Aoibhinn beatha an scoláire

‘Ní fhaca mé bata ná leathar sa seomra ranga cé gur maith is cuimhin liom a leithéid agus mé féin sa rang fadó’

Foclóir: Díograiseach – enthusiastic; an-chaidreamh - great relationship; muintearas – familiarity; teanntásach - cheeky/over-familiar; pointí suntasacha - salient points; ar tinneall - tense/on edge; le teann - with force; codladh grifín - tingling/pins and needles; ábhar corraitheach - disturbing content; leamh - insipid/dry/boring; fuaimrian – sound-track; imeagla – dread; a sheas mé le mo ghealltanas - I kept faith; an cúrsa ar fad tugtha agam - I’ve come full circle.

Is minic a thugaim cuairt ar na bunscoileanna ar na saolta seo. Léim mo chuid filíochta do na daltaí agus ó am go chéile seinnim ceol dóibh. Bainim an-taitneamh go deo as, go mórmhór nuair a fheicim cé chomh díograiseach is a bhíonn na páistí agus cé chomh suimiúil is a bhíonn na ceisteanna a chuireann siad orm.

Ní hamháin sin ach is léir go bhfuil an-chaidreamh idir na páistí agus na múinteoirí, muintearas nach raibh ann nuair a bhí mise ag dul ar scoil. Glaoitear ‘Múinteoir Seán’, nó ‘Múinteoir Áine’, ar na múinteoirí ach ní dóigh leis na múinteoirí gur iompar teanntásach é seo ar chor ar bith.

Ní fhaca mé bata ná leathar sa seomra ranga cé gur maith is cuimhin liom a leithéid agus mé féin sa rang fadó. Ag an am sin bhí meas againn ar ár múinteoirí – na Bráithre Críostaí i mo chás féin, ach ba bheag idir an meas sin agus an eagla féin. Chuirtí pointí suntasacha na staire de ghlanmheabhair ón téacsleabhar agus ansin scrúdaíodh an Bráthair iad. Bhinnse féin agus mo chomrádaithe ar tinneall agus muid ag feitheamh fad a ghabhadh sé thart timpeall ag cur ceisteanna orainn. Ansin, dá dteipfeadh orainn, bheadh orainn seasamh amach ‘ag an líne’. D’ardaítí an leathar agus thagadh sé anuas ar ár mbosa le teann.

READ MORE

Geallaimse duit go mbíodh codladh grifín ar ár lámha ar feadh an lae ina dhiaidh sin ach bhí gach uile sheans ann go mbeadh pionós breise le teacht sa chaoi go mbíodh an t-ádh leat mura bhfaighfeá ach trí nó ceithre bhuille in aghaidh an lae. Is deacair do dhaoine óga an lae inniu an saol sin a shamhlú. Má bhíonn clár teilifíse ann anois a bhfuil ábhar corraitheach ann, caithfear rabhadh a chur amach roimh ré: ‘Seans go gcuirfidh an clár seo as do roinnt den lucht féachana’.

Rud eile ar ábhar machnaimh é ná an teicneolaíocht féin. Ba leamh ar fad an stair fadó agus muid ag cur pointí de ghlanmheabhair as téacsleabhair. Sa lá atá inniu ann, taobh istigh de chúpla soicind is féidir leis na daltaí, féachaint ar imeachtaí na staire ar Netflix go lándaite nó fiú ar an bhfón póca féin.

An mhí seo caite thug mé faoi deara go raibh na daltaí i mbunscoil mo gharpháistí ag canadh amhrán Bruno Mars, Count on Me. Bhí na liricí ar scáileán bán agus an fuaimrian leis a lig do na páistí agus don mhúinteoir óg ról gníomhach a ghlacadh san amhrán:

When we are called to help our friends in need

You can count on me like one, two, three

I’ll be there..

Dar liom gur ghleoite an t-amhrán é, go háirithe sa mhéid is go raibh lámh ag an múinteoir agus ag na daltaí sa scéal ó thús deireadh. Caithfidh mé a rá gur corraíodh mé nuair a chuimhnigh mé cé chomh fada is atá cúrsaí oideachais an lae inniu ón imeagla agus ón smacht a bhí i réim le linn laethanta m’óige.

Sular fhág mé an tseanscoil i Sráidbhaile Chromghlinne chun dul ar scoil i gCaisleán Dhroimeanaigh agus mé seacht mbliana d’aois, d’fhág mé nóta beag dom féin nuair a bheinn i mo sheanduine. Sa nóta sin scríobh mé:

“Tá mé ag scríobh an nóta seo sa bhliain 1957. An mbeidh cuimhne ar bith agat orm má thagann tú ar ais anseo blianta amach anseo?”

D’fhill mé an nóta, chuir isteach i gclúdach é agus d’fháisc isteach i gclocha scaoilte falla na scoile. Dar ndóigh níor mhair an nóta ach is minic a shiúlaim thar an áit anois. Ní scoil a thuilleadh í ach brú na hóige, áit a dtagann aos óg an cheantair le chéile chun snúcar a imirt agus chun an t-idirlíon a aimsiú.

Thairis sin luaigh mé an tseanscoil i gceann de mo chnuasaigh filíochta agus de na himeachtaí a bhain léi. Is ar an gcaoi sin a sheas mé le mo ghealltanas don pháiste óg a d’fhág an nóta i bhfalla na scoile blianta fada ó shin. Chaith mé mo shaol le múinteoireacht agus fiú sa lá atá inniu ann bím ag tabhairt cuairt ar na scoileanna d’fhonn mo chuid dánta a léamh. Chan mé amhrán ag Feis nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois. B’shin ‘Ím Bím Babaró’:

Ím Bím Babaró gus óró grá

Nach aoibhínn saol an ghasúirín a théann ar scoil gach lá..

Idir cheachtanna, nótaí, dánta agus athchuairteanna, is cinnte go bhfuil an cúrsa ar fad tugtha agam faoin am seo!