Costas gan chuntas

Airgead amú formhór mór an airgid a chaitear ar an mbás.

Nuair a osclaítear amharclann bheag i mbaile i bhfad i gcéin, nuair a bhronntar sparánacht ar fhile nár airíodh pioc ina taobh, nuair a thugtar deontas d’fhidléir cur lena chuid fidléireachta, nuair a dhearlactar dearlaic ar phéintéir ina lochta d’fhonn dathanna a chaitheamh le canbhás, ní fada go gcloistear an gearán gurbh fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an ospidéal áitiúil, ar an scoil gan leithreas, ar phoill na mbóithre, ar an saol a chur ina cheart.

Níl aon amhras orm ná go bhfuil an ceart ag lucht na ngearán mar is tábhachtaí bia agus deoch ná scéal. Ach mura ndéanfaí aon rud go dtí go mbeadh an saol ina cheart ní bheadh an saol ina cheart choíche.

Ach is é nach gcloistear leis an ngeonaíl chéanna ná gurb é airgead tionscal na n-arm is na mbuamaí an caiteachas is mó a bhaineann ó ospidéil a thógáil, scoileanna a bhunú, galair a dhíbirt, uisce a ghlanadh agus cúram ceart a dhéanamh do phobail an domhain.

Ceart go leor, ná gabh a chodladh anois, mar b’fhurasta na figiúir a sholáthar, ach is leor aon cheann amháin. Caitear $2.2 trilliún ar airm gach bliain, ach is dócha go bhféadfaí figiúr ba dhá mhó ná sin a sholáthar agus ní bheifí gar fós don fhírinne. An bhfuil aon chóir leighis soir siar thuaidh nó theas nach bhféadfaí a chur ar fáil ar smut éigin den chaiteachas amaideach baoth gan dealramh sin?

READ MORE

Fágaimis cúrsaí morálta (cad iad sin?) as an áireamh go fóill, ach bímis fuar praiticiúil, chomh háireamhaigeanta le heacnamaí ar bith. Cuirimis na buntáistí agus na míbhuntáistí le hais a chéile ar chlár comhardaithe bán ina meáitear dollair agus eurochaí agus puint agus rúbail agus yuain agus denarii.

Nuair a chaitear na zilliúin sin ar oll-airm scriostacha, ba dhóigh leat orthu go ndéanfadh siad an beart. Is de shuimiúlacht, áfach, gur beag ceann de na cumhachtaí móra go raibh an lá leo in aghaidh na ndaoine beaga a raibh cuaráin ar a gcosa agus turbain nó scáthláin lampaí ar a gcloigne ón dara cogadh barbartha i leith.

Dhein an tAontas Sóivéadach ionradh ar an Afganastáin sa bhliain 1979 le súil is go bhféadfadh siad na sléibhteánaigh a chloí. Deich mbliana ina dhiaidh sin, chaolaíodar amach le pócaí folmha agus le cloigne tinne agus le corpáin ina ndiaidh anoir. Ní raibh siad ag súil le troid chomh fíochmhar sin ó Osama Bin Laden agus a chairde sna Stáit Aontaithe. Thóg sé dhá chogadh ainscianta orthu an tSeisnia a chloí, agus dheineadar é sin sa ghnáthbhealach RúisShóivéadach, gach rud a leagadh amhail go raibh siad ar tí Beirlín a scrios arís. Agus tá siad in abar dá ndéantús féin san Úcráin anois, abar nach dtiocfar as le haon mhustar.

Ní mó ná tá dearmad déanta ar chogadh na Cóiré anois, ceann de na cogaí ba mhó scrios ar domhan ó 1945. Níor bhuaigh aon taobh. Na hairm áille sin ar fad gan feidhm. Loisceadh Vítneam bun barr ag iarraidh toil na ndaoine a chur ó rath. Thit héileacaptair Mheiriceá isteach sa chuan agus d’imigh siad leo go maolchluasach. Chuaigh a seabhac dubh síos sa tSomáil, agus séideadh san aer amach as an Liobáin iad. Ruaig siad an Talaban ó cheannas ar Afganastáin, ach féach, is iad an Talaban atá i gcumhacht fós. Cad chuige an caiteachas airm sin ar fad mura féidir cloigne tuáille agus tuathánaigh chosnochtaithe a chloí?

Airgead amú formhór mór an airgid a chaitear ar an mbás.

B’fhearrde seacht míle seachtó an domhan agus sinn go léir dá ndéanfaí gach cianóg rua fola de a chaitheamh ar na hospidéil sin, agus ar fhilí, agus ar lucht ealaíon agus ar fhidléirí ceoil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar