Raidió yí-há

CHEADAIGH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deontas €27,000 don stáisiún idirlín, Raidió Rí-Rá, an tseachtain seo caite…

CHEADAIGH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deontas €27,000 don stáisiún idirlín, Raidió Rí-Rá, an tseachtain seo caite. Tá Rí-Rá ag craoladh an cheoil is déanaí ó na cairteacha trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga ó bhí Márta 2008 ann.

Mhol McGinley an stáisiún as “an obair fhiúntach” agus “fís” a bhí acu freastal a dhéanamh ar riachtanais teanga dhaoine óga; bhí “an-mholadh” ag dul dóibh.

Dúirt cathaoirleach an stáisiúin, Traic Ó Braonáin, gur mhór leo an t-aitheantas agus an chabhair a thug an deontas dóibh cur lena gcuid seirbhísí. Ba é cuspóir Rí-Rá an mhuintir óga a spreagadh “leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch lasmuigh den seomra ranga”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times