Gradam an Phiarsaigh do Labhrás Ó Murchú

Ar Ardstiúrthhóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus duine de bhunaitheoirí Fhondúireacht an Phiarsaigh, Labhrás Ó Murchú, a bronnadh Gradam an Phiarsaigh i mbliana. Agus é ag bronnadh an ghradaim, mhol uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl, an obair mhór a rinne Comhaltas Ceoltóirí Éireann le cúis an cheoil thraidisiúnta a chur chun cinn; bhí “fás agus forbairt iontach ar cheol traidisiúnta na hÉireann, ní hamháin in Éirinn féin, ach i dtíortha scaipthe ar fud an domhain”. Bronnann coiste neamhspleách Gradam an Phiarsaigh ar dhaoine a mheasann siad iarracht mhór bheith déanta acu le hidéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn i gcúrsaí oideachais, ealaíne, litríochta nó cearta sibhialta.