‘Díomá’ ar Údarás na Gaeltachta

Aire Stáit na Gaeltachta sásta ‘tríd is tríd’

“Áthas” a bhí ar Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, inné, “tríd is tríd”, go raibh airgead breise aige sa cháinfhaisnéis, “i roinnt cásanna”, leis an teanga a chur chun cinn. Mar sin féin, “díomá” an focal a bhí le cluinsint aige faoi na cúrsaí céanna agus é ag caint i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta maidin inniu.

“Díomá” an focal a bhí in úsáid ag Údarás na Gaeltachta fosta. Bhí buiséad €17.485 milliun le bheith acu do 2015, an tsuim chéanna a fuarthas anuraidh. Bíodh sin mar atá, thug an t-eagras le fios i ráiteas go raibh siad buartha nach raibh ardú ar bith ar a mbuiséad caipitil €5.687 milliún in ainneoin “iarrachtaí leanúnacha” cur leis. Ní raibh “an soláthar caipitil seo dóthanach chun an fhostaíocht sa Ghaeltacht, atá ag sleamhnú le cúpla bliain anuas, a mhéadú nó an t-infreastruchtúr gnó atá easnamhach a athfhorbairt ar mhaithe le tograí nua-aimseartha a mhealladh chun na Gaeltachta”.

Chuir siad fáilte roimh ráiteas an Aire Stáit go leanfadh sé leis ar lorg breis acmhainne.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios go raibh beagnach €42 milliún ar fáil don bhliain 2015 do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, i dteannta “€13.44 milliún breise don Fhoras Teanga” – “figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga”.

READ MORE

Thug uachtarán an chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill, “teip” ar an cháinfhaisnéis; léirigh “teip an Rialtais buiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta a mhéadú nach raibh siad dáiríre faoi fhorbairt eacnamaíochta na Gaeltachta. Gan forbairt eacnamaíochta suntasach, beidh gach bonn bainte ó aon iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga an phobail sna ceantair seo. Caithfidh an Rialtas gníomhú láithreach agus an maoiniú caipitil de €12 milliún atá molta ag Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil dóibh”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times