Stadas oifigiuil

Leanfaidh an grúpa Stádas ar aghaidh lena bhfeachtas teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den Ghaeilge inniu…

Leanfaidh an grúpa Stádas ar aghaidh lena bhfeachtas teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den Ghaeilge inniu, tráth a mbuailfidh toscaireacht leis an Aire sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Dúirt urlabhraí thar ceann an ghrúpa agus príomhfheidhmeannach Chonradh na Gaeilge, Aoife Ní Scolaí, gur deis a bhí sa chruinniú "ar deireadh suí síos le hurlabhraí an Rialtais" agus fáil amach cad iad na spriocanna a bhí ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge san Eoraip.

Ní raibh deireadh leis an fheachtas, a dúirt Ní Scolaí, in ainneoin gur thug an Taoiseach le fios sa Dáil nárbh fhéidir stádas oifigiúil oibre a thabhairt don Ghaeilge.

Cuireadh "míchomhairle" ar an Taoiseach, a dúirt sí, agus dá bhfaigheadh sé eolas cruinn, ní raibh amhras uirthi ach go dtacódh sé leis an fheachtas.

READ MORE

Ní bheadh Stádas sásta le rud ar bith ach stádas oifigiúil a fháil:

"Cén fáth a bhfuil muid ag caint ar rud leath bealaigh?"