Fobhríste is faoiseamh

Tá an reifreann thart ach níl deireadh leis an agallamh Albanach


Cad a chaitheann an tAlbanach faoin fhilleadh beag?

Ceist í seo atá á cur leis na cianta cairbreacha ach tá an rún scaoilte anois ag cartún a bhí i gcló sa nuachtán The Herald Dé hAoine seo caite.

Is cosúil má tharraingítear feisteas traidisiúnta an Albanaigh in airde go mbíonn fobhríste le brat na haontachta á chaitheamh faoi!

Breithiúnas cruálach é seo ar phobal na hAlban, ach seans gur léiriú paiteanta é fosta ar aeráid pholaitiúil na tíre.

READ MORE

Bhí idir dhíomá agus náire le brath ar shráideanna Dhún Éideann ina measc siúd a thacaigh le neamhspleáchas.

Ní raibh aon amhras ar léiritheoir óg teilifíse san earnáil neamhspleách a labhair liomsa, cé air a raibh an milleán.

“Thréig Páirtí an Lucht Oibre muid in am na cinniúna,” a dúirt sí. “Chuir siad a dtodhchaí féin chun cinn ar thodhchaí na tíre agus ní dhéanfar dearmad air sin sa chéad olltoghchán eile.”

Tá 41 Feisire Parlaiminte Westminster ag an Lucht Oibre in Albain faoi láthair (as 59 toghcheantar) agus is cinnte go rachaidh sé dian orthu iad uilig a choinneáil i bhfianaise an vóta aird a caitheadh ar son an neamhspleáchais i mórcheantar Ghlaschú, croílár traidisiúnta tacaíochta an pháirtí.

Tuairiscítear gur chláraigh 5,000 ball úr leis an SNP thar an deireadh seachtaine.

Ar “thuairisceoireacht chlaonta” an BBC a bhí an locht, dar le mac léinn dochtúireachta a casadh orm. “Léirigh an stáisiún gur chorpráid aontachtach é seachas craoltóir neamhspleách,” dar leis.

(Go deimhin tá fiosrúchán á lorg ag náisiúnaithe áirithe faoin “chlaontuairim” a deir siad a léirigh an stáisiún in éadan neamhspleáchas na hAlban, rud atá séanta go láidir ag an BBC.)

Dúirt sé go raibh náire an tsaoil air faoin toradh nuair a mhúscail sé maidin Dé hAoine ach go raibh athrú intinne ag teacht air de réir a chéile: “Ní thig le héinne a shéanadh gur vótáil 1.6 milliún duine in Albain ar son an neamhspleáchais agus gur léirigh “dara cathair na himpireachta” an meas a bhí acu ar an aontas.”

Dúirt bean eile a d’fhill as Meiriceá le tacú le feachtas an neamhspleáchais gur thuig gluaiseacht na saoirse ariamh anall go mbeadh orthu reifreann amháin a chailliúint sula bhfíorófaí a bhfís.

84 bliain d’aois atá sí ach tá sí dóchasach go mbeidh Alba neamhspleách ann sula gcaillfear í, a dúirt sí.

Bhí fonn ceiliúrtha, áfach, ar lucht leanta Glasgow Rangers agus iad ag tabhairt aghaidh ar Recreation Park Dé Sathairn seo caite dá gcéad chluiche sraithe in éadan Alloa Athletic le 92 bliain anuas.

Is i gCúige Chlach Mhannainn atá Alamhagh, ceantar a bhí luaite go láidir mar chroílár an neamhspleáchais roimh an reifreann.

Bhí dianshlándáil i bhfeidhm i bhfianaise na círéibe a tharla an oíche roimhe sin i bhfaiche Sheoirse i nGlaschú idir dílseoirí agus náisiúnaithe.

Ach ní raibh aon chúis bhuartha an iarraidh seo. Mar a tharlaíonn sé vótáil tromlach na ndaoine i gClach Mhannainn (54 faoin gcéad) in éadan an neamhspleáchais.

Thapaigh lucht tacaíochta na Ruagairí le hachan deis, áfach, chun soncanna tarcaisneacha a thabhairt dá gcéilí comhraic. “We’re still British, and so are you,” a bhí á cheol ar chéimeanna na gcuairteoirí.

Cé gur chríochnaigh an cluiche ar comhscór, bhí atmaisféar meidhreach seachas bagarthach i measc lucht leanta na Ruagairí.

Dúirt duine de na póilíní a bhí ar dualgas liom go raibh lúcháir agus faoiseamh ar achan nduine in Albain go raibh deireadh tagtha leis an fheachtas fadálach reifrinn: “Níl éinne ag iarraidh labhairt faoin cheist a thuilleadh. Tá muid ag iarraidh pilleadh ar ghnáthimeachtaí an tsaoil agus ar an Chorn Ryder ach go háirithe.”

Saoithiúil go leor bhí an port céanna á sheinm ag lucht tacaíochta an dá thaobh den cheist choigilteach seo.

Mar a bheifeá ag súil leis, bhí meascán tuairimí á nochtadh fosta faoi Alex Salmond, a d’fhógair go mbeadh sé ag éirí as oifig tar éis an reifrinn.

Polaiteoir slítheánta nach raibh le trust a bhí ann, dar le fear amháin a labhair liom.

Ba bheag bá a bhí ag an “móramh ciúin” leis agus sin í an chúis gur theip ar an fheachtas, a dúirt sé.

Ar an taobh eile, bhí daoine ag cásamh imeacht cheannaire a sheas go láidir ar son a chuid prionsabail in éadan fórsaí na bunaíochta, idir pháirtithe polaitiúla agus mhórchomhlachtaí gnó.

Dúradh faoin iar-Thaoiseach, Charlie Haughey, tráth go raibh sé chomh beannaithe lena chuid naimhde is a bhí sé mallaithe lena chuid cairde.

Ar an dóigh chéanna, ní thiocfadh le Alex Salmond céilí comhraic níba fhearr a roghnú idir bhoicíní ardnósacha dheisceart Shasana – Cameron, Clegg, Osborne agus Miliband – agus an té a bhí i gceannas ar státchiste na Breataine le linn an chliseadh eacnamaíochta i 2008 – Alistair Darling.

I ndeireadh ama, is cuma cé acu atá an ghráin dearg nó ardmheas agat ar Salmond nó nach bhfuil, ní thig le héinne a shéanadh gur éirigh leis ceist an neamhspleáchais a bhogadh ó aisling aduain lucht caite an bhréidín go croílár an dioscúrsa náisiúnta. Ní beag sin.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap; bhí sé in Albain le linn an reifrinn