Taighde teanga

NÍ BHEIDH ganntanas ar bith cainte le fáil ag lucht na Gaeilge go ceann tamaill agus trí chomhdháil ar cheisteanna teanga á …

NÍ BHEIDH ganntanas ar bith cainte le fáil ag lucht na Gaeilge go ceann tamaill agus trí chomhdháil ar cheisteanna teanga á reáchtáil i mBéal Feirste agus i nGaillimh idir seo agus Deireadh Fómhair.

Tá an grúpa Pobal le cruinniú leath lae (1.30pm-5pm) a chur ar bun i mBéal Feirste seachtain ón lá inniu leis an ábhar “Creat Straitéiseach don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann” a phlé.

Tá siad ag obair ar an chreatlach le bliain anuas agus tá rún acu an t-eolas atá bailithe le chéile acu ar chúrsaí reachtaíochta, oideachais, cumarsáide agus ceisteanna eile a fhoilsiú mar dhoiciméid. Is é a mian straitéis 20 bliain a shocrú don Tuaisceart.

Beidh cur síos ar phríomhchuspóirí na straitéise sa cháipéis. Tá an grúpa ag cur fáilte roimh lucht na Gaeilge freastal a dhéanamh ar an ócáid ar Choláiste Mhuire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. ( Eolas:048-90438132 eolas@pobal.org)

READ MORE

“An Ghaeilge i gCóras Scolaíochta na hÉireann” an téama a bheidh ag Éigse Loch Lao i mBéal Feirste Dé hAoine 7ú agus Dé Sathairn 8ú, Deireadh Fómhair.

Labhróidh saineolaithe oideachais ó gach cearn d’Éirinn ar an cheist agus is é an Dochtúir Mícheal Ó Duibh, príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, a thabharfaidh Léacht Mhic Ádhaimh le linn an deireadh seachtaine.

Is ar champas Ollscoil Uladh, Sráid Eabhrac, Béal Feirste, a bheidh na cainteanna ar siúl agus beidh turas báid ar an Lagán agus oícheanta siamsa i gCumann Chluain Ard ann fosta. (Eolas: 048-90749688 nó ccmr@btconnect.com)

Agus cúrsaí scolaíochta faoi chaibidil i mBéal Feirste, beidh Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar siúl ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine, 7ú agus Dé Sathairn 8ú, Deireadh Fómhair.

Beidh lucht acadúil a bhfuil clú orthu le fada i mbun cainte – Seosamh Mac Muirí, Nollaig Ó Muraíle agus Máirín Nic Eoin – mar aon leis an chéad ghlúin eile scoláirí – Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Róisín Ní Ghairbhí, mar shampla.

Cúrsaí litríochta na haoise seo agus aoiseanna eile a bheidh faoi scrúdú agus tionchar chúrsaí teanga san Aontas Eorpach. (Eolas: 091-492564 nó fiona.depaor@oegaillimh.ie)

Mar fhocal scoir, tá Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, le tús a chur le hArd-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil agus le hArd-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil i mí Dheireadh Fómhair.

Is é is cuspóir leis an dá dhioplóma daoine a chumasú le go mbeadh siad ábalta cur isteach ar fholúntais mar aistritheoirí dlíthiúla le Gaeilge agus dlítheangeolaithe le Gaeilge le hinstitiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh. (Eolas: daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie nó www.kingsinns.ie)