Salm don Samhradh Lá Bealtaine

Oscail croí do chluaise ar a bhfuil ann ar lá breithe seo na gréine

Féach! Tá an Bhealtaine chugainn agus amuigh ansin tá cóisir na coille ag dúiseacht go solasmhar.

Bhí siad ann i bhfad romhainne agus beidh inár ndiaidh. Bhí cantain na n-éan ar ghéaga crainn ghlais beo ó tháinig ann do chleití corcra an aoibhnis.

Ní dúinne fiabhras na bhfeithidí ag labhairt linn inár dteanga féin, ach fós táimid anseo. Dírigh do dhearca ar an hórchiumhaiseanna nach gá aon ainm a bheith agat orthu. Nach féidir neamh a shealbhú trí shúil an nóinín?

Tá líontán an damháin alla ag dúil le spréacharnach uisce, tá eití na cruimhe cadáin ag cromadh chun caonaigh ar a slí chun diamaint bheaga locháin agus linne. Cén bior réalta a dhúisigh seo ar fad tar éis drámh fada na doircheántachta?

READ MORE

Tá cuaine cumainn na coille ag cabaireacht ina gcanúint nach dtuigeann aon duine, agus tá na crainn ag breith barróg ar a chéile anois go bhfuil an tseisce fhada thart. Shiúlfá amach ar maidin agus d’fhéicfeá ar leith amháin bláthfholt cáblach na luifearnaí á thaispeáint féin go maorga, agus ansin ar an leith eile, bláth beag uaigneach ag beannú duit nach raibh ann inné.

Éist! Oscail croí do chluaise ar a bhfuil á dhéanamh ar lá breithe seo na gréine. Airíonn tú sprid ghlasuaine na nduilleog ag siosarnach le spallaíocht, agus ní féidir gan meisce geal an aeir a thabhairt faoi deara.

Chuirfeadh plobáil plabáil bhog an tsrutháin suanbhriocht milis ort ar do shiúlta duit ach amháin gur gairid uait caise na habhann go scuabach bachallach chun na farraige síos.

Áit a raibh codladh ar shíolta an uisce tráth cloiseann tú anois iad ag feadaíl go fuíoch is ag faí go friotalach. Cad a dhéanfaimid leis an áilleacht seo go léir gan mhaith, gan bhrabús? An bhfuil gual nó ór amuigh ansin ar an beanna bórrtha atá ag beannú a gcinn thar dhroim a chéile dóibh féin? An bhfuil cead ag bó a bheith ina bó ar feadh seala bhig ghairid, nó go síoraí ina mhart de mhíolta na mbánta ar a slí amach? An fíor go bhfuil fearta na foraoise le díol?

Múscail! Ná bac scudal an chaifé dhoinn ar laetha mar seo. Seo iad laethanta na liomanáide agus agus sú na n-úllchraobh. Seo í an uain ina ngearrtar slabhra na suaraíochta agus a gcuireann tú uait cnámharlach briosc an stáit. Dún do shúile ar ar tharla ar maidin, agus inné, agus arú inné, mar beidh fómhar gach lá amárach ag glioscarnach feasta.

Nuair a fhillfidh tú ar ball, ná bí buartha, beidh breillicí breilsce na mbaincéirí fós romhat agus drannairí dúiloilc an duaircis ar a ngualainn agus na slibirí múin eacnamaíochta nach féidir a dhíbirt, agus beidh an scian stéige fós ag feitheamh leat.

Caith uait na nuachtáin ghránna. Gabhann saol an iontais ar aghaidh beag beann ar sheomraí cúnga agus ar chaolphasáistí na cumhachta. Díbir an cúram sin a bheidh ina luaidhe ar do lóchrann, aghaidh gach drochscéil amach, gáire gach gealscéil isteach!

Faire! Amuigh ansin nach bhfuil fiabhras na fuinseoige ar siúl? Nach n-airíonn tú an sliotar ag slisiú ó bhos an chamáin? Nach bhfuil boladh álainn an allais ar ógánaigh ag teacht den pháirc, agus subh mhilis na spraoíoanna ag seamhrú idir ladharaicíní na gcos?

Is gairid anois go mbeidh na mílte ag triall chun na bpáirceanna, dóchas an tráthnóna sin amháin ina gcroí, ceapairí boga sa bhosca, ticéad sa phóca thíos, agus pionta fara uachtar reoite ar an tslí abhaile. Cuirfear réiteoirí agus imreoirí agus bainisteoirí chun báis ach tá an t-aiséirí rompu chomh cinnte is atá ubh friochta na gréine laistiar de mhaoilinn an chnoic.

Seol leat! Tá an domhan go léir romhat amach go fiú sna baill sin nach bhfuil iontu ach ainmneacha ar bhróisiúir.

Amuigh sna tíortha sin bíonn an fharraige féin ag guí ar son na fionnuaire nach bhfuil le fáil. Amuigh sna tíortha sin ní féidir leis na sléibhte féasta na gréine a sheasamh. Amuigh sna tíortha sin tá cluasa do chraiceann ag éisteacht leis an donnú mall álainn a dhéanfaidh aingeal gainimhe scaitheamh bláth binn díot.

Amuigh sna tíortha sin bíonn deannach na réaltaí ag spréacharnaigh fós go moch an mhaidin dár gcionn. Amuigh sna tíortha sin gabhann an ghrian faoi ar chárta poist.

Aidhe! Tú seo liom! Sit! Sit! Hurú! Husá! Coiste! Puililiú agus fuililiú agus aililiú agus hóra geallaí liú! Ós ár gcionn tá stua na spideog ina shuathrán i solas na spéire. Faoinár dtroithe tá croí na cruinne ar crith lena chumas féin.

Tá gach ar féidir fós ag cur na bhfiacal. Sa samhradh táthar dár mbleachtú an conradh leis an domhan a athnuachan. Sa samhradh nuair a fhágann na déithe na séipéil filleann siad orainne.

Sa samhradh is cuma nó déithe sinn féin.