‘Tá an tine coigilte’

CAD É an bronntanas is fearr is féidir le colúnaí a thabhairt dá chuid léitheoirí ar fad? Bronntanas na teanga, b’fhéidir…

CAD É an bronntanas is fearr is féidir le colúnaí a thabhairt dá chuid léitheoirí ar fad? Bronntanas na teanga, b’fhéidir.

Tharla go raibh mé ag caint le fear Gaeltachta as Dún na nGall le deireanas agus luaigh sé an tseoid seo de nath liom – “Tá an tine coigilte (caiglidh) ansin.” Ba é an chiall a bhí leis “the lights are out there” nó “there’s not much going on upstairs” agus tú ag caint faoi dhuine nach raibh iontach éirimiúil. Ba é an míniú a thug sé dom ar an abairt go gcuireann tú móin fhliuch (spadar fhliuch) ar an tine an rud deireanach san oíche sa dóigh go mbeadh aibhleogaí fágtha ar maidin agus go dtiocfaí an tine a lasadh ar ais go furasta. Ach is dócha gurb é an rud atá i gceist leis anseo nó go bhfuil an tine

chóir a bheith as nuair a choiglíonn tú í agus bíonn sí ag cráindó go mall fadalach righin cosúil le hinchinn an duine seo a bhí i gceist. Anois sin agat ábhar machnaimh.