Cruinniú ‘dearfach’

Comhpháirtíocht le forbairt – Foras na Gaeilge

Bhí cruinniú “dearfach” ag Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí, a thug an foras le fios i ráiteas maidin inniu. Bhí an t-eagras ag tabhairt freagra ar ghearán na gceanneagraíochtaí inné go raibh “géarchéim” in earnáil na teanga.

Dúirt an foras go ndearnadh “plé cuimsitheach ar mhórán ceisteanna” a bhain leis an phróiseas athchóirithe agus gur tháinig na grúpaí “ar réiteach a bhí i sásamh na bpáirtithe éagsúla ar bhealach chun cinn iontu”. Dhéanfadh an foras “cinntí i leith soláthair maoinithe do na ceanneagraíochtaí gan mhoill” agus leanfaí ar aghaidh le cruinnithe idir an foras agus na ceanneagraíochtaí “leis an chur chuige comhpháirtíochta a fhorbairt”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times