Oireachtas ealaionta

Bhain an t-aisteoir agus scríbhneoir, Joe Steve Ó Neachtain, an chéad duais de €4,000 as úrscéal don phobal lena shaothar, Lámh…

Bhain an t-aisteoir agus scríbhneoir, Joe Steve Ó Neachtain, an chéad duais de €4,000 as úrscéal don phobal lena shaothar, Lámh Láidir, i gcomórtais liteartha an Oireachtais. Is ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir a fógraíodh torthaí na bliana seo.

Bhí dea-scéal arís ann don scríbhneoir Seán Ó Dúrois. Don dara bliain as a chéile, bhain sé féin an chéad duais i gceann de na catagóirí liteartha. Bhuaigh sé €3,000 i bhficsean do dhaoine óga idir 9 agus 12 bliain d'aois le An Teach Siúil. Máire Nic Mhaoláin, aistritheoir, a bhain an chéad duais sa rannóg do dhaoine fásta idir 16-18 bliain d'aois le Beatha Chormaic.

Ba é an scríbhneoir Micheál Ó Ruairc a thug an chraobh leis sa chomórtas d'ábhar léitheoireachta do dhaoine fásta le Bás i mBaile an Ghorta. €3,000 atá ag dul dó. Agus thug Catherine Foley de chuid an nuachtáin seo an dara háit léi sa chomórtas céanna lena saothar, Sorcha sa Ghailearaí.

Roibeard Ó Conaing a bhain Comórtas Cuimhneacháin Sheáin Uí Éigeartaigh as cnuasach gearrscéalta Seanchas na Féinne agus Scéalta Eile. Micheal Davitt a bhain an chéad áit sa chomórtas filíochta le Fardoras.