Ar thóir féiríní?

Agus an Nollaig ag teannadh linn, shocraigh Tuarascáil liosta gnólachtaí a fheidhmíonn nó a dhíolann earraí trí nó le Gaeilge a chur le chéile

FOCLÓIR: Má tá mil ar an mbia agat - if you relish your food; seascaireacht - cosiness/snugness; ag druidim linn - drawing near; gnóthas - business enterprise; suathaireacht - massage; dearbháin - vouchers; maróga Nollag - Christmas pudding; ceardaí - artisan; biotáillí ghinéive - gin; drioglann - distillery; úrscéal - novel; seanchaí - traditional storyteller; faoiste - fudge.

Má tá mil ar an mbia agat nó más ar thóir seascaireachta agus éadaí deasa teo don gheimhreadh atá tú, tá leat! Agus an Nollaig ag druidim linn, shocraigh Tuarascáil ar eolaire gnólachtaí a fheidhmíonn nó a dhíolann earraí/seirbhísí trí nó le Gaeilge, a chur i dtoll a chéile.

Bia & Deoch

Tigh Chadhain nó Coynes Gastropub & Pantry: Lonnaithe i lár Ghaeltacht Chonamara i gCill Chiaráin. Labhraítear Gaeilge anseo. Tá thrí ghnó ar an láthair anseo, beár, bialann agus An Pantraí, siopa nua ina ndíoltar earraí áitiúila as Conamara agus na Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Eolas: coynesbar@gmail.com Fón: (095) 33409

READ MORE

Margadh na Nollag. Múscraí: Cistí, dearbháin, maróga Nollag, leabhair as Gaeilge, turcaithe saor-raon agus go leor eile. muscrai.org/siopadoireacht

Grá Chocolates: 'Blas an tSonais'. Buaiteoirí sa chatagóir 'Gnó ar Líne' i gcomórtas Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 díoltar seacláidí atá déanta ó lámh an cheardaí. grachocolates.com

Drioglann Oileán Chléire: Réimse mór earraí: ina measc tá biotáillí ghinéive dá gcuid féin. Tá pacáiste Slí an Atlantaigh Fhiáin acu i mbliana ina bhfuil buidéil as drioglainn i nDún na nGall, Conamara, Ciarraí agus Corcaigh. Tá dearadh an bhosca dhá theangach agus tá leabhrán san áireamh ina bhfuil cur síos ann ar na drioglanna agus na táirgí éagsúla. capecleardistillery.com

Grúdlann na nDéise: Grúdlann neamhspleách é seo a thairgíonn beoir agus leann ar ard chaighdeán. Is féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Jen nó le Cormac. dungarvanbrewingcompany.com

Four Provinces: 'Beoir na nGael' a thugann na húinéirí ar a gcuid beorach - agus, le hainmneacha ar nós Gob Fliuch, Láidir agus Fad Lae acu ar a gcuid beorach, ní maíomh gan údar é. Cloistear Gaeilge go minic sa teach tábhairne atá acu i gCamaigh, Baile Átha Cliath 6. facebook.com/fourprovincesbrew

Sliabh Liag: Bunaíodh Driogairí Shliabh Liag in 2017. Ó shin i leith tá siad tar éis biotáillí nua a dhriogadh - ina measc tá An Dúlamán (Biotáille Ghinéive) Silkie (fuisce) agus Assaranca Vodka. sliabhliagdistillers.com

Tigh Áine: Dánlann agus bialann i mBaile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí. Bíonn bia úr den scoth ón gceantar máguaird sa bhialann. tigaine.com

Man of Aran Fudge: Rugadh agus tógadh Tomás Póil ar Inis Oírr, Oileáin Árann i gCuan na Gaillimhe. Táirgeann sé suas le 24 cineál éagsúil faoiste. manofaranfudge.ie

Bréagáin

Cluiche.ie: Cluichí boird & Míreanna Mearaí - ina measc tá Crannóg, Líon na Bearnaí, Nasc agus Biongó Bóthair. cluiche.ie

Udar.ie: Siopa ar líne Ghlór na nGael. Is féidir cuairt a thabhairt (le cabhair Zoom) ar Dhaidí na Nollag anseo! Ní gá ach áit a chur in áirithe. Díoltar cluichí Gaeilge, leabhair agus táirgí eile spraoi ann. udar.ie

Siopa.ie: Suíomh de chuid Gaelchultúr atá anseo atá lán le hearraí Gaelacha. Is féidir cúrsaí Gaeilge a chur in áireamh anseo freisin. Chomh maith leis na leabhair agus na dlúthcheirníní tá cluichí bord le fáil. siopa.ie

Leabhair & Cártaí

Leabhar Breac: Comhlacht foilsitheoireachta é seo atá suite in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara. Imeasc tairiscintí na bliana seo tá Tine na Farraige Duibhe le Tim Armstrong agus aistrithe ag Eoin P Ó Murchú. Leabhar eile is ea Mé Suibhne, athinsint ar Buile Shuibhne, le Fearghal Ó Béarra. leabharbreac.com.

An Mangaire Siúlach: Tá a chroí istigh sna leabhair! Rogha leathan de leabhair ar athdhíol – go leor acu as cló le fada agus gann dá bharr, go leor eile ar leath a luacha. facebook.com/anmangairesiulach1

Coiscéim: Tá níos mó ná 1,500 leabhar foilsithe ag Coiscéim ó bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh an comhlacht in 1980. Ar cheann de na leabhair is déanaí leo tá Síolta le Ciarán Dunbar. Ó Ghaeil Óga Bhaile Átha Cliath go pobal Charn Tóchair is cuntas atá sa leabhar ar iarrachtaí atá á ndéanamh chun pobail Ghaeilge a thógáil agus a neartú. Ar fáil i siopaí leabhar Gaeilge. Eolas: coisceim.ie

Éabhlóid: Tá an foilsitheoir leabhar Éabhlóid lonnaithe sna Doirí Beaga. Tá leabhair acu do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon. Ina measc tá Tairseach, bailiúchán filíochta le Dairena Ní Chinnéide agus Bláth na dTulach, gearrscéalta ó 28 scríbhneoir as Cúige Uladh. Leabhar eile is ea Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill - scéalta béaloidis Mhicí Sheáin Néill, seanchaí as Rann na Feirste, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais. eabhloid.com

Mireog: Cártaí beannachta agus t-léinte le teachtaireachtaí agus manaí sna teangacha Ceilteacha. ga.mireog.ie

An Siopa Gaeilge - Gleann Cholm Cille: Tá féiríní Nollag ar fáil ag An Siopa Gaeilge, Oideas Gael, Gleann Cholm Cille: ina measc tá rogha leabhar do dhaoine fásta agus do pháistí; cártaí Nollag Gaeilge; póstaeir; féilirí; dialann 2022; cluichí boird agus go leor eile.Teagmháil: eolas@siopagaeilge.ie Fón: 074 97 30500 siopagaeilge.ie

Smaointe: Cártaí le beannachtaí as Gaeilge. smaointe.com

Cló Iar-Chonnacht: Lonnaithe sa Spidéal, tá rogha mór ar fáil anseo d'aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar Gaeilge a cheannach mar bhronntanas Nollag. Ina measc sin tá Eachtra ar Oileán na Rún le Brian Ó Broin agus maisithe ag Robert Torrans agus Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta aistrithe ag Micheál Ó Conghaile. cic.ie

An Ceathrú Póilí: Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí. Tá réimse an-leathan leabhar agus earraí ar fáil. anceathrupoili.com/ga/

Futa Fata: Bhuaigh leabhar a d'fhoilsigh Futa Fata i mbliana - an t-úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin - gradam An Post Irish Book Awards le gairid. Imeasc buaiteoirí Ghradaim Liteartha an Oireachtais na bliana seo bhí leabhar eile leo - Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach - a bhuaigh Gradam Réics Carló. futafata.ie

An Siopa Leabhar: Más fáinne atá uait nó leabhar, greamáin, cártaí beannachta, dialanna, dioscaí nó féiríní eile, is fiú cuairt a thabhairt ar shiopa Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. siopaleabhar.com/ga/

Focail Framed: Ealaín agus ceird. Gnóthas beag dhá theangach ar Facebook/Instagram. @FocailFramed

Saorla O'Sullivan: Tá gnóthas beag stáiseanóireachta agus ealaíne ag Saorla. Baineann sí úsáid as ábhar athchúrsáilte agus ní usáideann sí aon phlaisteach sa phróiseas. etsy.com/ie/shop/CeleryRoseStudio

Ceol

Gael Linn: Tá leabhair, dlúth dhioscaí, DVD-anna, áiseanna teagaisc agus a thuilleadh ar fáil anseo. siopa.gael-linn.ie

Mada Rua Píoba Uilleann: Píb uilleann lámhdhéanta, curtha i gceann a chéile leis na hábhair thraidisiúnta is fearr. irishpipes.org

Spóirt agus Sláinte

Seosamh Breathnach: Déantóir camán é Seosamh Breathnach. Tá ceardlann aige ar láthair Na Fianna, club CLG ar Bhóthar Mobhí i nGlasnaíon. facebook.com/hurleyfixer

Sólás na Mara: Is ionad téarnaimh é Sólás na Mara atá lonnaithe ar Ché Helvic i nGaeltacht na Déise. Cuirtear leigheasanna traidisiúnta is chomhaimseartha agus folcadán feamainne is farraige ar fáil in éineacht le fisiteiripe, suathaireacht agus teiripe scéimhe. solasnamara.ie

ÓgaYoga: Cúrsaí agus ceardlanna Yoga. Freastalaíonn Óga Yoga ar dhaoine ar gach aois grúpa ar mhaith leo tabhairt faoin yoga agus an t-aireachas as Gaeilge. ogayoga.ie

Éadach

Buachaill.com: Tá an Ghaeilge fite fuaite sa ghnó ar fad. Tá ainmneacha gach táirge i nGaeilge m.sh. Bun Dearg, Trí, Cúig, Seachtain, Nollaig agus araile. buachaill.com/ga

An Spailpín Fánach: Gnó lán-Ghaelach é seo atá ag soláthar earraí Gaelacha le breis agus 40 bliain. Tá t-léinte, geansaithe, seaicéid, hataí agus t-léinte do chách chomh maith le féiríní agus clúdaithe éadan ar díol. spailpin.com/ga

Baile Clothing: Geansaithe, clúdaithe éadan agus cochaill déanta le hearraí orgánacha áitiúla. baileclothing.com

Cniotáil Inis Meáin Teo: Earraí cniotáilte bunaithe ar éadaí traidisiúnta na n-oileánach agus na timpeallachta. inismeain.ie

Earraí eile

Potadóireacht na Caolóige: I gcroílár Chorca Dhuibhne atá an gnó seo lonnaithe. Tá rogha mór earraí áille crua-chré agus poircealláin ar díol - ina measc tá gréithe, soithí éagsúla, crúiscíní, taephotaí srl. louismulcahy.com

Aoife Dowd: Is ealaíontóir as Conamara í Aoife Dowd. Péinteálann sí pictiúir den timpeallacht i gCathair na Gaillimhe agus i gConamara. aoifedowdartist.com

Clodafoto: Díolann Clodagh Nic Fhionnlaoich téip washi, priontaí agus greamáin ar siopa Etsy. etsy.com/shop/clodafoto

Isimé: Meascán ealaín agus seoda. Tá gach rud lámhdhéanta in Éirinn agus is féidir do ghnó ar fad a dhéanamh i nGaeilge. isimedesigns.com

Siopa an Carn: Bhunaigh Cumann Forbartha Charn Tóchair Co Thír Eoghain an siopa i mí Eanáir 2007 le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí as fud fad na hÉireann a chur chun cinn. siopaancarn.com/ga

Serena Ní Scolaí: Dearthóir agus maisitheoir as Baile Átha Cliath. Tá bailiúchán nua aici 'Sóinseáil' atá bunaithe ar shean bhoinn airgid na hÉireann. Tá sí ag iarraidh ealaín a úsáid mar bhealach chun nasc a dhéanamh leis an teanga. serenascully.com

Saotharlann: Is ealaíontóir, Gaeilgeoir, múinteoir agus Meiriceánach í Kaytria Stauffer. Díolann sí a cuid féilirí féin, mascanna le inscribhinní as Gaeilge orthu, cártaí, greamáin, agus leabharmharcanna ildhaite ar a suíomh idirlíne. saotharlann.com/shop

Siopa Macha: Gach cineál earra ar fáil anseo ó chluichí boird, éadach go smidiú, stocaí agus araile. siopamacha.com

Turas: Cupáin agus táirgí eile ó oirthear Bhéal Feirste. musicglue.com/east-belfast-mission/shop

Rí na Mara: Smideadh agus táirgí eile. rinamara.com

All About Irish: Tá an-tóir ar na cúrsaí Gaeilge a chuireann All About Irish ar fáil d'fhoghlaimeoirí fásta. Chomh maith leis na ranganna eagraíonn siad Club Leabhar ar líne, i gcomhar le Cló Iar Chonnacht. Nárbh dheas an bronntanas an beart sé leabhar a fháil do dhuine agus iad a chlárú don chlub! allaboutirish.ie

Criostal na Rinne: Is ceardlann criostail í Criostal na Rinne sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge. Tá an déantús gearrtha de láimh. criostal.com

As Gaeilge: Is foghlaimeoir Gaeilge í Rachel Brady. Is dearthóir grafaicí í agus bhunaigh sí an comhlacht As Gaeilge i mbliana. Díolann sí a cuid ealaín féin, earraí stáiseanóireachta agus cártaí beannachta. asgaeilge.ie

Gaelg: learnmanx.com

Gàidhlig: brochan.teemill.com

Cymraeg: adrahome.com/cy

Ní liosta críochnúil atá anseo ach más mian leat cur leis, seol teachtaireacht ag tuarascail@irishtimes.com. Tá fáil ar réimse leathan gnóthais eile ag peig.ie/eolaire/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.