Tiocfaidh ar lar

Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag gearán faoi easpa soiléireachta na teanga (agus míchruinneas) bheith ar chomharthaí bóthair…

Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag gearán faoi easpa soiléireachta na teanga (agus míchruinneas) bheith ar chomharthaí bóthair. Ach bhí bua beag acu an tseachtain seo caite nuair a chuir Bardas Bhaile Átha Cliath comharthaí nua bóthair in airde.

Cháin roinnt daoine na comharthaí céanna as bheith róchasta le léamh ag tiománaithe. Ceal spáis, áfach, bhí 'An Lár' scríofa ar na comharthaí in áit 'city centre'. Bhí an Ghaeilge le feiceáil agus ní raibh iomrá ar an Bhéarla. Cás de "Tiocfaidh ár lár", an ea?