Scoláireacht Éamoinn Ghráinne sa sean-nós ar fáil arís

Comóradh ar Chonallach an cheoil

Seoladh Scoláireacht Éamoinn Ghráinne ag ócáid sa tSean-Bheairic, an Fhál Carrach, Co Dhún na nGall, Dé hAoine. Is fiú €2,000 an scoláireacht d’amhránaí ar an sean-nós agus seo an dara huair don ghradam bheith ar fáil. Caithfidh an té a cheapfar seacht mí mar amhránaí cónaithe sa tSean-Bheairic, an t-ionad oidhreachta agus cultúrtha ar an Fhál Carrach, agus faoin amhránaí a bheidh sé amhránaíocht sa cheantar a chur chun cinn.

Ainmnithe as Éamonn Ghráinne Mac Ruairí, nach maireann, atá an scoláireacht, fear mór amhránaíochta agus duine a bhí ar maos i gcultúr agus oidhreacht shaibhir Oileán Thoraí.

Dúirt cathaoirleach na Sean-Bheairice, Seosamh Ó Dubhchoin, go raibh lúcháir orthu bheith in ann an scoláireacht a chur ar fáil arís i mbliana mar gur mhian leo cúrsaí amhránaíochta i gCloich Cheann Fhaola a chur chun cinn i measc na muintire óige agus an traidisiún saibhir ceoil a bhí ann a choinneáil beo.

Má tá spéis ag amhránaí ar bith iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht, ba chóir CV a sheoladh roimh an Aoine, 26ú Meán Fómhair. Eolas: www.falcarraghvisitorcentre.com nó falcarraghvisitorcentre@gmail.com

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times