Aire! Airí ag trasnú

De cheal gúgal a bheith ag obair faoi láthair is i dtaobh lem sheanchuimhne atáim

Ar éigean ar mhó an spraoi a bhainfeá as Sorcas Duffy seachas a raibh ar siúl le seachtain anuas maidir le cluiche dísle chaitheamh na n-airí in airde le déanaí. Bhí an gheonaíl le cloisint cois Sionna, cois Leamhain, cois Suca, cois Siúire, cois Choirbe, áit ar bith a raibh deich gcinn de ladhraicíní cos ag duine a raibh fonn air comhaireamh. Bú, hú, hú, ochón ó! Ní bhfuair mé aireacht cheart ná aireacht stáit ná aireacht mhíoltógach féin chun na milseán a bhreith abhaile sa mhótar faoi mo thóin. Táimid gortaithe, óifindid, maslaithe toisc gur dearmadadh Baile Mo Shuí agus Bogach Mo Mhóin sa phatrúnacht mheánaoiseach seo.

Is deacair cuimhneamh conas a éireoidh leis an Rí Máirtín codladh feasta ar Leaba Shíoda ná ar Leaba Jurry agus Ghránna ná ar Fhraoch an Choinicéir ná ar an tuí in Sop na Súlach.

Is é nach dtuigtear, áfach, ná go bhfuil leatrom nach mór iomlán déanta aige ar a chontae dúchais, Contae Chorcaí. Fág aon dáilcheantar cúng amháin as an áireamh tá dearmad go héag déanta aige ar gach duine a chaith guth nua nó sean-nósach idir Charn Uí Néid agus Eochaill, ó Charraig Aonair ó dheas go Baile Mhistéala soir ó thuaidh, agus sin sciar maith mór den tír níos fairsinge agus níos faide go mór ná an turas léanmhar idir Both Chomhla agus Súmaire an Spidéil de réir eitilt an phréacháin. Agus tá faillí iomlán déanta aige i muintir thuaisceart na cathrach, lucht leanúna Fhánaithe an Ghleanna agus na bPiarsaigh a dhein gaiscí tráth dá raibh d’fhoirne iomána Chorcaí, adeir na staraithe linn.

Agus cad ina thaobh in ainm an Daghda agus Dánú a mbeifí ag súil le haire sinsearach i gCo. Mhaigh Eo? Is dual dóibh a bheith sa dara háit, agus ní raibh á dhéanamh aige ach an traidisiún a leanúint de réir dúchais, rud is dual d’FF.

READ MORE

Níos tromchúisí go mór ná sin is ea easpa na mban sa stát-aireacht. Tá seo pléite agus pléifear arís, ach ní mór toise eile a chur isteach sa phluda. Is é sin, cúrsaí aicme agus gairme. De cheal gúgal a bheith ag obair faoi láthair is i dtaobh lem sheanchuimhne atáim. Iarmhúinteoirí agus lucht dlí agus ceantálaithe agus sprochaille bheag eile den aicme phroifisiúnta is mó a ghabhann le polaitíocht, agus a thoghtar don Dáil.

Ach cá bhfuil na feirmeoirí a chuirfeadh feoil le gach polasaí, na hadhlacóirí a chuirfeadh gach polasaí faoin bhfód, na fiaclóirí a labhródh ó na pluca amach, na búistéirí a chuirfeadh an scian ionainn, na haltraithe a leigheasfadh gach cneá, na fidléirí a bhainfeadh ceol as, na heacnamaithe leis an lámh seo agus leis an lámh eile, na garraíodóirí a bheadh ag potanálaíocht, na bobaidí a bhainfeadh greann asainn, na cócairí a chorródh an pota, na cailleacha dubha a shocródh gach rud go rialta, na siúinéirí a thuigfeadh an t-adhmad, lucht portaigh a thabharfadh treoir go fódúil, na táilliúirí a fhuálfadh suas gach poll, na péintéirí a chuirfeadh dath ar gach cáipéis, na fealsaimh (ach tá ceist fúthu sin)…?

Is mithid agus is lánmhithid go roghnófaí airí, ní hea amháin ó thaobh timpiste geografaíochta agus claonadh inscne, ach ó thaobh aicme, scoile, seoladh, blas bia, rogha údar (sa chás annamh is go léifí leabhar), rogha rocbhanna, clár teilifíse, ionad saoire, laoch imeartha, an cliché is déanaí, an cliché is déanaí a sheachnódh going forward with stakeholders from the get-go…

Agus, abair, ó táim ar mo chapall maide ard, cén fáth nach simpleofaí teideal gach roinne? Nach leor an Roinn Oideachais, a chuimsíonn a lán, seachas An Roinn Oideachais agus Scileanna agus Eolaíochta agus an Fhaisin is Déanaí? Maidir le Roinn na Gaeoileánturaspórtsosúdeile….

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar