An Gréigeach a ghríosaigh Sinn Féin

Athchóiriú nua polaitiúil ar siúl san Eoraip


Ní gach cainteoir eachtrannach a fhaigheann bualadh bos seasta ag ardfheis pholaitiúil. Ach fuair urlabhraí ar son rialtas na Gréige dhá thaispeántas ómóis den chineál sin ag cruinniú bliantúil Shinn Féin i nDoire le déanaí.

Ba mhór an chabhair, ar ndóigh, go raibh Béarla den scoth ag Euclid Tsakalotos. Agus acmhainn grinn aige chomh maith: ghabh sé leithscéal leis na poblachtánaigh sa halla as an dtuin Shasanach a bhí aige, cé gur luaigh sé ag an am céanna go raibh sé pósta le duine Ceilteach.

N’fheadar an úsáidtear an téarma “Euclid” sna scoileanna a thuilleadh ach is duine tábhachtach go leor é Tsakalotos i gceimseata pholaitiúil na Gréige.

Leas-aire do Chaidreamh Eacnamaíocht Idirnáisiúnta san Aireacht Gnóthaí Eachtracha an teideal atá air agus bhí an óráid uaidh dírithe ar an gceangal idir polaitíocht agus geilleagar na hEorpa san am i láthair.

READ MORE

Ábhar teasaí go leor agus níor chuir mo dhuine fiacail ann. Dar leis, tá Syriza na Gréige, Podemos sa Spáinn agus Sinn Féin anseo ina ngnéithe lárnacha den athchóiriú polaitiúil atá ar siúl san Eoraip le cúpla bliain anuas. Deir sé go bhfuil gá leis an athchóiriú seo de bharr nach bhfuil ar chumas na bpáirtithe traidisiúnta breathnú i ndiaidh a lucht leanúna i gcúrsaí pá, fostaíochta agus leasa shóisialaigh.

Diúltaíonn sé don lipéad “pobalachas” ar pholaitíocht den tsórt seo. Ní hionann gean na ndaoine ort agus pobalachas. An mana atá aige ná gur féidir le cothromaíocht shóisialta bheith mar chuid den réiteach - agus ní den bhfadhb - ar ghéarchéim eacnamaíochta. Deir sé go bhfuil rialtas na Gréige ag dul sa tóir ar lucht an rachmais nach n-íocann go leor cánacha - agus guím gach rath orthu leis an obair sin.

D’úsáid sé téarma a chuir cloigín ag bualadh i m’intinn: “New Deal.” B’in an téarma a d’úsáid Franklin D. Roosevelt agus an ghéarchéim eacnamaíochta sna Stáit Aontaithe á réiteach aige sna 1930í.

Deir Tsakalotos go bhfuil “socrú nua” á lorg ón gComhaontas Eorpach chun fiacha na Gréige a réiteach de bharr na drochdhóighe atá ar a lán de na gnáthdhaoine sa tír sin. D’úsáid se focal a chuir cloigín eile stairiúil ag bualadh go hinmheánach nuair a dúirt se go raibh “solidarity” á lorg ag an nGréig ó phobal na hEorpa.

Chuir sé sin i gcuimhne dom an ceannaire Polannach Lech Walesa agus a chuir deireadh leis an gcóras cumannach ina thír féin faoi bhratach na gluaiseachta Solidarnosc. “Meitheal,” a rith liom mar Ghaeilge ar an téarma sin, córas traidisiúnta faoina gcabhraíonn daoine lena chéile. Comhar na gComharsan an lipéad eile atá air agus, mar a thuigim an teachtaireacht ón Uasal Tsakalotos, tá a leithéid de dhíth anois ar bhonn Eorpach.

Is léir go mbreathnaíonn lucht leanúna Gerry Adams orthu féin mar Syriza agus Podemos na hÉireann. I gcás Podemos tá leagan Gaeilge den teideal againn cheana féin: “Is Féidir Linn.” A bhuí sin do Bharack Obama, ar ndóigh, a d’úsáid an mana le linn dó a bheith ar cuairt go hÉirinn ceithre bliana ó shin.

Níl ann ach bliain agus cúpla mí ó bunaíodh Podemos ach bhí suas le 300,000 duine i láthair ag cruinniú a d’eagraigh siad i Madrid ag tús na bliana seo. Tá olltoghchán le reachtáil ag na Spáinnigh sách luath: an 20ú la de Mhí na Nollag an ócáid is deireanaí don vótáil ina gcás siúd.

Dar leis na pobalbhreitheanna, níl mórán idir Podemos agus Páirtí an Phobail, an dream atá mar rialtas sa Spáinn faoi láthair. D’fhéadfadh ceannaire Podemos, Pablo Iglesias, bheith ina phríomhaire i Madrid roimh dheireadh na bliana.

Dar le hIglesias, loic Páirtí Sóisialach na nOibrithe ar na gnáthdhaoine nuair a ghlac siad le polasaithe na déine. Cé mhéid uair a bhfuil an rud ceannan céanna ráite ag Mary Lou McDonald faoin Lucht Oibre s’againne?

Ar nós Shinn Féin, tá go leor cainte sa Spáinn go mb’fhéidir go ndéanfadh Podemos socrú comhrialtais le dream no dreamanna eile amach anseo.

Is léir go bhfuil meon nua reibiliúnach anseo in Éirinn agus in áiteanna eile san Eoraip. N’fheadar cé chomh fada is a mhairfidh an spiorad sin ach d’fhéadfaí Podemos agus Sinn Féin beirt a fheiceáil i rialtas sar i bhfad.

Ansin b’fhéidir go bhfeicimis an fhírinne atá sa mhana cáiliúil ag an bpolaiteoir Meiriceánach, Mario Cuomo, a dúirt tráth: “Bíonn tú i mbun feachtais tré fhilíocht, ach bíonn tú ag rialú tré phrós.