Reamhaisneis na bliana

Crobhingne: Bíodh go bhfuil an bhliain ag dul i bhfad cheana féin agus na laethanta dá réir agus nach bhfuil ach trí chéad agus…

Crobhingne: Bíodh go bhfuil an bhliain ag dul i bhfad cheana féin agus na laethanta dá réir agus nach bhfuil ach trí chéad agus beagán le cois laethanta siopadóireachta fanta roimh an Nollaig agus go bhfuil formhór na dtuartha istigh, rith sé liom gurbh fhiú féachaint isteach sa phráta criostail agus cúrsaí na bliana seo chugainn a mheas.

1. Beidh Bertie Ahern fós ina thaoiseach ar an stáitín saor seo, an chuid sin den oileán nach ngairmtear na sé chontaetha di.

2. Ní bhuafaidh Ros Comáin craobh na hÉireann san iomáint.

3. Ní bhainfidh Ceatharlach craobh na caide ach oiread (bhuaigh mé airgead air seo cheana).

READ MORE

4. Ní fhásfaidh úlla ar chrainn eidhneáin, ach amháin sa chás is go ndéanfar bith-thrasnú eatarthu.

5. Déanfaidh lucht gnó cúbláil ar airgead chomh siúráilte is atá bianna ar mhaide bhacaigh, pé ní iad sin araon.

6. I mí Mheán an Fhómhair tiocfar ar rún na beatha, dar le fealsaimh agus slogadóirí gaoise, ach beidh breall orthu.

7. Inseoidh polaiteoirí bréaga agus déanfaidh siad bladar agus tiocfaidh siad ar chúla téarmaí den fhírinne.

8. Déanfaidh Michael O'Leary agus Bill Gates agus George Soros agus an ridire ardmharcach Antóin Ó Raghallaigh na múrtha agus na multimhilliúin euróchaí agus dollarachaí agus puntannaí agus zlotyachaí, oiread agus a réiteodh ocras an domhain mura gcuirfí i gcúpla lánbholg cheana iad.

9. Má éistear le fuaim na habhann, ní bhfaighfear bradán mar is sna feirmeacha éisc ar a mbeathú ar cheimiceáin agus ar mhíolta deastógtha atá a bhformhór.

10. Ní dhéanfar comhrialtas idir Iain Páislig agus Muid Féin mar níl sé a dhíth ó cheachtar de lán na beirte acu - agus aguisín - sa chás is go ndéanfaidh le teann glanseansúlachta, titfidh as a chéile laistigh de sheacht seachtaine; agus cuirim mo ghunna air sin.

11. Beidh daoine fós ag troid sna sobaldrámaí, go háirithe in Ros na Rún, ionad nár dúradh focal macánta cineálta fós ann le trí mbliana anuas, ach ina dhiaidh sin gur léiriú sárfhírinneach é ar an saol laethúil sa Spidéal.

12. Gheofar Saddam Hussein ciontach sna coireanna a chuirfear ina leith, agus beidh na daoine a chabhraigh leis sa bhúistéireacht mar phríomhfhinnéithe ina choinne.

13. Éireoidh ar a laghad Aire Rialtais amháin as, agus fág go mbeidh cúis in aghaidh go leor eile, dúnfar na doirse agus na comhlaí agus glasfar na claib agus geallfar an comhar.

14. Beidh cúr le béal Pháidí Uí Shé i mí an Mheithimh, ach ní léir ó thairngreachtaí Nostradamus an le haoibhneas, le feirg, nó le fíoch an ainmhí é, óir deir an fáidh úd go dtiocfaidh madra allta aniar aneas agus na hoirc is na hairc á ngeallúint aige, sobal lena dhraid, agus gheofar subh láithreach ar maidin.

15. Ní thitfidh sneachta Lá Nollag i mbliana in áit ar bith in Éirinn, go fiú ar na Beanna Beola ná ar Ghleanntáin Gharbha na hEargaile in aice an Eargail.

16. Beidh Arm Sheoirse na Sceiche fós san Iaráic agus beidh níos mó sibhialach neamhchiontach idir fhir agus mhná curtha chun báis acu ná mar a bheidh d'amhais Phoncánacha sínte síos ag cothú na gainimhe.

17. Laghdófar ar chearta daonna ar fud an domhain, glacfar leis go bhfuil sé cóir agus críostúil pianpháis a imirt ar phríosúnaigh, méadófar an caiteachas ar ghiúirléidí báis agus dúnmharfa, stracfar conraí chearta an duine as a chéile, cuirfear níos mó daoine chun báis sna stáit bharbartha a bhfuil an pionós báis acu, agus tosnófar ar aois dhorcha bhrúidiúil ar na daoine dorcha brúidiúla, dar linn, i measc na ndaoine deasa, a bhfuilimidne ar a bhfud, dar linn, mar dhea.

18. Tuirlingeoidh an Spiorad Saobh ar mhórán uachtarán agus deachtóirí mar a dhein sé riamh ó thosach an domhain agus déanfaidh siad dochar dá réir le cabhair na Leabhar Diaga, agus beimid an-sásta leo mar is é sin focal Dé.

19. Taighdeofar scata Éireann tuarascálacha, suirbhéanna, pobalbhreithmheasanna ar gach ábhar faoi na scamaill dhorcha, ach ní bheimid aon phioc níos tuisceanaí dá mbarr.

20. Ní thiocfaidh deireadh an domhain roimh dheireadh na bliana seo mar adeir go leor de na fáithe, ach má thagann féin, ní bheidh de shólás ag aon duine a rá go bhfuil pioc de seo mícheart.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar