Tíorántacht an tsaineolais

BEOCHEIST: LE BLIANTA beaga anuas, braithim go mbíonn eagla ar dhaoine a gcuid dtuairimí a nochtadh ar mhórcheisteanna tromchúiseacha…

BEOCHEIST:LE BLIANTA beaga anuas, braithim go mbíonn eagla ar dhaoine a gcuid dtuairimí a nochtadh ar mhórcheisteanna tromchúiseacha an lae nó ar mhioncheisteanna fánacha na maidine, fiú, toisc go bhfuil ortadocsacht bheagmhaitheasach i dtreis anseo in Éirinn, mar atá, Tíorántacht an tSaineolais.

Glactar leis coitianta i measc an phobail Éireannaigh gur bunphrionsabal réasúnach is ea an ortadocsacht seo ach nílimse deimhnitheach go bhfuil ciall ar bith leis an ngéilleadh neamhcheistitheach seo d’údarás absalóideach an tSaineolais.

Nuair a bhíonn fadhb ar bith le réiteach againn ar na saolta seo deintear talamh slán de go mbeidh na freagraí cuí ag na Saineolaithe uilefheasacha.

Ar deireadh, is é an toradh a bhíonn ar an tuiscint áirithe seo ná go ngéilltear d’údarás an tSaineolaí uilechumhachtaigh i bhfad rómhinic minic.

READ MORE

Cothaíonn údarás seo an tSaineolais balbhántacht i measc an phobail agus múchann údarás an tSaineolaí aon allagar fónta i ndioscúrsa poiblí na tíre.

Samhlaítear don ghnáthdhuine go ndéanfar greamanna an tseabhaic dá dtuairimí aineolgaiseacha má nochtaítear na tuairimí sin go hoscailte macánta.

Nó lena chur ar shlí eile, cuireann údarás do-earráide an tSaineolaí uilechumhachtaigh gobán i mbéal an allagair phoiblí mar níl dul thairis údarás an tSaineolaí uilefheasaigh dar lena lán.

Cén toradh a bhí le “Tíoránacht an tSaineolais” anseo in Éirinn, más ea?

Cúngú ar an dioscúrsa poiblí a bhí is a bheidh mar thoradh ar an bpróiseas seo i gcónaí mar is léir gur scorn leis na saineolaithe dioscúrsa ar bith a chothú ag leibhéal na polaitíochta toisc gur scorn leo éisteacht le tuairimí an daoscarshlua nó le duine ar bith eile, go bunúsach.

Lena chur ar shlí eile, samhlaíonn an Saineolaí aineolas le tuairim na coitiantachta.

Níl aon dá thuairim ag an Saineolaí uilechumhachtach faoi scéal ar bith. Glaoitear Saineolas ar fhreagra sin an tSaineolaí.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach. “Fios” is ea é seo, eolas de shaghas eile ar fad, eolas a shoilsíonn agus a cheistíonn agus a chothaíonn díospóireacht is allagar ag leibhéal na polaitíochta agus a thugann cead cainte don daoscarshlua “aineolgaiseach” – aineolgaiseach i dtéarmaí luachála an tSaineolaí, ar ndóigh.

Dogma ainbhiosach is ea an t-adhradh comhaimseartha seo ag altóir an tSaineolais, dogma a léiríonn, b’fhéidir, nach ainbhios go Saineolas an tSaineolaí uilechumhachtaigh!

Cad é go díreach a sholáthraíonn an Saineolaí, más ea? Na freagraí cearta, dhealródh, nó freagraí do-earráide dar leis an Saineolaí féin.

Uaireanta, áfach, ní hiad freagraí an tSaineolaí atá lochtach ach na ceisteanna a chuirtear i ndioscúrsa poiblí na tíre seo, na ceisteana a tháirgeann an Saineolas beagmhaitheasach seo.

Más féidir linn locht a chasadh leis na freagraí a sholáthraíonn na Saineolaithe, ní mór dúinn rud amháin a thuiscint go rí-shoiléir, leis, mar atá, ní hiad freagraí an tSaineolaí atá lochtach i gcónaí, per se, ach na ceisteanna a chuirimidne ar a chéile mar éilíonn agus táirgeann na ceisteanna sin Saineolas.

Is í an chéad fhadhb atá le sárú againn, más ea, ná nádúr lochtach na gceisteanna seo a aithint is a thabhairt chun solais mar tá feidhm chinnte ag na ceisteanna lochtacha seo i ndioscúrsa poiblí na tíre seo, mar atá, deineann na ceisteanna lochtachta seo rúndiamhrú mistéireach ar nádúr bunaidh na bhfadhbanna atá le sárú againn in Éirinn.

Sa chiall seo, ar ndóigh, cuireann na ceisteanna lochtacha seo le líon na bhfadhbanna atá againn seachas freagraí úsáideacha a sholáthar dúinn a mhaolóidh ar fhadhbanna iomadúla na tíre.

Ceisteanna is ea iad seo a éilíonn sainfhreagraí saineolgaiseacha laistigh de pharaiméadair smaointeoireachta amháin – paraidím bhriste an chaipitleachais, cuirim i gcás – ach tá gá le samhlaíocht “fheasach” a thabharfaidh orainn éalú ó gheimhleacha na seanpharaiméadar go héiritheach.

Tá i bhfad Éireann an-iomad eolais againn, ach níl “Fios” ar bith againn, faraor. Sa chiall seo, samhlaím “Eolas” le réasúntacht ionstraimeach agus le torthaí agus le spriocanna agus le soláthar na bhfreagraí do-earráide atá fréamhaithe in údarás réasúnach an “Cogito” Chairtéisigh.

Freagraí is ea iad seo a thuigtear laistigh de na seanpharaiméadair bhancbhriste agus tá sé in am againn paraidím nua tuisceana a chruthú d’fhonn dúshláin an ama láithrigh a shárú go héiritheach.

Chuige sin, ní mór dúinn ceisteanna nua a chothú is a mhúnlú is a shamhlú is a fhorbairt i ndioscúrsa poiblí na tíre.