Port eile ag na Gaeil

Sheol lárchomhairle phobal na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, suíomh athdheartha - www.gaelport

Sheol lárchomhairle phobal na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, suíomh athdheartha - www.gaelport.com - an tseachtain seo caite.

Dúirt David Leydon gur aithin an t-eagras go raibh sé tábhachtach go mbeadh "láithreacht láidir ag an nGaeilge ar an Idirlíon agus a bhuí sin bíonn www.gaelport.com á fhorbairt i gcónaí.

Tá gaelport.com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu in earnáil na Gaeilge agus a bhfuil ag titim amach inti agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil." Foilsíonn gaelport.com ailt nuachtáin a bhaineann leis an Ghaeilge gach lá. Lena chois sin, scaipeann siad nuachtlitir leictreonach gach coicís.

Tá breis agus 2,500 síntiúsóir ag an nuachtlitir faoi láthair. Tá réimse seirbhísí ann don phobal, mar shampla, foirmeacha stáit i nGaeilge ar-líne, eolas faoin Acht Teanga agus is féidir le daoine tuairiscí agus taighde na Comhdhála a íoslódáil.