Fáilte roimh an pholasaí oideachais – Conradh na Gaeilge

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh inné agus mhol siad an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan T.D., as “an chéim chun cinn fíorthábhachtach seo a ghlacadh”.

Dúirt uachtarán an chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill gurbh “ábhar dóchais é go raibh an Rialtas ag tosú faoi dheireadh ag tabhairt faoi dhúshlán oideachas na Gaeltachta agus go raibh tuairimí an phobail le tabhairt faoi deara cheana féin sa dréachtpholasaí”.

Mar sin féin, bhí sé riachtanach go gcuirfí forbairt an pholasaí i gcrích go tapa, go gcuirfí i bhfeidhm mar ba cheart é agus nach mbeadh sé ina “pholasaí leathdhearmadta ag bailiú dusta ar seilf éigin sa Roinn Oideachais amach anseo,” a dúirt sé.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times