Straitéis nua turasóireachta ag an Údarás

Tá scéim nua leis an turasóireacht chultúrtha a chur chun cinn sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta

Tá scéim nua leis an turasóireacht chultúrtha a chur chun cinn sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta. Straitéis Turasóireachta 2007-2010 an t-ainm atá ar an pholasaí agus beidh buiséad €1.5 milliún ar fáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm thar tréimhse trí bliana.

De réir an Údaráis, níl san infheistíocht sin ach tús. Dúirt urlabhraí go ndéanfaí "infheistíocht shuntasach eile anuas air sin ag brath ar na tograí a thagann chun tosaigh".

Is ionann an polasaí seo agus athrú sonraíoch i bpolasaí Údarás na Gaeltachta i leith na teanga. Is fada tuairimíocht ann gur cheart don Údarás béim a chur ar chúrsaí teanga agus ní ar chúrsaí tionsclaíochta amháin. Freagraíonn an polasaí seo don éileamh sin.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin: "Is foinse an-láidir fostaíochta agus ioncaim í an turasóireacht agus tá rún againn an tairbhe is fearr is féidir a bhaint aisti ar mhaithe le pobal na Gaeltachta. Ag an am céanna aithnímid go bhfuil sé an-tábhachtach gnó na Gaeilge a threisiú sna pacáistí sna tionscadail a mbeidh an tÚdarás leo agus go mbeidh leibhéal ard feasachta sna pobail Ghaeltachta faoi sin."

READ MORE

Tá an straitéis bunaithe ar phlé inmheánach san Údarás mar aon le comhairle a glacadh ó eagrais eile.

Chuaigh an tÚdarás i gcomhairle le hionadaithe turasóireachta sa Ghaeltacht trí chruinnithe i ngach réigiún agus eagraíodh cruinnithe le Fáilte Ireland go náisiúnta agus go réigiúnach.

Is iad na spriocanna straitéiseacha atá ann:

tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na turasóireachta mar chuid lárnach d'fhás eacnamaíochta na Gaeltachta;

éascú a dhéanamh ar an Ghaeltacht mar ionad náisiúnta agus idirnáisiúnta don turasóireacht chultúrtha;

cur le líon na ndaoine a chuireann táirgí turasóireachta ar fáil sa Ghaeltacht;

oibriú i gcomhpháirt le Fáilte Ireland agus Tourism Ireland sna margaí iasachta leis an Ghaeltacht a chur chun cinn mar ionad ar leith turasóireachta.

Leis na spriocanna sin a bhaint amach, forbróidh an tÚdarás sé mhórthogra agus déanfaidh siad forbairt bhreise ar na tograí turasóireachta atá ann faoi láthair, féilte mar shampla.

Cuirfidh siad béim ar leith ar chúrsaí margaíochta, áit a bhfuil "laige mhór struchtúrtha" de réir an Údaráis agus tá rún acu suíomh Idirlín Gaeltachta a fhorbairt.

Cuirfidh an tÚdarás cuidiú ar fáil le go ndéanfar margaíocht ar shaoire trí Ghaeilge; tabharfar spreagadh do dhaoine tréimhse ghearr a chaitheamh sa Ghaeltacht. Beidh deis le Gaeilge a fhoghlaim mar chuid dhílis de na laethanta saoire seo.

Gleo an Fhorais

Tá Foras na Gaeilge i ndiaidh scéim nua gradaim, GLEO, a sheoladh. Tugann an fiontar aitheantas do chur chun cinn na Gaeilge i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, gur dhírigh GLEO "ar aitheantas a thabhairt do shaothar agus do dhíograis múinteoirí as a n-iarrachtaí chun labhairt na teanga a spreagadh mar aon lena dtacaíocht do normalú na Gaeilge. Feileann timpeallacht na scoile go han-mhaith do spreagadh na teanga i measc na n-óg.

"Aithníonn Foras na Gaeilge an obair atá á déanamh ag múinteoirí bunscoile ar bhonn laethúil. Tá GLEO ar cheann de na tionscnaimh cheannródaíocha atá á dtabhairt isteach ag Foras na Gaeilge in earnálacha an Oideachais, an Ghnó agus an Phobail i mbliana agus tá tuilleadh le teacht sna míonna amach romhainn."

Beidh deis ag príomhoide múinteoir a ainmniú as an Ghaeilge a chur chun cinn agus bronnfaidh an Foras gradam airgid ar an mhúinteoir agus ar an scoil. Eolas: www.gaeilge.ie/gleo

Cúrsaí léinn

Cheadaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, deontais €1 milliún d'institiúidí tríú leibhéal le feabhas a chur ar sholáthar cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Beidh na cúrsaí á riar i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Is é dóchas na ranna go gcuirfidh an maoiniú breise seo céimithe ar fáil a mbeidh scileanna sa Ghaeilge acu. Tá tuilleadh céimithe le saineolas sa Ghaeilge de dhíth le freastal a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá anois ann ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ó rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Dúirt Ó Cuív: "Tá fáilte roimh an gcéim seo a mhéadóidh líon na gcéimithe le scileanna Gaeilge agus tabharfaidh sé sin cúnamh don Stát a fhreagrachtaí i leith na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach a chomhlíonadh."

Ceadaíodh cúrsaí i gcúrsaí teangaireachta, aistriúcháin, riaracháin agus cumarsáide.

Sceideal nua TG4

Cuirfidh TG4 ceann ar sceideal an Fhómhair an tseachtain seo chugainn. Dúirt Stiúrthóir na Teilifíse, Alan Esslemont: "Ní fada anois go mbeidh TG4 deich mbliana ar an aer agus creidimid go dtugann an clársceideal rogha tharraingteach clár don phobal féachana teilifíse in Éirinn - rogha ina bhfuil an bhéim ar an nua agus ar an ardchaighdeán clár."

Beidh Hector san Astráil ar cheann de na cláir nua chomh maith le Airfric sraithdhráma nua grinn do dhéagóirí. Beidh clár ann - Cloch ar Chloch - faoi dhaoine bheith ag iarraidh meáchan a chailleadh. Fillfidh an sobaldráma Ros na Rún agus FFC, dráma grinn atá suite i nDún na nGall, ar an scáileán.

Ó thaobh na n-ealaíon de, beidh Soiscéal Pháraic ar ais i mbun oibre. Beidh an chéad chlár ag amharc siar ar shaothar an ealaíontóra Robert Ballagh agus craolfar é sin seachtain ón Déardaoin ag 8pm.