Vaileite: den Eoraip agus den teanga

Ní raibh a fhios agam Gaeilge bheith ar an chathair ach d'aithin mé an t-ainm láithreach: Vaileite; príomhchathair Mhálta. Bhí…

Ní raibh a fhios agam Gaeilge bheith ar an chathair ach d'aithin mé an t-ainm láithreach: Vaileite; príomhchathair Mhálta. Bhí mé ann ar saoire agus shiúil a cuid sráideanna; chonaic ballaí móra an chuain agus rinne iontas dá méid.

Cad é an dóigh ar éirigh le duine ar bith ballaí dá gcineál a thógáil nó a leagadh, fiú? Ach thóg dream amháin iad agus leag ionraitheoirí iad agus thog siad cinn nua; láthair troda ag Críostaithe agus Moslamaigh a bhí i Málta ar feadh i bhfad (agus láthair troda ag treibheanna níos ársa ná sin arís) de bharr a shuímh sa Mheánmhuir.

Áit chiúin atá ann ach áit spéisiúil, mar sin féin. Amuigh ag siúl lá, chonaic mé seilgeoirí agus iad ag scaoileadh leo i dtreo na spéire. Níor léir dom cad é a bhí ar bun acu agus d'fhiafraigh de dhuine áitiúil; is ag marú na bhfáinleog ar a dturas ó thuaidh ón Afraic a bhí siad, a dúradh liom. Smaoiním i gcónaí ar an fhreagra sin gach uair a fheicim na fáinleoga sa spéir in Éirinn. Nach méanar dóibh gur éalaigh siad ó ghunnaí cruálacha Mhálta?

Níor chuala mé focal Máltaise á labhairt le linn na saoire. Béarla agus Gearmáinis an dá theanga choitianta a bhí le cluinstin in óstáin agus i dtábhairní. Ar ndóigh, tá a fhios ag lucht na Gaeilge ach go háirithe gur ann don Mháltais; gur teanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh í, rud nach fíor faoin Ghaeilge.

READ MORE

Ach an cuairteoir fánach a thabharfadh cuairt ar an áit, gach seans go n-imeodh sé agus é aineolach go raibh teanga dhúchais dá gcuid féin ag pobal an oileáin.

Bhí an-tóir ag na Gearmánaigh ar Mhálta agus iad ar lorg na gréine, rud a bhí íorónta go leor nó bhí na siopaí leabhar líon lán leabhar faoin dara cogadh domhanda agus faoin troid a rinne fórsaí na Breataine agus pobal Mhálta in éadan na Naitsithe.

Agus seo anois an t-ainm ar léarscáil Ghaeilge - Vaileite agus ní Valetta mar a bhí i mo chuimhne. Tá an Eoraip athraithe gan amhras.

Beidh a fhios ag léitheoirí gur fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta léarscáil mar cheiliúradh ar mhéadú an Aontais Eorpaigh.

I mBéarla a bhí sí ach rinneadh gearán agus tá leagan Gaeilge anois ar fáil. Is go drogallach féin a rinneadh an gníomh agus níl buíochas ná buíochas ag dul don Roinn Oideachais as í a chur ar fáil. Ní scaipfear í ar an dóigh chéanna leis an léarscáil Bhéarla, rud is trua, nó domhan eile atá ann agus tíortha na hEorpa faoi chló Gaelach.

Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag an fhoghlaimeoir go gcaitheann muid ár saol ag tumadh isteach agus amach i bhfoclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill ar lorg an fhocail seo nó siúd. Ag aistriú linn ó theanga go teanga.

Ní hamhlaidh i gcás léarscála, ámh. Feiceann tú an domhan os do chomhair agus téann sé i bhfeidhm ar an chuid iomasach den aigne.

Tá Murascaill na Boitnia agus an Mhuir Aidriad agus an Mhuir Chaisp ann agus is den teanga iad. Tá Liospóin, Caolas Giobráltair, Réicivic, Cóbanhávan, Stócólm, Heilsincí, Búcairist, Scóipe agus Ríge ann. Is den teanga iad; is den Eoraip iad.

Dálta na Gaeilge.