Cainteoirí Breatnaise ar lorg chothrom na Féinne

Sé pholasaí nua de dhíth – Cumann na Breatnaise


Ní in Éirinn amháin atá gluaiseachtaí teanga ag dul i mbun gníomhartha d’fhonn cothrom na Féinne a bhaint amach.

Ghabh gníomhaithe ó Chymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) seilbh ar oifigí rialtais i gCaerdydd Dé hAoine 25ú Aibreán, agus lá roimhe sin, gabhadh cathaoirleach an chumainn, Robin Farrar, as na focail “déanaigí beart” agus “sé rud” a phéinteáil sa Bhreatnais ar bhalla na n-oifigí céanna.

Neamart an rialtais sa Bhreatnais is cúis leis na hagóidí is déanaí, dar le Cymdeithas yr Iaith. D’eagraigh rialtas na Breataine Bige comhairliúcháin chun todhchaí na Breatnaise a phlé i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, tar éis gur léirigh an daonáireamh go raibh ag laghdú ar líon na gcainteoirí. Bíodh is gur cuireadh sraith moltaí chun cinn d’fhonn staid agus stádas na teanga a neartú, maíonn an Cymdeithas nach bhfuil aon iarracht déanta ó shin chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm.

A mhalairt atá fíor – ní dhearnadh tagairt ar bith don Bhreatnais sa dréacht-Bhille Pleanála. Agus, mar a mhíníonn Farrar, faoin am seo, tá foighde phobal na teanga rite.

READ MORE

Mar aisfhreagra ar an ghéarchéim a nocht an daonáireamh, sheol Cymdeithas yr Iaith feachtas ag iarraidh ar an rialtas sé pholasaí nua a chur i bhfeidhm (na “sé rud” a ndearnadh tagairt dóibh sa ghraifítí): oideachas Breatnaise do chách; cothroime airgeadais don Bhreatnais; riarachán inmheánach trí mheán na Breatnaise; slatanna tomhais d’fhonn cearta soiléire a chinntiú; córas pleanála a bheidh le leas an phobail agus an Bhreatnais ag croí forbairt inbhuanaithe

Mar a fheictear, straitéis chuimsitheach atá i gceist, a chuimsíonn cúrsaí oideachais, ceisteanna pleanála/tithíochta, seirbhísí dátheangacha agus maoiniú, agus a bhfuil sé d’aidhm aici an Bhreatnais a thabhairt ón bhearna bhaoil agus a todhchaí a shlánú do na glúnta atá le theacht.

Níl i ngabháil na n-oifigí rialtais ach an chéim is déanaí i bhfeachtas leanúnach – feachtas a chuimsíonn idir achainíocha, léirsithe agus “gníomhaíocht díreach” (i. gníomhartha neamhdhleathacha ach síochánta).

Téann stair na gníomhaíochta dírí i measc gluaiseachtaí Breatnaise i bhfad siar agus tá ainm amuigh ar na Breatnaigh agus ar an Chymdeithas as a dhíograisí agus a dhaigne is a bhíonn siad agus iad ag seasamh an fhóid ar son a gceart.

Bunaíodh Cymdeithas yr Iaith in 1962 arna spreagadh ag léacht dár teideal “Cinniúint na Teanga” a thug Saunders Lewis ar BBC Wales i ngeimhreadh na bliana sin, inar mhol sé gur ghá do lucht na Breatnaise dul i muinín “modhanna réabhlóideacha” dá mb’áil leo an teanga a shábháil ón uaigh.

Ó shin i leith, bhí an Chymdeithas i dtús cadhnaíochta san iliomad feachtas agus tá léirithe acu nach leisc leo dul i muinín na gníomhaíochta dírí, mar shampla, an suí istigh, stailceanna ocrais, bacanna bóithre agus loitiméireacht. Bhí na céadta ball den ghrúpa os comhair na cúirte mar gheall ar a leithéid de ghníomhartha.

Is cinnte nach bhfuil cách i bpobal na Breatnaise i bhfách le gníomhaíocht díreach agus ní ghlacann gach ball den Chymdeithas páirt inti ach oiread. Is deimhin nach bhfuil a leithéid de chur chuige radacach gan fhadhb gan trácht ar na himpleachtaí tromchúiseacha dóibh siúd a dhaortar.

Mar shampla, in áiteanna sa Bhreatain Bheag, tá scoilt le sonrú idir pobal na Breatnaise agus lucht an Bhéarla agus an-doicheall ar sciar de na Béarlóirí i leith chainteoirí Breatnaise.

Mar sin féin, tá tacaíocht sách leathan ag Cymdeithas yr Iaith i measc phobal na Breatnaise agus deir an ghluaiseacht gurb iad na feachtais s’acu ba chúis le cuid mhór den dul chun cinn a chonacthas le blianta beaga anuas.

I measc na rudaí a baineadh amach mar thoradh ar fheachtasaíocht na Cymdeithas, áirítear: comharthaí dátheangacha bóithre, cainéal teilifíse (S4C), Acht Breatnaise, stádas oifigiúil don Bhreatnais agus coláiste ardoideachais lán-Bhreatnaise.

Ag deireadh an lae, is cuma cibé na modhanna a chleachtaíonn na gluaiseachtaí teanga, is é an cuspóir céanna atá ag lucht na Breatnaise agus pobal na Gaeilge. Leagann an Chymdeithas a méar air i sluán dá cuid: “dwi eisiau byw yn Gymraeg” – is é sin, “ba mhaith liom maireachtáil trí mheán na Breatnaise”.

Nach é sin atá ó lucht na Gaeilge freisin?