Rogha an dá dhíogha; rogha an pushmi, pullyu

BEOCHEIST: MAR A léiríodh le seachtain nó dhó anuas, is mairg don tráchtaire a chuireann an iomarca muiníne i bpobalbhreitheanna…

BEOCHEIST:MAR A léiríodh le seachtain nó dhó anuas, is mairg don tráchtaire a chuireann an iomarca muiníne i bpobalbhreitheanna. Ní luaithe pobalbhreith an Millard Browne Lansdowne le haghaidh TV3, a thug tromlach tacaíochta do Pháirtí an Lucht Oibre, foilsithe ná gur fhoilsigh an Sunday Business Post ceann a léirigh titim i dtacaíocht an Lucht Oibre agus a d'fhág Fine Gael ar bharr le 31 faoin gcéad.

Agus é ag fáiltiú roimh an chéad cheann, an dea-scéal ó TV3, tháinig ceannaire an Lucht Oibre Eamonn Gilmore os comhair na Dála agus gach cuma air go raibh an Merc aige cheana agus eochracha Farmleigh ina phóca. Ní amháin sin, ach an lá dár gcionn thosaigh cuid de na tráchtairí agus na gurúanna nuachtáin ag tuar go raibh an taoide ag casadh i dtreo an Lucht Oibre.

Anois, más mairg don té a thabharfadh an iomarca aird ar phobalbhreitheanna, is mairg freisin a dhéanfadh neamhaird díobh. Caithfidh glacadh leo go simplí mar áis a léiríonn claonadh ginearálta an phobail ag pointe áirithe ama.

Ach an rud aba shuntasaí faoin difríocht idir pobalbhreith TV3 agus pobalbhreith an Red C sa Business Post ná gur bhearna 12 pointe a bhí ann. Ba leor difríocht mar sin chun amhras a chur ar éinne faoi chruinneas cuid de na suirbhéanna seo.

READ MORE

Conas arbh fhéidir le pobalbhreith amháin ceannas an Stáit a bhronnadh ar Pháirtí an Lucht Oibre agus, dhá lá ina dhiaidh, go gcuireann ceann eile é taobh thiar d’Fhianna Fáil?

Cuid den gcúis gur léim na meáin chumarsáide ar an chéad phobalbhreith sin go bhfuil mothúchán ginearálta sa Stát, spreagtha ag an dóchas is dócha, go bhfuil rud éigin mór chun tarlú, go bhfuil deus ex machina chun muid a shábháil ó imeall na tubaiste.

Ach má fhágann muid an phobalbhreith áirithe sin ó TV3 ar leataoibh, tá téama coitianta ag teacht chun tosaigh a thugann leide dúinn faoina bhfuil i ndán.

B’fhéidir gurb é an toradh is coitianta iontu líon na buntacaíochta a bhíonn ag Fianna Fáil. Is teist í ar chomh domhain agus atá fréamhacha an pháirtí sa bpobal dulta go seasann a dtacaíocht fós ag timpeall 24 faoin gcéad.

Tar éis a bhfuil tarlaithe agus an milleán mór atá curtha orthu faoin ngéarchéim eacnamaíochta, tá drogall ar idir 22 faoin gcéad agus 24 faoin gcéad den bpobal vótáil ina n-aghaidh.

Fágtar muid le cúpla ceist: cén rud uafásach a chaithfeadh FF á dhéanamh chun go vótálfadh na daoine seo ina n-aghaidh agus an bhfuil Fine Gael dáiríre chomh holc sin mar rogha go bhfanann beagnach an cheathrú cuid de na toghthóirí dílis do Fhianna Fáil?

Ní fhéadfadh sé gur muinín i gcumas bhainistíocht na heacnamaíochta atá taobh thiar den tacaíocht seo ag FF agus admhaíonn beagnach gach duine go mbeadh ar pháirtithe an fhreasúra na rudaí crua céanna a dhéanamh agus atá á ndéanamh ag FF. Nach minic ráite é freisin, fiú roimh an ngéarchéim is déanaí, nach raibh an oiread sin difríochta idir na polasaithe eacnamaíochta a bhí ag an dá mhórpháirtí

Mar sin, caithfidh go bhfuil rud eile a choinníonn lucht tacaíochta an pháirtí taobh thiar dóibh sa mbearna bhaoil. Bhainfeadh roinnt de le traidisiún clainne agus leis an dílseacht áitiúil a thug buntáistí do cheantracha agus do dhaoine áirithe thar na blianta.

Ach, seans go dtéann sé níos doimhne; gur rud é a bhaineann le bród oidhreachta. Bíodh siad ceart nó mícheart, is deacair leis na toghthóirí seo muinín bheith acu as Fine Gael fód na hoidhreachta náisiúnta a sheasamh. Agus ar chúis éigin nach mbaineann le cumas an fhir, mar ní raibh an post mór riamh aige, is ionann leo Enda Kenny mar Thaoiseach agus ionadaí a thógáil ón mbinse agus captaen foirne a dhéanamh de.

Má ghlactar leis na pobalbhreitheanna go dtí seo mar chlaonadh ginearálta na dtoghthóirí amháin, áfach, is í sin an chinnteacht eile a thagann amach (taobh amuigh de phobalbhreith TV3) go mbeidh Enda Kenny ina chéad Thaoiseach eile. Is cosúil freisin gur téarma iomlán a bheidh ag FG agus ag Páirtí an Lucht Oibre mar tá seasmhacht de dhíth.

Ach bheadh sé le ciall acu clár iomlán polasaithe aontaithe a fhoilsiú roimh an dtoghchán. Má chuireann siad polasaithe atá in adharca a chéile os comhair an phobail, go áirithe ar ghearradh postanna sa tseirbhís phoiblí, bainfidh croívóta FF buntáiste as.

Ní theastaíonn ó na toghthóirí an dá Bhrian a ruaigeadh chun an créatúr sin as Dr Dolittle an “pushmi-pullyu” a chur ina n-áit.