Úsréal

CROBHINGNE: NÍORBH IAD na Giúdaigh a mharaigh Íosa. Mharaigh siad go leor an tseachtain cheana

CROBHINGNE:NÍORBH IAD na Giúdaigh a mharaigh Íosa. Mharaigh siad go leor an tseachtain cheana. Ach níorbh iad na Giúdaigh a mharaigh Íosa. B'iad na Rómhánaigh a mharaigh Íosa.

Mar choirpeach. Mar sceimhlitheoir féin. Tá frith-Sheimíteachas iarthar domhain bunaithe ar bhréag. Tá frith-Ghiúdachas iarthar domhain bunaithe ar bhréag. Chreid daoine creidmheacha seanleabhair. Seanleabhair a bhí bunaithe ar ghiob-geab. Seanleabhair a bhí bunaithe ar bhéaloideas. Giob-geab is ea béaloideas. Is contúirtí fós nuair atá an giob geab beannaithe.

Níorbh iad na Giúdaigh a mharaigh lucht trócaire an tseachtain seo caite. Saighdiúirí Iosrael a dhein an bheart chrua. Orduithe a bhí á gcomhlíonadh acu gan amhras. Sa mhéid sin ní raibh siad ciontach. Bheadh siad ciontach mura raibh orduithe á gcur i gcrích acu. Ní ciontach an té a chuireann orduithe i gcrích.

Thuigfeá dóibh. Táid timpeallaithe ag stáit namhadmhara. Stáit nach n-aithníonn a gceart a bheith ann. Cad eile a dhéanfá sa chás sin? Nach dtugann sin gach cead faoin spéir? Má cheapann cúpla gealt gur chóir tú a scuabadh de dhroim an tsaoil, nár cheart duit iad siúd a scuabadh de dhroim an tsaoil i dtosach?

READ MORE

Níorbh iad na Giúdaigh a mharaigh Íosa. Fiú de réir an tseanleabhair. Pionós Rómhánach a cuireadh air, agus bás Rómhánach a tugadh dó. Tairní Rómhánacha a buaileadh isteach ina dhearnana. Fuil Ghiúdach a shil sé toisc gur Ghiúdach a bhí ann. Giúdaigh a bhunaigh an Chríostaíocht.

Eiriceacht Ghiúdach is ea an Chríostaíocht cheartchreidmheach. Ní maith le daoine eiricigh. Is dual eiricigh a dhíbirt nó a chur chun báis. Áit dheas é geiteo le haghaidh eiriceach. Go háirithe má chuireann siad rud éigin i gcuimhne dhuit.

Bhí an Eoraip Chríostaí riamh amhrastúil faoi Ghiúdaigh. Níor ghéill siad don eiriceacht nua. Chum siad bréaga gurbh iad a chuir an Slánaitheoir chun báis. Níorbh iad, ach na Rómhánaigh. In ionad frith-Ghiúdachas ba cheart gur frith-Rómhánachas a bheadh againn.

Ina ionad sin, ghlóraíomar teanga na Laidne. Teanga shibhialta chomh fuar le cloch eibhir. Gramadach chomh neamhealaíonta le sciath. Teanga a raibh fuil na milliún a scriosadh san ár ar sileadh aisti. Ina slaoda. Má bhí cine ar bith le cur isteach i ngeiteo dúnta b’é cine shliocht na Rómhánach é. Ach ní raibh sé dlite go gcuirfí cine ar bith isteach i ngeiteo.

Aisteach go leor, níl sé ceart fós cine ar bith a chur isteach i ngeiteo. Agus an doras a dhúnadh. Ach b’fhéidir dul amú a bheith orm. Bhí cúpla uair cheana, ceapaim. Ach ar chúis aisteach éigin, braithim nach bhfuil sé cóir ná ceart ná cothrom daoine a ghlasáil i ngeiteo. Agus bia a bhac orthu. Nó ar a laghad seacláid agus teidí béars. Dúradh go mbaineadh Geingís Khan leas as teidí béars i gcoinne a chuid naimhde. Ach níl aon fhianaise agam chuige sin. Ach an oiread is go bhfuil fianaise agam go bhfuil daoine ag fulaingt i nGaza. B’fhéidir nach bhfuil ann ach ráfla. Ceann de na ráflaí sin a scaipeann na Náisiúin Aontaithe. Ceann de na ráflaí sin a scaipeann fínnéithe nár thug turas ar dhochtúir na súl le tamall.

Tá sé deacair a bheith dian ar Iosrael nuair nach le hIosrael Iosrael ar fad. Tá bunú Iosrael osréalach. Is é ús réalachas na hEorpa é. B’é réalachas na hEorpa daoine amuigh ansin a mharú. Nuair a mharaigh siad go leor de na híosdaoine amuigh ó dheas, bhí in am aghaidh a thabhairt ar na híosdaoine ar an taobh istigh.

C’é b’oiriúnaí ach an cine a chuir Íosa chun báis? Ach níor chuir. Bhain siad míbhrí as focail áirithe sna seanleabhair. Sin é is dual do dhiagairí. Ní diagacht go míbhrí.

Ní cathair bheannaithe í Iarúisailéim. Ní cathair bheannaithe í Mecca. Ní cathair bheannaithe í Luimneach. Thug Dia talamh Iosrael do na Giúdaigh. Ach thug Allah do na Palaistínigh é. Agus thug an Dia ceart fírinneach do na Críostaithe é tamall dá raibh, ach chailleadar é. Seans go dtabharfaidh Búda do na hIndiaigh é ar ball. Ní le hIosrael Iosrael mar is linn go léir é. Is linn go léir é mar b’í ciontacht na hEorpa leath na hoibre. Droch-choinsias na hEorpa a ligeann do stát Iosrael a rogha rud a dhéanamh. Tuigtear sin siar go bun. Níor throid duine ar bith an dara domhanchogadh ar son na nGiúdach. Níl cead piléar a chaitheamh i gcúl an chloiginn i bhforaois na Polainne; ach cén dochar é a dhéanamh ar long na meánmhara? Linne Iosrael, már ní féidir é a ghearradh amach nó a ghearradh timpeall ón saol.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar