Chutzpah ceannaire

Tá cineál séamafór súl ar siúl ag Mary Lou leis an mbinse taobh léi


An bhfuil ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin tar éis a pháirtí a chur i gcoirnéal nach bhfuil aon éalú as? Nó an bhfuil eolas éigin aige nach bhfuil ag an gcuid eile againn?

Is duine stuama staidéarach é an Máirtíneach nach ligeann don dóchas an lámh is fearr a fháil ar an gciall de ghnáth.

Aithnítear go hiondúil go mbíonn sé ag caint as taithí fhada pholaitíochta.

B’fhéidir gurb í sin an chúis go bhfuil a lán tráchtairí mearaithe ag na ráitis uaidh faoina mhian a bheith ina Thaoiseach tar éis an toghcháin gan aon mhíniú ar conas is féidir leis é a dhéanamh.

READ MORE

Fiú má ghlactar leis go gcaithfidh ceannairí polaitiúla dul i mbun buaileam sciath in aimsir toghcháin, is dána an mhaise dó a bheith ag maíomh go bhfuil a leithéid indéanta gan Fine Gael nó Sinn Féin a bheith mar leathbhádóir aige. Tá “dánacht” ann agus ansin, tá an rud ann ar a dtugann na Giúdaigh “chutzpah” air – dánacht ar stéaróidigh.

Is chutzpah é seo.

In agallamh corrach le Seán O’Rourke ar RTÉ Radio 1, rinne sé a sheacht ndícheall an cheist a sheachaint agus aird a mhealladh go hábhar éigin eile.

Cháin sé iriseoirí as an mbéim leanúnach a chur ar an ngné sin amháin den toghchán agus gan labhairt faoi pholasaithe.

B’fhánach dó. Chuaigh O’Rourke crua air agus gan fiacail a chur ann, dúirt leis go raibh an mhaíomh go bhféadfadh Fianna Fáil teacht i gcumhacht leo féin neamhréalaíoch. D’fhreagair an Máirtíneach gurbh iad an pobal a dhéanfadh an cinneadh faoi cé a bheadh i rialtas.

Fógraíodh sos cogaidh ansin le plé ar pholasaithe ach is beag éisteoir nár chuala an mhífhoighid agus an eagla a bhí i nguth an Mháirtínigh.

Rugadh amach air agus é ag cosaint seasamh toghchánaíochta atá dochosanta.

Dá mbeifeá i bhFianna Fáil, bheifeá buartha faoin íomhá atá á craobhscaoileadh go bhfuil an páirtí ar nós cuma liom faoin toghchán seo a bhuachaint agus go bhfuil straitéis ann chun díriú ar an gceann ina dhiaidh.

Caithfidh agus iad ag dul ó dhoras go doras, caithfidh go bhfuil a lucht canbhasála ag iarraidh ceisteanna ón bpobal faoi seo go háirithe a fhreagairt.

Is féidir leis an Máirtíneach a bheith ag gearán faoi spéis eisiach iriseoirí sna roghanna iar-thoghcháin ach ar bhealach is air féin atá an locht.

Nuair a d’fhógair sé nach rachadh sé i gcumhacht le Fine Gael nó le Sinn Féin, d’fhág sé báta i lámh an Rialtais lena pháirtí féin a bhualadh.

Níor ghá don Rialtas ach a mhaíomh nach raibh aon rogha eile rialtais ann. Is é sin díreach an rud a rinne siad agus leoga, is é sin an chloch is mó ar a bpaidrín anois.

Tá leid tugtha le deireanas arís nach bhfuil Fianna Fáil curtha ó dhoras go hiomlán ag Sinn Féin, go bhfuil cineál séamafór súl ar siúl ag Mary Lou leis an mbinse taobh léi.

Ach fad is a bhíonn an Máirtíneach ag stiúradh straitéis Fhianna Fáil is rás do cheannas an fhreasúra a bheidh eatarthu.

Renua réidh agus toilteanach

I gcoirnéal eile den margadh, tá a gcuid earraí curtha amach ar an seastán ag Renua sa deireadh. Ní amháin sin ach tá siad á dtairiscint féin mar pháirtnéir rialtais.

Is iar-Aire agus iarbhall d’Fhine Gael í Lucinda Creighton a bhunaigh an páirtí agus atá anois ina ceannaire air. Ní nach ionadh, tá a gcuid polasaithe ar aon dul le meon Fhine Gael ach téann siad i bhfad níos faide.

D’fhéadfá a rá go gcuireann Renua an “deas” sa lipéad “eite dheas”.

Theastaigh polasaí spleodrach mór amháin a léireodh idirdhealú idir iad agus Fine Gael agus, dar fia, thug siad ceann dúinn – bunráta cánach 23 faoin gcéad.

Is polasaí an-dheas agus an-mhealltach é seo dóibh siúd atá ag saothrú pá an-mhaith.

Ach níor míníodh go mion díreach cad as a dtiocfadh an t-airgead le haghaidh na flaithiúlachta iontaí seo?

An spreagfadh ráta chomh híseal daoine chun breis oibre a dhéanamh? Nó an spreagfadh sé daoine atá ag éalú ó cháin faoi láthair chun í a íoc? Cé hiad eile sa bpobal a d’íocfadh as?

Níorbh fhada go bhfuaramar amach. Is cosúil gur eisigh na Coimisinéirí Ioncaim tuairim go dteastódh an bunráta sin méadaithe faoi dhó chun teacht isteach reatha an Stáit a choinneáil.

Mar bharr ar an olc, cháin beirt eacnamaí chlúiteacha, Brian M Lucey agus Karl Whelan, an polasaí mar mholadh a bhí fabhtach agus a rachadh go príomha chun leas lucht rachmais.

Cáineadh an príomhpholasaí spleodrach eile a d’fhógair Renua chomh maith, is é sin, go ngearrfaí pianbhreitheanna sainordaitheacha ar choirpigh a gheofaí ciontach i gcoireanna áirithe trí huaire.

Faoi láthair, tá daoine ciontaithe á scaoileadh as príosún tar éis cúpla uair an chloig. Chuirfeadh moladh Renua leis an ngeamaireacht.

Níor choinnigh an cáineadh sin Lucinda Creighton ó chamchuairt na meán craolta, lá i ndiaidh lae.

Dá ndéanfaí meastúchán ar thacaíocht Renua ar na huaireanta craolta a fhaigheann siad, bheadh siad ar 30 faoin gcéad.

Sin bua agus teacht aniar a gceannaire – agus sin an áit a bhfuil fadhb an pháirtí, níl ann ach Lucinda. Splanc dhóchais di go ndeir an tAire Sláinte Leo Varadkar go gcuirfeadh seisean fáilte agus fiche ar ais roimh Renua.