Oireachtas Airne

TÁ NA hardáin ciúin, na boscanna ceoil curtha i bhfolach agus Cill Airne tréigthe ag na Gaeil, a scríobhann Seán Ó Mainnín. Sea…

TÁ NA hardáin ciúin, na boscanna ceoil curtha i bhfolach agus Cill Airne tréigthe ag na Gaeil, a scríobhann Seán Ó Mainnín. Sea, Oireachtas na Samhna amháin eile curtha dínn agus cuma air gur bhain na mílte a d’fhreastail ar imeachtaí in Óstán an Gleneagle an-sásamh as a raibh ar fáil.

D’fháiltigh an baile roimh an fhéile agus chualathas turasóirí ó Mheiriceá ag déanamh iontais den méid Gaeilge a bhí á labhairt ar an bhaile fós.

Agus na comórtais lúibíní, scéalaíochta agus amhránaíochta faoi lán seoil ó lár na seachtaine, rinneadh an oscailt oifigiúil Déardaoin. Ach ba é cur i láthair spleodrach Rónáin Mhac Uí Bhuí Dé hAoine a chuir an lasair sa bharrach dáiríre don Oireachtas seo. Bhí geáitsíocht fhear Ghaoth Dobhair i measc an tslua ar a chlár ar RTÉ RnaG, Rónán Beo @3, cumasach ar fad.

Bhí Cóisir Bhréagéide ann agus greim ag mic léinn na tíre ar an gceann seo lena gcultacha éide. Bhí neart cailleach an uafáis ann (nárbh í an tSamhain í?), Lady Gaga agus mucanna gan mhín, idir fhir is mhná, cé nár chinnte a ngnéas uaireanta.

READ MORE

Agus tháinig ócáid nua eile ar an saol, “Scoráil Sciobtha”. Tuigtear go raibh sé i mbaol ag a thús ceal páirtithe go dtí go ndeachaigh Mícheál Ó Súilleabháin amach ag béicíl ar son daoine singil. Fuair sé suas go leathchéad. Tá daoine ag cur geall go mbeidh an-tóir ar an ócáid nua seo an bhliain seo chugainn, go mbeidh cleamhnas le féile Lisdoonvarna an dara bliain agus go slánófar an Ghaeilge dá bharr!

Bronnadh gradam speisialta ar an Mhoinsineoir Pádraig Ó Fiannachta ag ócáid Chorn Uí Riada agus ba í Nollaig Ní Laoire, An Tullach Ard, Baile Átha Troim, a thug an svae léi sa gcorn céanna. Ba bhreá an rud sástacht lucht Ghaeltacht na Mí a fheiceáil ag ceiliúradh bua dá gcuid féin. Agus bhí an focal “Aird” i seoladh bhuaiteoir chomórtas rince aonair ar an sean-nós, Gearóid Ó Dubháin, Aird Mhór, Cill Chiaráin. Ardfhear, ardbhean...agus ard-Oireachtas.

BEIDH AN DRÁMAdátheangach, The Beautiful Girl,ar siúl san Amharclann Nua, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, go dtí an Satharn. Is í an scríbhneoir Sligeach, Joanne McNulty, a scríobh agus tá an dráma bunaithe ar shaol agus ar shaothar Thomáis Mhic Eoin, amhránaí as Conamara. Gach léiriú ag 8pm. (Eolas: 01-6703361 nó www.thenewtheatre.com)