Na seomraí feistis le líonadh don Nollaig

Tioscnamh samhlaíoch le dúshlán na himirce a thabhairt


Tabharfaidh foireann pheil na gcomhrialacha aghaidh ar an Astráil an tseachtain seo chugainn. Melbourne ar dtús, agus ansin Perth. Painéal de 25 imreoir atá ainmnithe ag Paul Earley, ó 15 contae éagsúil.

Ag tús na bliana seo, foilsíodh cuntais bhliantúla CLG don bhliain 2013, áit ar dúradh gur díomách an méid airgid a shaothraigh an pheil chomhrialacha anuraidh.

An tseachtain seo caite, dúirt uachtarán CLG Liam Ó Néill gur thuig sé go raibh míshástacht ann faoin tsraith seo agus go raibh ceisteanna ann faoi thairbhe an chomórtais agus an costas. Ach dúirt sé freisin go raibh sé tábhachtach mar gur thug siad deis chun cluichí Gaelacha a thaispeáint thar lear.

Chomh maith leis sin, beidh muintir na tíre seo, atá gaibhte ar imirce chun na hAstráile in ann freastal ar na himeachtaí, rud a choinneoidh an nasc idir iad, an baile agus na cluichí Gaelacha beo.

READ MORE

Ní hiad an fhoireann seo na chéad daoine óga ón tír seo atá ag dul ar eitilt mhór fhada chun na hAstráile, ach tá difear mór amháin ann. Tá ticéad fillte acu, íoctha ag an CLG, lóistín, agus is ar saoire a bheidh siad tar éis bliain fhada imeartha sa bhaile.

Cuir é seo i gcomparáid leis na mílte atá gaibhte ar imirce le blianta beaga. Tá sé deacair a thomhas cé mhéid atá imithe ach, ag an am ba mheasa a bhí an tír buailte ag an lag trá eacnamaíochta, ceapadh go raibh suas le 250 ball ag imeacht chuile mhí.

Tá sé seo le feiceáil sna cumainn nua atá á mbunú i bhfad i gcéin anois. Mar shampla, tá cúig fhoireann iomána in Iarthar na hAstráile, rud nach raibh ann deich mbliana ó shin.

Cumann amháin a d’fhulaing go mór ná Gort na hUamha/Gleann an Ghuail i gContae Thiobraid Árann. Dhá pharóiste bheaga iad seo, a imríonn peil shóisir agus iománaíocht idirmheánach.

Tá siad buailte ar an teorainn le hÁth na nUrlainn Chill Chainnigh. Tá siad buailte ag an imirce chomh maith. Tá siad ar an tríú cumann ba mhó a chaill imreoirí de bharr imirce i dTiobraid Árann. Is as sin a d’eascair an smaoineamh, Home to Hurl.

Iarracht atá ann iar-imreoirí a mhealladh abhaile ar son catharnachta, ar son cairdis agus ar son na dteaghlach atá fágtha ina ndiaidh. Jim Ryan, atá anois ag cur faoi i Perth, a thosaigh an feachtas.

Léigh sé alt a bhí sa Tipperary Star, ar an idirlíon thall i Perth, a bhí ag déanamh cur síos ar an bhail a bhí imirce ag cur ar chumainn an chontae – agus a chumann féin ba mheasa a bhí buailte.

Bhí sé sa bhaile an t-am seo anuraidh agus facthas dó gur theastaigh rud éigin a eagrú le daoine a thabhairt ar ais. Is as sin a d’eascair an smaoineamh cluiche iománaíochta Lá Fhéile Stiofáin: an fhoireann baile i gcoinne na ndaoine a bhí gaibhte ar imirce. Tosaíodh ag cur teachtaireachtaí ag na himreoirí a bhí imithe, ag iarraidh iad a mhealladh abhaile, agus iarradh orthu iad féin a thaifeadadh d’fhíseán a bhí á chur i dtoll a chéile. Is é an físeán a chur dlús faoin togra. Ní hamháin i measc na ndaoine a bhí imithe, ach i measc na ndaoine eile nach raibh baint ar bith acu leis an gcumann. Tá imreoirí an pharóiste le feiceáil sa bhfíseán, iad scaipthe ar fud an domhain mhóir, ach gan aon dearmad déanta acu ar an gcamán ná ar an sliotar. Birmingham, Londain, Hong Kong, Sydney, Melbourne, an Outback... an sliotar á phassáil eatarthu.

Agus bhí rath air. Tá 17 imreoir ag filleadh don Nollaig agus don chluiche. Tá ceathrar acu ag imirt leis na Perth Shamrocks, rud a léiríonn chomh fada i gcéin agus atá daoine óga ó pharóiste beag amháin imithe. Agus daoine óga na hÉireann i gcoitinne. Beidh an cluiche á imirt ar son dhá chatharanacht i dTiobraid Árann, Scoil Aonghusa ar an gCaiseal, agus Oispís Thuaisceart Thiobraid Árann.

Dúirt cisteoir an chumainn, William Coleman, nár cheap siad riamh go mbeadh aon tionchar ag an bhfíseán seo ar dhaoine taobh amuigh den chumann. Ní raibh uathu riamh, a deir sé, ach poiblíocht a thabhairt don chluiche ionas go gcruinneofaí airgead do chatharanacht.

Chomh maith leis sin, bhíodar ag iarraidh go mbeadh ceangal agus cairdeas le mothú arís i measc bhaill an chumainn, ba chuma más sa Nua-Shéalainn nó sa bhaile a bhíodar. Mar sin, ar Lá Fhéile Stiofáin, den chéad uair le fada an lá, beidh seomraí feistis an chumainn lán arís.

Tá an físeán le feiceáil ag: http://www.youtube.com/watch?v=AXXkaP4oK00