Comhdháil dhátheangach ar an Ghorta Mór i mBéal Feirste

Impleachtaí an Ghorta ar an teanga le plé

Beidh comhdháil mhór “An Droim Deileoir/The Great Famine and Language” ar siúl i mBéal Feirste ag deireadh mhí an Mhárta.

Is i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na cainteanna.

Ar na haoichainteoirí a bheas ann, beidh an staraí Cormac Ó Gráda agus an criticeoir Terry Eagleton.

Is é Ó Gráda a thabharfaidh chéad léacht na comhdhála, "Léann an Ghorta: súil siar, súil romhainn" agus seolfar leabhar dá chuid, Eating People is Wrong and Other Essays on Famine, its Past and its Future (Princeton University Press).

READ MORE

Labhróidh Eagleton ar "Words and Bodies" agus seolfar An Irish-Speaking Island (University of Wisconsin Press) le Nicholas Wolf le linn na comhdhála.

Leabhar é seo atá i mbéal an phobail mar gheall ar an léargas nua a thugann Wolf ar chúrsaí Gaeilge in Éirinn idir 1770 agus 1870.

Dúirt duine de na heagraithe, An Dr Fionntán de Brún, Ollscoil Uladh, gur áiríodh “an Gorta Mór ar na tubaistí is mó a bhain do mhuintir na hÉireann ach áirítear fosta é ar na tubaistí is mó a bhain don Ghaeilge.

“Chuige sin a thiocfaidh scoláirí as Éirinn, an Ríocht Aontaithe agus S.A.M. le chéile don chomhdháil dhátheangach seo ina bpléifear impleachtaí iomadúla an Ghorta Mhóir i gcúrsaí teanga agus léirithe de réir réimse peirspictíochtaí agus disciplíní.

“Beidh trácht ann ar fhoinsí comhaimseartha sa litríocht agus san amhránaíocht agus ar mhórán foinsí a tháinig chugainn ina dhiaidh sin”.

Beidh léar mór scoláirí Gaeilge ag caint fosta: Meidhbhín Ní Úrdail, UCD; Ríona Ní Fhrighil agus Lillis Ó Laoire, Gaillimh, agus Breandán Mac Suibhne, Centenary College, New Jersey.

Tosóidh an ócáid Déardaoin 26ú Márta agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an Satharn 28ú, Márta. Eolas: www.androimdeileoir.eventbrite.com

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times