Ualach an Uaignis

Beidh Ualach an Uaignis ar siúl i gColáiste Ráithín, Bóthar Flórans, Bré, Co Chill Mhantáin, amárach agus arú amárach ag 8 p.…

Beidh Ualach an Uaignis ar siúl i gColáiste Ráithín, Bóthar Flórans, Bré, Co Chill Mhantáin, amárach agus arú amárach ag 8 p.m. Martin McDonagh a scríobh an dráma seo an chéad lá riamh mar The Lonesome West, agus is é an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile a d'aistrigh go Gaeilge é.

Is é muintir an Bhéil Bheo i mBré atá ag léiriú an dráma le deis a thabhairt do lucht na teanga teacht le chéile agus oíche shiamsaíochta bheith acu. Eolas: 01-2745857