'Sprioc uaillmhianach ach is maith ann é mar sprioc'

TUARASCÁIL : PLEAN 2028 an t-ainm coitianta atá an Rialtas ag tabhairt ar an chéad phlean straitéiseach don Ghaeilge riamh. …

TUARASCÁIL: PLEAN 2028 an t-ainm coitianta atá an Rialtas ag tabhairt ar an chéad phlean straitéiseach don Ghaeilge riamh. Is é is cuspóir leis an phlean áit na Gaeilge sa Stát a bhuanú go ceann 20 bliain.

Earrach na bliana seo, cheap Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, Scoil Fiontar, ionad gnó agus teicneolaíochta Gaeilge Ollscoil Chathair Átha Cliath, le dul i mbun taighde don phlean.

Is é an Dochtúir Peadar Ó Flatharta ceann na scoile agus é ina cheannaire ar an ghrúpa comhairle atá le Plean 2028 a ullmhú. Murab ionann agus daoine eile, is beag deis a bheidh ag Ó Flatharta saoire a thógáil i mbliana. Caithfidh Plean 2028 bheith faoi bhráid an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi dheireadh na bliana seo agus is faoi Ó Flatharta a bheidh sé an obair sin a chríochnú.

Dúirt sé leis an cholún seo gur bhain dúshláin ar leith leis an taighde agus na moltaí: "Tá daoine ann freisin a déarfadh gur an-drocham anois é bheith ag caint ar an nGaeilge agus an tsáinn eacnamaíochta atá casta ar an tír chomh tobann is atá. Ach anois an t-am don phleanáil.

READ MORE

"Anois is ceart an cheist a chur céard iad na beartais is ceart dúinn tabhairt fúthu le go mbeimid in ann pobal láidir cainteoirí laethúla Gaeilge bheith againn. Má éiríonn linn an sprioc sin a bhaint amach beidh ábhar ceiliúrtha ag an tír i 2016 agus i 2022."

Is fada Peadar Ó Flatharta ag plé le ceist na Gaeilge. Fear Gaeltachta é as Conamara a bhí seal ina stiúrthóir ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bhí baint lárnach aige le mórán de na feachtais a throid an Chomhdáil, ina measc, an tAcht Teanga.

Dúirt sé go raibh an-tábhacht ag baint lena raibh ar bun: "D'fhéadfadh sé go mbeadh an beartas atá idir lámha ag an Rialtas agus iad i mbun cheapadh plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge ar an mbeartas teanga is tábhachtaí a bheadh déanta ó bunaíodh an Stát. Seo é an chéad uair riamh ar shocraigh aon rialtas go raibh an teanga chomh tábhachtach sin is gur cheart plean náisiúnta straitéiseach bheith ann chun í a chur chun cinn."

Ar na daoine eile atá ar an ghrúpa oibre, tá saineolaithe teanga ón Bhreatain, an mhór-roinn agus ón Astráil. Tá comhghleacaithe ollscoile de chuid Uí Fhlatharta ag cuidiú leis fosta: an Dochtúir Caoilfhionn Nic Pháidín, atá ar an ghrúpa oibre, agus Adelaide Nic Chárthaigh, atá fostaithe le dul i mbun taighde agus bainistiú an togra.

Faoi láthair, tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i mbun sraith cruinnithe poiblí le tuairim an phobail a fháil agus cuireadh ceistiúchán ar líne ar fáil ar www.plean2028.ie. Go dtí seo, tá 400 ceistiúchán líonta isteach.

Dúirt Ó Flathartha: "Ag éisteacht lena raibh le rá ag daoine a tháinig amach chuig na cruinnithe sin is léir go bhfuil siad an-neamhchinnte den mhéid atá uathu sa 20 bliain seo romhainn.

"Is éasca é sin a thuiscint ar bhealach mar go bhfuil cuid mhaith de na spriocanna a bhí leagtha síos bainte amach: stáisiún raidió agus teilifíse, roinn stáit ag déanamh cúraim don teanga, údarás don Ghaeltacht, bord stáit/foras trasteorann don teanga; acht teanga ag cosaint cearta teanga, stádas oifigiúil oibre san Aontas Eorpach, nuachtán laethúil agus nuachtán seachtainiúil - sin iad na rudaí a bheadh faoi chaibidil dá mbeadh na cruinnithe seo á reáchtáil 20 bliain ó shin ann. Ach tá siad seo uilig bainte amach anois."

Dúirt Éamon Ó Cuív roimhe seo gur mhaith leis go mbeidh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge mar thoradh amháin ar an phlean.

An féidir "pobal láidir cainteoirí laethúla Gaeilge" de 250,000 duine a chruthú? Dúirt Ó Flatharta: "Cé go bhfuil an sprioc seo uaillmhianach is maith ann é mar sprioc."

Impireacht oifigí

TÁ MÓRÁN daoine sna heagrais dheonacha a déarfadh leat go bhfuil slat tomhais amháin ag Foras na Gaeilge do na heagrais dheonacha agus slat tomhais ag muintir an Fhorais dóibh féin.

Tóg, mar shampla, an fhógairt a rinne an t-eagras Dé hAoine i ndiaidh gur cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas seacht bpost nua don Fhoras. Beidh cúig cinn acu sin i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall: stiúrthóir foilsitheoireachta; eagarthóir foclóra; beirt eagarthóirí chúnta agus ardoifigeach feidhmiúcháin agus dhá phost i mBéal Feirste: oifigeach foirne agus aistritheoir/léitheoir profaí.

Mar chuid dá bpróiseas díláraithe go Gaoth Dobhair a chuir an Foras síos ar na postanna Conallacha. Dílárú? Nach ionann dílárú agus daoine atá ag obair in aon áit amháin cheana féin a bhogadh go háit eile? Is cruinne a rá go bhfuil an Foras ag cur postanna nua a chur ar fáil i nGaoth Dobhair - agus ní chuirfidh jabanna úra olc ar dhuine ar bith i nGaeltacht Dhún na nGall.

Toradh amháin eile a bheidh ar an 'dílárú' seo go mbeidh ionad eile oibre ag an Fhoras: tá dhá oifig acu i mBaile Átha Cliath (an ceannáras i gCearnóg Mhuirfean agus oifigí an Ghúim ar Shráid Fhreidric Thuaidh); oifig i Ráth Cairn, Co na Mí, áit a bhfuil foireann Bhord na Leabhar Gaeilge; oifig i mBéal Feirste agus anois oifig eile i nGaoth Dobhair. (Ní impireacht go hoifigí!)

Is minic an Foras ag seanmóireacht faoi luach a gcuid airgid a bhaint as na heagrais dheonacha. An bhfuil an Foras ag baint an úsáid is fearr as a n-acmhainní airgid agus daonna?

Tá a bhfoireann le lonnú ar chúig láthair oibre agus costais reatha oifige dá bharr sin. Ó tharla go mbaineann na postanna le hobair atá ar siúl ag an Fhoras cheana féin, nár chéillí í a choinneáil faoi aon díon amháin san ardchathair nó i mBéal Feirste féin más gá? Ach tá polaitíocht teanga i gceist - tá an Rialtas ar son díláraithe agus caithfidh an Foras bheith ar son díláraithe.

Agus ag caint ar pholaitíocht teanga, d'fhógair an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, i ndiaidh an chruinnithe chéanna den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas go raibh "ríméad" air as "cruinniú dearfach" bheith aige le hAire Cultúir Thuaisceart Éireann, Gregory Campbell (DUP). Bhí "dul chun cinn suntasach bainte amach" agus "tionchar thar a bheith suntasach acu ar chomhthuiscint agus mheas a mhéadú ar thraidisiúin chultúrtha na n-oileán".

Gach seans go mbeidh ríméad ar lucht na hUltaise; fuair siad £1 milliún (€1.15 milliún) sa bhreis as an chruinniú. Ach gach seans go gcuirfidh ráiteas Uí Chuív faoi "comhthuiscint" agus "meas" mearbhall ar chuid de lucht na Gaeilge sa Tuaisceart. Déarfadh cuid acu gur beag comhthuiscint agus meas ar chás na Gaeilge a léirigh an DUP go dtí seo.

TÁ RÚN ag lucht na Gaeilge i gCroimghlinn, Baile Átha Cliath 12, Gaelscoil idirchreidmheach, Gaelscoil Oisín, a bhunú do Mheán Fómhair, 2009. Is iad Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge pátrún na scoile nua. Beidh oíche eolais agus réamhrollacháin ag coiste na scoile Déardaoin, 28ú Lúnasa, agus cuireann siad fáilte roimh thuismitheoirí bheith i láthair. Eolas: 085-1147919

beartaspolicy - ceistiúchánquestionnaire - dearfachpositive - dílárúdecentralisation - dúshlánchallenge - feachtascampaign - fostaíochtemployment - impireachtempire - ríméadgladness - saineolaíexpert - sprioctarget - straitéiseachstrategic - taighderesearch - uaillmhianachambitious