Trua is taisi

Crobhingne: Tá taisí Naomh Antaine Phadua á n-iompar ar chamchuaird na tíre faoi láthair

Crobhingne: Tá taisí Naomh Antaine Phadua á n-iompar ar chamchuaird na tíre faoi láthair. Iad faoi ghlas ina gcumhdach snasta mar a bhí an lao órga sna Ten Commandments nuair a tháinig Charlton Heston anuas ón sliabh tar éis do Dhia a rá leis dul amach agus gunnaí a chur i lámha gach duine.

Is furasta don intinn nua-aoiseach a bheith ciniciúil faoina leithéid. Seo iad na meánaoiseanna ar ais ina lánghéire. Seo í an Chríostaíocht réamhReifirméiseaneach ag cur in aghaidh an fhocail, ag cur i gcoinne an réasúin a rinne í a bhascadh i ndeireadh na feide.

Rinne na Protastúnaigh iarracht ar bhriathar a dhéanamh den fheoil, fad is a bhí na Caitlicigh ag iarraidh feoil a dhéanamh den bhriathar, dá mba fheoil lofa í ar uaire. B'é críoch an Phrotastúnachais an focal a chur os cionn an uile ní, gur de a tháinig an chritic liteartha, an fhealsúnacht urlabhrach, an fhoclóireacht. B'e críoch an Chaitliceachais an tadhall daonna, an draíocht, an dealbhóireacht, an scannánaíocht.

Bhí a fhios ag an Eaglais Chaitliceach i gcónaí go raibh nithe níos crua ná focail ann, go dtéann focail le gaoith, nach bhfuil sa bhriathar ach comhartha randamach seansúil. Dá réir sin, choinnigh siad greim ar urla an tsaoil ábhartha, ar an gcuid sin den saol go bhféadfadh daoine lámh a leagadh air.

READ MORE

Is é oighear an scéil é go raibh na naoimh seo a mbítear á sracadh timpeall na tíre, go raibh siad go binbeach in aghaidh an tsaoil ábhartha chéanna. Formhór na naomh is amhlaidh go raibh siad ag iarraidh a bheith ar nós na n-aingeal, b'é a sprioc a bheith ina neacha neamhchorpartha. Fós féin, is iad a gcorp, a gcorp séanta, is ábhar beannaithe do na fíréin.

I rith na meánaoiseanna ar fad b'iontach go deo an deabhóid a tugadh d'iarsmaí cholainne na naomh. Naomh Iughoine as Iolcus in Ionia is amhlaidh go ligeadh sé dá chuid ingne fás ionas go bhféadfaí iad a bhaint agus a dháileadh ar an bpobal. Deirtear gurb é seo tús ceirde na bpeidiciúirí atá againn anois. Bhí siosma sa bhaile mór laisteas den mhainistir cé acu ar chóir na hingne a chogan mar chosaint ar thinneas fiacaile, nó muince a dhéanamh astu chun leighiste na scornaí.

Naoimh eile a mbailítí clúmh a gcuid imleacán, go dtí go bhfuair an mhainistir amach go raibh poll sin an imleacáin i bhfad níos áisiúla le salann a choimeád ann nuair a bheifí ag ithe prátaí sa leaba. Nó Naomh Cerberus Chaduaice a gcoinnítí céir a dhá chluaise d'fhonn droch-chaint a choimeád amach. Luach do-inste a bhí ar fhorchraicne naomh ar chúiseanna nach bhfuil chomh soiléir sin domsa.

Más é corp an duine teampall an Spioraid Naoimh is í ceist atá le réiteach an mbíonn an teampall sin as feidhm nuair a imíonn an spiorad eile as? Táim deimhnitheach de gur pléadh ceist seo an dá ghósta go minic, ach níl an tagairt agam faoi láthair.

Dearbhú é deabhóid na dtaisí go bhfuil míorúiltí i gcónaí ann. Míorúilt é go bhfuil rud ar bith ann seachas neamhní. Míorúilt is ea gach mír laethúil. Teist amháin na míorúiltí sin ba ea beathaí na naomh a chuir an oíche trí thine lena gcuid grá, lena gcuid mórtas maingléiseach beannaithe, lena gcuid uabhar diaga, lena gcuid creideamh in orthaí beannaithe na cruinne, lena gcuid buile diaganta.

Go deimhin, ba mhinicí ná a chéile amhras na heaglaise roimh na naoimh chéanna seo. Mar is é is naomh ann duine nach gcloíonn leis na rialacha, duine a théann thar fóir, duine a réabann an chuing, duine arb é an paisean atá á thiomáint. An bhfuil aon dá ní níos faide ná a chéile sa saol seo ná sa saol eile ná misteachas na naomh a bhfuil líne dhíreach chun Dé acu, agus an caiticeasma a bhfuil líne dhíreach chun an dlí aige? Is mór idir Tadhg Riabhach agus Dónal Crón. Is é an naomh an file go fiú is mura bhfuil a chuid taisí i Reilig Dhroma Chliabh, agus is é an criticeoir an caiticeasmach nach mbíonn duine ar bith ag triall chun a uaighe chuige ach amháin le háthas.

B'fhearr liom féin bheith ar thaobh na naomh. Is maith liom dealbha ag rince, pictiúir ag cur fola, cuileoga dom stiúradh im chuid léitheoireachta. Is fearr liom draíocht, dá amaidí é. Is fearr cara sa sparán ná cúirt sa phunt, dá mhíchompordaí é.

Tá curtha síos d'Antaine Naofa go bhfaigheann sé nithe do dhaoine, nithe atá caillte acu. B'fhéidir go bhfaigheadh sé beagán céille dúinn mar thosach.