Géarchéim Chúba: cuimhní dóite m’óige

Bhí tús curtha ag an Uachtarán Ó Cinnéide le himshuí san fharraige gar do Chúba áit a raibh diúracáin Rúiseacha i bhfearas.

Foclóir: Páiste seanchríonna - precocious child; diúracáin núicléacha - nuclear missiles; imshuí - blockade, Ceannasáiocht Aeir Straitéiseach - Strategic Aer Command; díth céille - madness; ag plobaireacht - cooing; raidíocht nimhneach - deadly radiation; sreangscéal - telegram; léaró dóchais - ray of hope; ag cúlú siar - recoiling; thug madra áladh air - a dog snapped at him; na seabhaic - the hawks; práinn - urgency.

Is maith is cuimhin liom mo chara Breandán ag insint dom go raibh Cogadh Domhanda 3 ag bagairt orainn láithreach. Maidin Luain a bhí ann agus bhíomar sa seomra scoile ag an am. Sa chéad bhliain iarbhunscoile a bhíomar. Lár Dheireadh Fómhair a bhí ann sa bhliain 1962 agus bhí an aimsir fós go bog fionnuar.

Bhain an méid a dúirt mo chara an-gheit go deo asam. Ba pháiste seanchríonna mé ó bhí mé an-óg agus bhí suim agam i gcúrsaí reatha. D’fhág sin gur thuig mé go raibh síor-choimhlint ann idir na hollchumhachtaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (APSS), agus go raibh Cogadh Fuar ann i gcónaí dá bharr sin.

Ní nach ionadh, tamall de bhlianta roimhe sin, sa bhliain 1956, chuir géarchéim na hUngáire agus Suez sceon orm nuair nach raibh imní ar bith ar ghasúir eile agus iad amuigh ag imirt peile, gan cíos cás ná cathú orthu.

READ MORE

An lá i ndiaidh an lae sin nuair a chuala mé faoi bhagairt an chogadh domhanda, rith sé liom agus muid ag imirt peile ar pháirc imeartha na scoile, go raibh sé seafóideach a bheith amuigh ag imirt nuair a bhí an domhan mór ar tí a scriosta ag diúracáin núicléacha.

Bhí tús curtha ag an Uachtarán Ó Cinnéide le himshuí san fharraige gar do Chúba áit a raibh diúracáin Rúiseacha i bhfearas. Dá sáródh na longa Rúiseacha an t-imshuí bheadh sé ina chogadh. Nuair a d’fhógair an léitheoir nuachta Charles Mitchell ar nuacht a sé a chlog go raibh na longa Rúiseacha ag druidim le limistéir an imshuí, bhí tocht ina ghlór.

Bhí trúpaí á nglaoch chun seirbhíse i Meiriceá agus san APSS agus bhí Ceannasaíocht Aeir Straitéiseach Mheiriceá ar DEFCON 2 an dara leibhéal práinne ab airde. Chualamar gur sheol an fealsamh Sasanach Bertrand Russell sreangscéalta chuig Washington agus Moscó, ag rá ‘Éirigh as an díth céille seo ar an bpointe!’

Tar éis scoile dom lá arna mhárach, chuaigh mé amach ag siúl le mo dheirfiúr bheag sa phram d’fhonn faoiseamh beag a fháil ó na smaointe dorcha a bhí do mo chrá. Ba bheag faoiseamh a fuair mé, faraor. Bhí fearg orm ag féachaint ar an leanbh gleoite seo ag déanamh gáire liom agus ag plobaireacht fad is a bhí anbhás ag bagairt orainn uile. Ghuigh mé go dúthrachtach, ní ar mo shon féin amháin ach ar son todhchaí mo dheirféar.

Bhí sé deacair codladh na hoíche a fháil ag samhlú na diúracáin á scaoileadh agus an radaíocht nimhneach á leathadh ar fuaid na cruinne. Tar éis uair an chloig ag tabhairt na gcor sa leaba, chinn mé ar theacht anuas agus ceist a chur ar m’athair faoin scéal. Dá bhféadfadh seisean mé a chur ar mo shuaimhneas seans go bhféadfainn codladh na hoíche a fháil. Chuir sé i leataobh an nuachtán a bhí á léamh aige nuair a d’fhiafraigh mé de go faiteach an mbeadh cogadh domhanda ann mar go raibh mé an-bhuartha.

Bhraith mé idir thrua agus imní ar a aghaidh nuair a d’fhreagair sé. Dúirt sé go raibh imní air féin, nach raibh a fhios aige céard a tharlódh go baileach, ach gur dóigh leis go gcaithfeadh réiteach a bheith ar an scéal mar nach bhféadfaí cogadh núicléach a bhuachaint.

Bhí léaró beag dóchais ann nuair a stop Nikita Khrushchev, ceannaire an APSS, na longa Rúiseacha ach níor mhair an dóchas i bhfad mar dúirt sé nach dtógfadh sé na bunáiteanna as Cúba. Chruinnigh na sluaite ag Ambasáid Mheiriceá ag léirsiú i gcoinne cogaidh agus d’úsáid na Gardaí madraí chun iad a choinneáil siar. Bhí grianghraf sna nuachtáin den ghníomhaí Lucht Oibre, an Dochtúir Nollaig de Brún, ag cúlú siar fad a thug madra áladh air.

Dúradh paidreacha ar son síocháin dhomhanda ag Aifreann an Domhnaigh agus bhí atmaisféar an-ghruama ann an mhaidin sin. Ansin, ba gheall le míorúilt é nuair a bhí an scéala amuigh go raibh sé i gceist ag Khrushchev na bunáiteanna a bhaint anuas agus na diúracáin a thógáil ar ais as Cúba. Dhéanfadh na Meiriceánaigh an rud céanna leis na diúracáin a bhí acu sa Tuirc.

Thar oíche ní raibh seacht gcúraimí an tsléibhe orm a thuilleadh. Bhí aoibh an gháire ar mo thuismitheoirí arís agus bhí mo dheirfiúr mhór ag caint faoin Nollaig agus an leanbh ina baclainn aici. Bhí an gnáthshaol simplí linn arís agus ghlacamar leis go fonnmhar. Ba bhreá an rud bualadh isteach go teach mo chara Breandán agus éisteacht leis an gcnag is déanaí ‘Love me Do’ le grúpa darb ainm ‘The Beatles’ as Learpholl a raibh frainsí aisteacha gruaige orthu nó dul go dtí an siopa iasc agus sceallóg gan teannas an fhaitíos sa ghoile.

Cheiliúir an ‘leanbh’ a breithlá trí scór i mbliana. Bhí a fear céile agus a triúr leanaí fásta mórthimpeall uirthi. B’iad JFK agus a dheartháir Robert nár ghéill do ‘sheabhaic’ an Pentagon a shábháil an Cine Daonna sa bhliain 1962. Fuair Mikhail Gorbachev bás le déanaí, fear a rinne a dhícheall deireadh a chur leis an gCogadh Fuar. Tá Putin i mbarr a réime anois agus an Cogadh Fuar faoi lán seoil arís. Tá imní orm i dtaobh an todhchaí.