ábhar i nGaeilge a fheiceáil de ghnáth?

B’fhéidir go bhfuil sé in am modh maoinithe nua a chruthú ach na freagrachtaí a bhain go traidisiúnta leis an stáisiún a leathnú amach níos faide ná geataí RTÉ amháin agus coinníoll Gaeilge a chur le haon mhaoiniú a chuirfí ar fáil.

Pé réiteach a bheidh air sin, níl aon cheist faoi ach go bhfuil muinín an phobail san eagras caillte. Ba cheart go mbeadh sé ina sprioc anois go dtiocfaidh eagras trédhearcach, neamhspleách agus freagrach amach as an gconspóid seo, eagras a chomhlíonfaidh na bundualgais a bhaineann le craoltóireacht seirbhíse poiblí.

B’fhéidir go bhfíoródh sé sin ráiteas físe an eagrais.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.