Rónán agus Rocky ag dul sna doirne

buille agus tuairim i leabhar faoi dhornálaí Ros Muc

Ag tús Rocky Ros Muc (Cló Iar-Chonnacht), sárleabhar nua ó Rónán Mac Con Iomaire faoin dornálaí Seán Ó Mainnín, tugann Kevin McBride, fear a chuir clabhsúr ar ré Mike Tyson, a bhreithiúnas ar an nGaillimheach d'údar an scéil: "They should put up a statue of Seán in Galway, and you can put that in your book. The man is a f**king legend."

Bhí Seán Ó Mainnín ina churadh meánmheáchan éadrom Mheiriceá le linn ré órga na dornálaíochta meánmheáchain. Throid sé i gcoinne cúigear churadh domhanda agus chuaigh sé sa ghleo do chraobh an domhain féin i gcoinne Mike McCallum. Sa seacht dtroid is leathchéad a bhí ag Ó Mainnín níor leagadh riamh é.

Ach féach an gaisce atá déanta anois aige! Os cionn 700 cóip dá bheathaisnéis atá díolta laistigh de dhá mhí.

Is minic go dtógann sé blianta cúpla céad cóip de leabhar Gaeilge a dhíol agus is annamh a chuirtear an dara cló ar shaothar Gaeilge, ach tá caint sa treis cheana féin faoin dara cló de Rocky Ros Muc .

READ MORE

Gan amhras, chabhraigh sé le Ó Mainnín an uair seo go raibh fear maith ina chúinne aige agus thuill prós fileata, beoga agus soléite Mhic Con Iomaire gradam liteartha ón Oireachtas anuraidh.

Ach an scéal féin is cúis leis an éileamh atá ar an leabhar, dar le Mac Con Iomaire, atá ina leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ó foilsíodh an leabhar roimh Nollaig, tá sé curtha in iúl ag mórán daoine do Mhac Con Iomaire gurb é Rocky Ros Muc an chéad leabhar Gaeilge a léigh siad riamh.

An bhfuil ceacht anseo don scríbhneoir Gaeilge? “Braitheann gach uile rud ar an scéal. Bhí an t-ádh orm féin dom chéad leabhar go raibh an scéal seo ann agus nach raibh sé scríofa ag éinne cheana. Bheadh sé spéisiúil ábhar eile a roghnú agus féachaint conas a d’éireodh liom. Ní theastaíonn uaim anois ach dornálaí eile as Conamara nár tugadh an t-aitheantas cuí dó,” a dúirt Mac Con Iomaire

Is fada an lá ó foilsíodh leabhar chomh taitneamhach i nGaeilge le Rocky Ros Muc , ach leabhar macánta atá ann leis nach ndéanann an fhírinne a cheilt: "Is é an cur chuige a bhí ann ó thús ná go mbeimis ionraic lena chéile. Bhí Seán ag iarraidh go dtiocfadh an fhírinne amach faoi na ráflaí ar fad. Níor shéan sé riamh go mbíodh sé ag ól agus go ndeachaigh sé go dona ar an ól tar éis na troda le McCallum ach ní raibh sé ag ól an deireadh seachtaine roimhe.

“Thuigeamar beirt go mbeadh praghas le n-íoc ar an bhfírinne. Tá scéalta ann faoi Sheán a bheith ag troid taobh amuigh den bhfáinne, mar shampla, agus bhí sé míchompordach ag insint na scéalta sin.

“Ach níor athraigh sé rud ar bith seachas dáta anseo agus ansiúd. Thuig sé muna n-inseodh sé na drochscéalta go ndéanfadh sé beag is fiú don chuid eile den leabhar faoi na rudaí maithe ar fad a bhí bainte amach aige.”

Bhí Mac Con Iomaire faoi gheasa ag scéal Uí Mhainnín ó bhí sé naoi mbliana d’aois. Ach blianta ina dhiaidh sin nuair a shocraigh sé an scéal a bhreacadh thóg sé tamall air dul i ngleic leis: “Bhí mé ag méiseáil leis ar feadh i bhfad. Bhí mé in ann óige Sheáin a láimhseáil ach ní raibh mé ag dul aon áit leis go dtí gur chuaigh mé anonn go Meiriceá. Thug sé sin comhthéacs dom don saol a bhí aige thall mar dhornálaí gairmiúil.

“Nuair a thosaigh mé ag caint le cuid de na daoine a bhí timpeall air thall, thuig mé go raibh an scéal níos fearr ná an leagan a bhí agam féin go dtí sin. Thit an leabhar asam ina dhiaidh sin.”

Rocky Ros Muc breac le daoine iontacha nach mbeadh as áit i leabhar ficsin. Cuid acu, ní bheidís coimhthíoch i scannán faoin mob.

Bhíodh go leor de bhuíon coirpeach cáiliúil Whitey Bulger timpeall ar an dornálaí óg, mar shampla, ach níor ghéill an Mainníneach riamh don bhrú a cuireadh air luí isteach leo. D’fhan sé dílis dá bhunéirim i gcónaí. Roimh a throid don chraobh dhomhanda, thairg urraitheoir airgead mór dó chun brandáil a dhéanamh ar a bhríste dornálaíochta – an tsuim chéanna airgid is a bhí á híoc leis don troid féin – ach dhiúltaigh Ó Mainnín dó.

Rachadh sé chun troda mar a dhein sé riamh, le “Ros Muc” scríofa ar a bhríste dornálaíochta aige: “Choinnigh a phrionsabail siar é ó thaobh na dornálaíochta de, ach sheas na prionsabail sin dhó sa deireadh. Aon duine ar labhair mise leo faoi Sheán, ní raibh drochfhocal le rá acu faoi. Fear an-umhal é, fear lách agus cineálta. Ní hé steiréitíopa an dornálaí é.”