Thall is abhus

BEIDH an chéad léiriú Gaeilge de Love Matters leis an drámadóir, Gary Mitchell, anocht ag 8pm i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, …

BEIDH an chéad léiriú Gaeilge de Love Mattersleis an drámadóir, Gary Mitchell, anocht ag 8pm i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste.

Baineann an dráma le saol an phobail i gceantar dílseach sa chathair agus “grá, muinín agus maithiúnas” mar théama ann agus is iad Aisling Ghéar atá á léiriú.

Tá Mitchell i mbéal an phobail le tamall as an tsúil ghéar a chaitheann sé ar shaol dílseoirí de chuid an lucht oibre. Tá an dráma i nGaeilge agus tá aistriúchán comhuaineach go Béarla ar fáil.

Beidh an dráma sa chultúrlann anocht agus san oíche amárach. Ina dhiaidh sin, beidh sé le feiceáil in Amharclann an Lyric, Béal Feirste, idir an Aoine 2ú agus an Domhnach 4ú, Márta agus sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath, idir Déardaoin 6ú agus an Satharn 10ú, Márta. Eolas: julianne@milefailte.ie

READ MORE

IS É “Ceol na hImirce” a bheidh mar théama ag Éigse Cholm Cille, Doire, i mbliana. Tosóidh an éigse oíche Aoine ag 7.30pm san Aula Maxima ar Choláiste Mhig Aoidh sa chathair.

Is é an ceoltóir, Martin Dowling, a thabharfaidh príomhchaint na hoíche ar “Different Worlds of Music: Emigration, Social Change and the Irish Experience”.

Beidh tuilleadh cainteanna ann Dé Sathairn. Eolas: nm.comer@ulster.ac.uk

SEOLFAIDH an Dochtúir Éamon Ó Ciosáin

An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas

(Leabhar Breac) Dé Luain ag 6pm san Aula Maxima, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is iad Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin eagarthóirí an leabhair. Pléann an cnuasach aistí “an taithí thrioblóideach atá ag cainteoirí mionteanga ar an dátheangachas sóisialta”.

BEIDH SEIMINEÁR ar an Chanónach Pádraig de Paor ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge seachtain ón lá amárach. Tá an ócáid le ceiliúradh a dhéanamh ar de Paor, fear a scríobh an leabhar

The Placenames of the Decies

.

Labhróidh cainteoirí ar shaothar de Paor agus seolfar taispeántas ar líne ar a chuid oibre le linn an lae. Eolas: msbreathnach@waterford.coco.ie