Tost milliun go leith Gaeilgeoir sa Stat

Is é an trua nach mbíonn aonad ar shíceolaíocht amaitéarach le fáil ar chúrsaí ollscoile Gaeilge

Is é an trua nach mbíonn aonad ar shíceolaíocht amaitéarach le fáil ar chúrsaí ollscoile Gaeilge. Caithfidh na mic léinn bhochta staidéar a dhéanamh ar Táin Bó Cuailgne, ar an Ghaeilge Chlasaiceach agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain.

Ach iomrá ná iomrá ar chúrsa síceolaíochta níl. Agus tá a leithéid de dhíth nó ní féidir le duine ar bith ciall a bhaint as réamhthuairisc an daonáirimh i dtaobh na teanga de gan dul i muinín na síceolaíochta. An tseachtain seo caite a foilsíodh an tuairisc don bhliain 2002. Insíonn na figiúirí gach rud dúinn agus ní insíonn siad tada dúinn.

An mórfhigiúr, ar ndóigh, go bhfuil 1.57 milliún duine sa Stát a chreideann go bhfuil Gaeilge acu ach gur lú úsáid a bhaineann siad aisti ná riamh. I dtéarmaí spóirt de, tá sé cosúil le ballraíocht an Chumann Lúthchleas Gael bheith níos airde ná riamh ach níos lú daoine bheith ag freastal ar na cluichí.

Gníomh creidimh atá ann, is dócha, tábhacht na teanga a aithint. Ach cé go dtugann pobal an Stáit deimhniú poiblí don teanga, leanann siad sin le séanadh príobháideach. Ar chuala léitheoirí an cholúin seo an 1.5 milliún duine sin i mbun comhrá ar maidin? Beag an baol.

READ MORE

Mar bharr ar an donas, léiríonn na staitisticí go bhfuil úsáid laethúil na teanga i measc phobal na Gaeltachta beagán thar 50 faoin gcéad agus go bhfuil Baile Átha Cliath, ardchathair na hÉireann, ar cheann de na háiteanna is laige ó thaobh úsáid teanga de.

Cás ar leith é Baile Átha Cliath agus is iontach - agus is scáfar - a laghad cainte a dhéanann lucht na Gaeilge faoi stádas na Gaeilge inti. Baineann tábhacht ar leith léi thar cathair ar bith eile in Éirinn.

Tá greim aici ar chultúr an oileáin atá ródhocht agus níl infrastruchtúr na teanga forbartha go héifeachtach inti. Is é Baile Átha Cliath an eochair don athbheochan taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní féidir éalú ar an chathair nó ar a tionchar.

Bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta - agus bhí gá leis - le hiniúchadh a dhéanamh ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. B'fhiú dóibh Coimisiún na Cathrach a bhunú agus iarraidh orthu plean gníomhaíochta teanga a ullmhú.

Ní doiligh na chéad chéimeanna a shamhlú. Cuirtear compántas gairmiúil aisteoirí ar bun arís i mBaile Átha Cliath. Is beag is fiú d'Fhoras na Gaeilge íoc as spás amharclainne sa Theatre Space gan compántas Áth Cliathach bheith ann leis an phobal a mhealladh isteach.

Tugtar tacaíocht do Am Bia, Trí D agus Sult ionas go mairfidh siad agus go mbeidh siad in ann forbairt. Cuirtear scannáin Ghaeilge ar siúl san IFC ar bhonn rialta le go mbeidh siad mar chuid den ghréasán cultúrtha comhaimseartha.

Bunaigh macasamhail an Alliance Francaise/Institiúid Goethe le go mbeadh fócas lárnach ag foghlaimeoirí. Tabhair deis do Raidió na Life forbairt mar 2FM na Gaeilge mar a mhol siad féin roimhe seo.

Agus thar rud ar bith eile, bunaigh féile/comhdháil a mheallfaidh daoine le Gaeilge neamhghníomhach le páirt a ghlacadh in imeachtaí teanga.

Bhí baint ag an cholúnaí seo le comhdháil darbh ainm "Imagining Ireland" blianta ó shin. Rinneadh an obair ar bheagán airgid ach d'fhreastail na sluaite ar na hócáidí - na cinn Ghaeilge ach go háirithe. Déantar arís é; déantar go dátheangach é; déantar go bliantúil é.

Tá 1.5 milliún duine amuigh ansin i ndiaidh tabhairt le fios go poiblí go dtacaíonn siad leis an Ghaeilge. Ach greim a fháil ar dheich faoin gcéad acu, ba shláintiúla i bhfad a cás.

Scéal na gcailíní

Beidh cuimhne ag léitheoirí gur bhain Éilis Ní Dhuibhne duais Oireachtais as a leabhar Dúnmharú sa Daingean (Cois Life) tá cúpla bliain ó shin sa chatagóir, Úrscéal don Phobal.

Ba iad Bord na Leabhar Gaeilge a rinne urraíocht ar an duais agus í mar chuid dá bhfeachtas ábhar léitheoireachta do dhaoine fásta a sholáthar. Bhí díol maith ar an leabhar céanna agus cuireadh trí chló air.

Agus seo anois leabhar nua ag Ní Dhuibhne, Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (€15), leis na foilsitheoirí céanna agus na cuspóirí céanna leis.

Mar a bheifeá ag súil, scéal measartha simplí atá ann. Is iriseoir í Máire, í pósta ar Mhuiris, ailtire, agus beirt pháistí acu, Dara agus Emma. Ní sona atá siad mar theaghlach. Tá lionn dubh ar Emma; leanann cantal an déagóra de Dhara agus tá éad ar Mhuiris de bharr nach bhfuil sé chomh rathúil lena bhean féin.

De réir na bhfoilsitheoirí, pléann an scéal le "ceisteanna móra: conas cothromaíocht a chruthú idir an saol oibre agus cúraimí clainne, angst déagóra, agus anbhuaine an tsaoil. Thairis sin, scrúdaíonn sé ról na cuimhne mar luibh leighis".

Tá Angst ann gan amhras ach tá eagla orm go bhfuil an chontúirt ann go gcuirfidh an t-ábhar poiblíochta léitheoirí ó dhoras.

Is é Angst meánaicmeach croí an scéil - an imní sin nach rachaidh na páistí chun na hollscoile nó nach mbeidh an pasta al dente.

Tarlaíonn eachtra amháin do Mháire agus í ina déagóir sa Ghaeltacht a leanann di ar feadh a saoil. Is iarracht í sin ar dhoimhneacht éigin a chur sa saothar ach níl mothúcháin na gcarachtar chomh cráite casta sin nach dtuigfidh an léitheoir cad é atá ar siúl.

Is é cuspóir an fhiontair an léitheoir a choinneáil ag léamh agus éiríonn le Ní Dhuibhne sin a dhéanamh i dteanga thar a bheith bunúsach. X-ghathú den teanga atá déanta aici - is léir cnámha an choirp ach níl feoil ar bith air.

Ní peaca ar bith é sin sa chás seo. Léitheoireacht liteartha seachas litríocht atá i gceist.

Tapaíonn sí an deis cúlra an choláiste samhraidh a úsáid le habairtí Béarla a chur sa scéal ar bhealach iontach cliste - caint rúnda na gcailíní agus iad as éisteacht múinteoirí agus litreacha abhaile.

Cuideoidh a leithéid leis an duine ar bheagán Gaeilge, nó an duine nach léann go minic, cloí leis go deireadh.

Draíocht Ghaelach

Ná habair nach dtacaíonn tv3 le cultúr na hÉireann. Tharla go raibh an colúnaí seo ag amharc ar an tsraith Charmed - scéal triúr ban draíochta álainn i San Francisco an lae inniu, ó chuireann tú an cheist - agus iad ag plé le cúrsaí leipreachán.

Bhí diabhal éigin as ifreann aníos ag marú na leipreachán bocht, rud a chiallaigh go raibh deireadh le hádh ar domhan.

Agus bhí Gaeilge ag na leipreacháin chéanna. "Sláinte agus táinte," a deireadh siad agus iad ag bronnadh áidh ar dhaoine agus "Go n-éirí an bóthar leat" agus iad ag taisteal ar a dtuar ceatha.

(Níl mé á chumadh seo)

Cibé, is breá an rud é go bhfuil tv3 anois ag cur le cultúr na Gaeilge. Tá Noiméid (sic) Amháin ag éirí thar a bheith tuirsiúil.

Cad chuige a raibh an colún seo ag amharc ar tv3 cibé ar bith? Ag iarraidh TG4 a aimsiú a bhí mé. M'anam le Dia.

Páiste drámatúil

Tá múinteoir drámaíochta agus iar-Leas-Stiúrthóir Ealaíne in Amharclann na Mainistreach, Ray Yeates, ag eagrú Campa Samhraidh Drámaíochta do pháistí, Modh an Aoibhnis. Is sa Theatre Space @ the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath, a bheidh an campa ar siúl .

Cuirfear tús leis Dé Luain agus mairfidh sé go dtí an Aoine 11ú Iúil. Beidh dhá rang ann - ceann do pháistí idir cúig agus ocht mbliana d'aois agus ceann do pháistí idir naoi agus 12 bliain d'aois.

Beidh na ranganna i nGaeilge ach ní do lucht Gaelscoileanna per se iad. Cuirfidh Yeates fáilte roimh pháiste ar bith le Gaeilge. Is é is mian leis nach gcuirfidh easpa Ghaeilge as do thairbhe an ranga.

Bainfidh sé úsáid as cluichí speisialta, aghaidheanna fidil agus ceol le féith drámaíochta na bpáistí a fhorbairt.

Eolas: 086-8354609 nó modhanaoibhnis@hotmail.com

Cruinniú bille

Beidh cruinniú oscailte ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le plé a dhéanamh ar an Bhille Teanga oíche Luain i Seanscoil Shailearna ag 8.30 p.m.

Déanfar scrúdú ar na cearta atá ag duine sa Bhille; ar na dualgais a leagann an Bille ar lucht Stáit; ar na seirbhísí a chuirfidh an reachtaíocht ar fáil don Ghaeltacht; ar reáchtáil cúirteanna sa Ghaeltacht agus ar chomharthaíocht. Eolas: padraig.ohealai@nuigalway.ie nó 091-512140 /091-593067