Peaca an tsinsir

Beocheist: The recent drama, Sinners, could have been more effective andbalanced, argues Máiréad Ní Chinnéide

Beocheist: The recent drama, Sinners, could have been more effective andbalanced, argues Máiréad Ní Chinnéide

Samhradh na bliana 1963 a tháinig John F Kennedy go hÉirinn. Ag staidéar do scrúduithe ollscoile a bhí mé agus b'fhaoiseamh é ó na leabhair bheith ag amharc ar na pictiúir ar an teilifís de na sluaite a tháinig amach chun fáilte a chur roimh an chéad uachtarán Caitliceach ar na Stáit Aontaithe.

Tháinig an samhradh sin chun cuimhne agam agus mé ag amharc ar an scannán Sinners a craoladh ar RTÉ agus ar BBC ar na mallaibh mar is sa bhliain sin, 1963, a tharla eachtraí an scannáin.

Scannán é atá suite i gceann de na tithe tearmainn sin in Éirinn do mháithreacha neamhphósta ar a dtugtaí Magdalen Laundries. D'éirigh thar barr leis léiriú a thabhairt ar chruatán an tsaoil a bhí ag na mná óga arbh éigean dóibh tearmann a lorg iontu.

READ MORE

Chonaiceamar iad ag obair ó dhubh go dubh sna tithe níocháin seo agus siúracha gan trua gan trócaire ag stiúradh na hoibre. Siúracha a chreid go daingean go raibh an "peaca" a bhí déanta ag na mná seo chomh tromchúiseach sin gur cheart dóibh pionós a dhéanamh ar feadh an chuid eile dá saol.

Chreid siad fosta, nó sin a tugadh le fios dúinn, go raibh sé de cheart acu leanaí na máithreacha óga a bhí faoina gcúram a thógáil uathu in éadan a dtola agus iad a thabhairt ar altram do thuismitheoirí eile.

Mná rialta iad a raibh an oiread sin ómóis acu d'institiúid na hEaglaise go raibh siad sásta cailín a chur go dtí Teach na nGealt nuair a d'inis sí dóibh go raibh an séiplineach sa tearmann tar éis ionsaí mígheanasach a dhéanamh uirthi.

Chorraigh an scannán go mór mé. Glacaim léis go raibh sé bunaithe ar eolas a bailíodh i dtaobh na dtithe níocháin seo.

Más é an aidhm a bhí leis an pobal a chur ar an eolas faoin leatrom a rinneadh ar na mná óga seo, d'éirigh leis.

Ach, ag an am céanna, sílim go ndeachaigh sé thar fóir sa phictiúr a tugadh dúinn de na mná rialta.

Tugadh le fios gur príosúin a bhí sna tithe tearmainn agus go mbíodh sé beagnach dodhéanta a theacht amach astu.

Taispeánadh beirt Ghardaí ar diúité de shíor lasmuigh den tearmann ar eagla go n-éalódh duine de na mná.

Pictiúr bréagach a bhí ansin.

Léiríonn taighde atá déanta ar na tithe níocháin Magdalen gur dá dtoil féin a chuaigh formhór na mban isteach iontu agus go raibh mná ann a thagadh ar ais arís agus arís eile.

Agus cé go ndearna na mná rialta a ndícheall chun iad a chosaint ón saol mór amuigh ar eagla go ndéanfaidís "peaca" arís, ní fhéadfaidís iad a chosc ar imeacht dá mbeartoidís sin a dhéanamh.

Níl mé ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den chruatán a d'fhulaing na mná sna tithe níocháin ach is dóigh liom go bhfuil sé rófhurasta ceap milleáin a dhéanamh de na mná rialta agus sin a rinneadh sa scannán seo.

TÁ an oiread milleáin le cur ar an phobal a ghlac leis na hinstitiúidí seo gan ceist agus atá ar na siúracha a bhí ina mbun.

D'oir sé d'údaráis an Stáit a súile a dhalladh ar chruachás na mban óg mar dá ndúnfaí na tearmainn seo bheadh orthu córas tacaíochta do mháithreacha neamhphósta a chur ar fáil.

D'oir sé do mhuintir na mban óg torrach áit bheith ann ina bhféadfaidís iad a chur i bhfolach ó shúile na gcomharsan.

D'oir sé don mheánaicme mheasúil a gcuid éadaí a chur go dtí na tithe níocháin seo agus cá bhfios nach raibh baint ag teacht an inneall níocháin le dúnadh chuid mhór acu?

Dúnadh an ceann deiridh i 1996. Is beag eolas a bhí agam féin agus mé ar an ollscoil faoi chruachás na mban sna tithe níocháin seo agus ní dhearna mé iarracht ar bith chun a thuilleadh eolais a fháil.

Le linn na 1960í bhí lucht ollscoile ag agóid go minic ar son a gcearta. Ní chuimhin liom riamh agóid ar son máithreacha neamhphósta. Mhothaigh mé ciontach as an neamhshuim sin tar éis dom an scannán Sinners a fheiceáil.

Ach scannán níos éifeachtaí agus níos cothroime a bheadh ann dá dtabharfaí léiriú níos fearr ar dhearcadh na n-údarás agus an phobail i gcoitinne sna 1960í i leith máithreacha neamhphósta seachas an milleán ar fad a chur ar na mná rialta.