Slán abhaile, a sheanadóirí

CROBHINGNE: TÁ AN chuma air go bhfuil an Seanad ag dul ar shlí na fírinne, slí nár dhual dó, gan bhréag.

CROBHINGNE:TÁ AN chuma air go bhfuil an Seanad ag dul ar shlí na fírinne, slí nár dhual dó, gan bhréag.

Beidh an bás fada agus casta agus uaillphéineach, agus ós ní é go raibh néaltrú seanaoise air le tamall de bhlianta liatha, ní móide go mbeidh cuimhne ag mórán ar a chluichí gaisce agus baoise. Ní bheidh an tórramh iontach brónach, ina choinne sin, mar ghabh an Seanad tríd an saol mar a bheadh cúlbhinseoir balbh, mar a bheadh lánchúlaí ar chlé fhoireann shóisir iomána in uachtar an Dúin, mar a bheadh duine nár ghlaoigh riamh ar Joe Duffy, chomh ciúin le póg mhná rialta, chomh tostach le hanáil seilmide, chomh ganfhiosach le bó ag dul chun an tseamlais.

Bhí eisceachtaí ann, gan amhras ar bith, eisceachtaí a raibh guth agus cur chun céille acu don chuid is mó, eisceachtaí a thogh céimithe pribhléidithe na seanOllscoileanna. Níor tugadh an guth pribhléide sin riamh do chéimithe na nOllscoileanna nua, mar bhí ceann amháin díobh i mBaile Munna, agus an ceann eile i Luimneach, dhá áit a bhfuil cáil na gcapall lasmuigh orthu. Más fíor go n-aithníonn ciaróg ciaróg eile, ní follas an féidir an rud céanna a rá faoi chapaill. Seans go mbeadh eagla ar an gcapall laistigh roimh sheitreach an chapaill lasmuigh. Bhí uaireanta ann nuair a bheadh capall Caligula go hiomlán slán socair sleamhain agus é in Seanad Éireann.

Bhí eisceachtaí ann, gan amhras arís, eisceachtaí a raibh guth agus cur chun céille acu. Eisceachtaí úd na nOllscoileanna agus fodhuine a d’ainmnigh Taoiseach de thimpist nó de thoisc rith fola san inchinn. Eisceachtaí iad ar fud an Tí Oireachtais úd arb ann dó mar naíonra don pholaiteoir ag teacht aníos, agus mar theach altranais dóibh siúd ar a mbealach amach anuas. Eisceachtaí idir dhá cheann na meá, idir seanógóirí ag foghlaim na gcleas agus seanfhadóirí ag seanchas go seanadúil. Tá a fhios againn cérbh iad: Norris agus Harris agus O’Toole agus Ross agus John A. Murphy agus Ryan agus Lee agus beagán eile nach liosta le háireamh iad. Agus ó, is ea! Ní hionann sin is nach ndúiseofá i lár na hoíche ag bualadh do chloginn i gcoinne bhabhla an leithris de dheasca rud éigin a mhol duine éigin díobh – ach chuir siad le gealadhram an tsaoil, agus le gaois an bhladair go minic, nó ó am go chéile, nó anois is arís, nó uair umá seach, nó uair amháin féin. Ach is iad na heisceachtaí iad. Maidir leis an gcuid eile bhí siad ar an mórgcóir chomh marbh le maidin Domhnaigh i gCreag Aibhne.

READ MORE

Bhíothas ag caint ar leasú, ach ní fios ar leasú le haoileach nó le bualtrach a bhí i gceist. Déanadh moltaí go tiubh agus ba thiubh mar mholtaí go leor díobh. Is é nár mhol duine ar bith ná an t-aon leasú a bheadh chomh daonlathach is a bheadh sé cothrom.

Is é sin le rá ná gur cuid den chrannchur náisiúnta a bheadh sa Seanad feasta. Chuirfí méid áirithe suíochán Seanaid ar chranna gach bliain. An té a bhuafadh gheobhadh sí ionadaíocht bliana ann; an duine a gheobhadh an dara háit, gheobhadh sé ionadaíocht dhá bhliana. Ansin ar rothaí móra Winning Streak shocrófaí méid na gcostaisí agus na liúntas bliantúla. Sa tslí sin, dheimhneofaí páirtíocht leathan an phobail agus suim chomh mór is a fhaightear in URA*.

San leasú céanna sin, chaithfí painéil éagsúla a bheith ann. Mar shampla, painéal amháin de chuid na bpolaiteoirí is lú a fuair vóta i ngach aon dáilcheantar. Thoghfaí an seanadóir as an bpainéal sin is lú a fuair vóta arís.

Ar a laghad, sa chás sin, gheofaí duine a thuigeann cad is teip agus díomá agus lagmhisneach ann, duine a bheadh ar aon chomhrámh is ar aon chomhfhulaingt le formhór an phobail. Ar an gcuma chéanna, ba chóir go mbeadh painéal ann de na daoine go léir a chaith níos mó ná lá amháin ar thralaí in ospidéal stáit.

Bhainfeadh an stocaireacht don phainéal sin leis na maslaí ba bhinbfhileata a d’fhéadfaí a chaitheamh leis an Aire Sláinte agus Brúidiúlachta, pé duine a bheadh ann san am. Mar a tharla, bhí sáiteán amháin ag Seanadóirí na Róimhe fadó a d’oirfeadh i gcónaí ach ar cheart a bheith spárálach ina bhun: “Senex nequissime!” Cuirim é seo isteach ar son go mbeadh léann áirithe sa cholún seachas moltaí a bhfuil fuaimint leo.

Is é is suimiúla ná a ghastacht is a géilleadh do dhíbirt an tSeanaid. Labhair Enda, lean Fine Gael, lig an Lucht Oibre, agus leáigh Fianna Fáil. Tuar na tairngreachta?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar