Buille na ballóide

Tá toghchán amháin thart agus obair ar siúl don chéad cheann eile


Cinneadh Eamon Gilmore seasamh ar leataobh mar cheannaire an Lucht Oibre mórscéal na seachtaine seo.

Ach, ar ndóigh, is de bharr an tsléachta ar a pháirtí i dtoghcháin na seachtaine seo caite a rinne sé an cinneadh sin.

Cé go raibh sé follasach go raibh míshástacht sa pháirtí fiú sular caitheadh aon vóta bhí na torthaí sna toghcháin chomh tubaisteach sin gur cuireadh síos dhá rún mhímhuiníne as ceannaireacht Gilmore agus gur bheartaigh sé imeacht.

Fágadh an Lucht Oibre gan aon fheisire Eorpach ach, níos tubaistí fós, tá siad ar an ngannchuid sna comhairlí áitiúla, le timpeall 50 suíochán.

READ MORE

B’iad na drochthorthaí áitiúla a thug buille maraithe na muice do Gilmore i ndáiríre mar, gan bun maith áitiúil, níl seans ar bith ag páirtí sna toghcháin Dála. Tá a lán Teachtaí Dála sa pháirtí sin an-neirbhíseach anois.

Dúirt Gilmore go leanfadh a pháirtí orthu sa Rialtas ach ní faoi atá sé a leithéid de chinneadh a dhéanamh.

Nuair a thoghtar ceannaire nua i dtús mhí Iúil is faoin duine sin atá sé todhchaí an pháirtí a phlé leo.

Tá vóta ag gach ball den pháirtí agus beidh iarrthóirí ag leagan amach a bplean do thodhchaí an pháirtí agus cá bhfios céard a chinnfidh na baill.

Ní oirfeadh olltoghchán láithreach, teastóidh roinnt ama ó aon cheannaire nua.

Gan dabht, pléifear gach rogha, ina measc dul sa bhfreasúra agus rialtas mionlaigh a fhágáil faoi Fhine Gael.

Cíorfar freisin an dtabharfadh sin dóthain ama don Lucht Oibre téarnamh sula dtabharfadh an pobal breith orthu arís nó an mb’fhearr leo fanacht sa Rialtas agus dul sa tseans go bhfeabhsódh a dtacaíocht má mhaolaítear ar an déine?

Chuir an pobal teachtaireacht lom ag an Rialtas ar fad. Níl an oiread chéanna cainte faoi Fhine Gael ach tá siad gonta go dona.

Beidh ar an bpáirtí sin dianchíoradh a dhéanamh ar na torthaí agus ar theachtaireacht an phobail.

Cé gur thug Fine Gael na sála leo sna toghcháin Eorpacha ní hamhlaidh sna comhairlí áitiúla, áit a raibh breis suíocháin ar fáil ach gur chaill siad os cionn 170 den líon a bhí acu i 2009. Titim Is titim thubaisteach é sin agus ceannasaíocht caillte anois acu ar a lán comhairlí.

Ní leor anois dóibh a bheith ag caint faoi theachtaireacht an phobail caithfidh siad beart a dhéanamh.

Ar chláracha comhairimh le cúpla lá bhí an tAire Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil, Phil Hogan, ag rá nár thuigeadar cé chomh goilliúnach gortaithe a bhí daoine faoi chiorruithe agus táillí uisce agus maoine agus ciorruithe eile déine.

Chaithfeá fiafraí cén pláinéad a raibh seisean air le tamall, chuala mé macalla de Charlie Haughey ag deireadh na 1980í ina chuid cainte.

Tá an pobal spréachta faoi tháillí uisce, cáin maoine, ciorruithe pá, an praiseach a rinneadh faoi chártaí leighis roghnach, easpa cabhrach do mhionghnó, cruthú postanna – gan trácht ar an imní faoin líon den ghlúin óg atá imithe ar imirce.

Bhí an-iontas le blianta beaga nach ndeachaigh pobal na hÉireann i mbun círéibe agus agóide ar shráideanna na tíre.

Choinnigh an pobal a bpúdar tirim go dtí an deireadh seachtaine nuair a scaoil siad urchair.

Muna raibh an Rialtas ar an eolas faoin míshástacht roimhe seo, ba chóir go mbeadh.

Ach níor cheart go mbeadh aon amhras anois orthu – tá sé ráite go neamhbhalbh leo.

Deir an Taoiseach go bhfuil an teachtaireacht cloiste aige, má sea caithfidh sé tabhairt faoi. Tá sé féin leochaileach anois, an-chuid ceisteanna faoina bhreith agus a dhílseacht d’airí áirithe ar nós James Reilly, Phil Hogan agus go dtí cúpla seachtain ó shin, Alan Shatter.

Cuirfidh an toghchán ceannaireachta sa Lucht Oibre moill anois ar athbhreithniú ar bith ar threo an Rialtais agus athrú sa chomhaireacht. Tréimhse an-chorraithe a bheidh ann agus níor mhór don Taoiseach a chuid naimhde a choinneáil gnóthach.

Bhí an lá sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla leis an ngrúpa neamhspleách ar a n-airítear páirtithe beaga agus Sinn Féin.

Tá éacht déanta ag Sinn Féin agus beifear i mbun pleanála láithreach le tógáil ar na torthaí iontacha sna comhairlí agus na trí shuíochán Eorpacha.

Léirigh Fianna Fáil an-dul chun cinn freisin, iad anois ar an bpáirtí is mó sna comhairlí áitiúla.

Cé nár éirigh leo suíochán Eorpach a thógáil i mBaile Átha Cliath, beidh Micheál Martin slán go fóill, shílfeá, mar gheall ar na torthaí áitiúla.

Níl aon amhras ach go mbeidh athruithe móra i ndán sa chéad olltoghchán eile agus an chaint faoi chomhdhéanamh rialtais ina dhiaidh sin tosnaithe cheana féin.