Iománaithe ar an chlaí

Tá polaiteoirí faoi dhraíocht ag a gcuid aislingí samhraidh féin


Chuir Scoil Samhraidh MacGill tús breá le séasúr na seafóide ina dtugtar sos don bpobal ó ghleo na Dála.

Bhí Michael McDowell, iománaí ar an gclaí anois, ag tabhairt nod dá raibh i láthair go mbeadh sé sásta teacht ar ais ar pháirc na himeartha – dá mbeadh an t-ádh orainn.

Bhí Pearse Doherty TD ann ag samhlú an domhain de réir Candide ina mbeadh Sinn Féin i rialtas gan Fhianna Fáil agus Fine Gael.

Ar ndóigh, bhí Lucinda Creighton ann chun fáithim mhealltach eile dá gúna gearr polaitiúil a thaispeáint a bhainfeadh ceannlíne as nuachtán éigin.

READ MORE

Is iontach go gcuirfeadh iriseoirí spéis fós i “bpáirtí nua” a bhfuiltear ag caint faoi le bliain.

Ní amháin sin ach in ainneoin an méid a bhí le rá ag Frank Flannery, má tá bearna sa margadh, ní ar an eite dheis atá sé.

Ach lena ceart a thabhairt di, níl le déanamh ag Lucinda ach nod míshoiléir éigin a scaoileadh agus beirtear ar chomhfhreagróir bocht eile.

Is í cailín deas crúite na mbolscairí í.

Ach ar a laghad ar bith, tá an t-ábhar ceart á phlé acu mar is léir go bhfuil an Rialtas féin ag ullmhú le haghaidh an chéad toghcháin eile.

Tá borradh nua faoi Fhine Gael /Lucht Oibre agus tar éis na hoibre crua gan bhuíochas chun an eacnamaíocht a dheisiú, níl siad chun cumhacht agus torthaí a gcuid oibre-se a ghéilleadh d’Fhianna Fáil nó do Shinn Féin.

Glactar leis anois go mbeidh ciorrú níos lú ná an €2bn a bhí leagtha amach de dhíth i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair.

Is leis sin agus leis na ciorruithe cánach a cheadaíonn sé a thosóidh feachtas aiséirí an chomhrialtais.

Is féidir leo a mhaíomh gur thug siad an Stát ar ais ó imeall na haille agus gur féidir muinín a bheith ag an bpobal astu chun an obair sin a chríochnú go coinsiasach.

I gcomparáid leo, déarfaidh siad nach féidir aon mhuinín a bheith ag daoine as Fianna Fáil a scrios an eacnamaíocht ná as Sinn Féin a bhfuil polasaithe flaithiúlacha acu a d’fhágfadh ar ais san fhaopach muid.

Bí ag súil le dea-scéala amach anseo.

Más ar Pháirtí an Lucht Oibre a bhí Pearse Doherty ag smaoineamh mar leathbhádóir ag Sinn Féin i gcomhrialtas nua, déarfadh Joan Burton go bhfuil dul amú air.

Tá an Lucht Oibre meáite ar theacht ar ais go láidir le Fine Gael.

Go híoróineach, fágann sé sin Sinn Féin agus Fianna Fáil, dhá mhac de shliocht an tseanpháirtí Sinn Féin, a bhfuil níos mó i gcoitinne acu ná mar a shíleann siad.

Tá sé uile ag brath ar bheannacht na vótóirí. Ach cé a bheadh i gceannas?

Raic Cois Life Raconteur den scoth a mbíodh sárchumas aige chun scéal a mhaisiú ab ea an t-údar agus iarcholúnaí an nuachtáin seo, Breandán Ó hEithir.

Tharla rud le déanaí a thug scéal a d’insíodh Breandán chun cuimhne.

Nuair a bhíodh sé ag obair do Scéala Éireann (Irish Press dár léitheoirí óga) ar Ché an Bhúrcaigh, ba ghnáthach le hardbhainisteoir an chomhlachta, an Maor Vivion de Valera TD, cuairt a thabhairt go rialta ar na hoibrithe óna cheanncheathrú maisiúil ar Shráid Uí Chonaill.

Ghabhadh sé oifig an eagarthóra chuige féin fad is a bhíodh sé ann, oifig dara hurlár a raibh radharc breá ar abhainn na Life díreach amuigh aisti.

Le linn tréimhse chorrach nuair a bhí rialtas a athar Éamon i ngleic leis an IRA agus á chur faoi chois gan trócaire, bhí caint ann nár aontaigh cuid den bhfoireann le polasaí an rialtais ná le heagarfhocail an nuachtáin.

Ach ba bhinn béal ina thost taobh istigh.

Lá amháin bhí an Maor ag breathnú amach as fuinneog na hoifige nuair a thug sé faoi deara píosa caca daonna ar leac na fuinneoige.

Láithreach, de réir Uí Eithir, rith sé leis gur cineál agóide a bhí ann, “agóid shalach”, más maith leat, in aghaidh pholasaí an pháipéir.

D’ordaigh sé fiosrú. Tugadh na feidhmeannaigh, Breandan é féin ina measc, isteach san oifig agus cheistigh an Maor iad faoi. Chuaigh sé ó dhuine go duine ag fiafraí “Bhfuil aon eolas agatsa faoi seo?”

Bhí sé seo chomh barrúil sin nach raibh Breandán in ann é féin a choinneáil faoi smacht a thuilleadh – d’imigh an gáire air. “Mar Árannach, ” a deireadh sé, “d’aithnigh mise láithreach cén scabhaitéir a bhí ciontach ….faoileán a bhí tar éis rud suimiúil a fheiceáil san abhainn amuigh agus a thug aníos go dtí an fhuinneog chun scrúdú níos géire a dhéanamh air”.

Más buan mo chuimhne, mhínigh sé a theoiric don Maor agus ba mhór an faoiseamh dósan é.

Ach bí cinnte go raibh fonn mioscaiseach ar Bhreandán ligint don “Inquisition” seo leanúint ar aghaidh ar feadh seachtaine, bhí an oiread sin suilt le baint as.

Sa tSeanad coicís ó shin, dúirt an Seanadóir Ned O’Sullivan go gcaithfí rud éigin a dhéanamh faoi na faoileáin thart ar an Life mar go mbíonn siad ag sciobadh bia nó uachtar reoite as lámha leanaí ar na céanna agus ag cur daoine áitiúla ó chodladh na hoíche lena ngrágaíl.

Ní inniu ná inné, a Ned, a thosaigh faoileáin bhradacha na Life raic a spreag polaiteoir chun barrúlachta!