Oide eolach

Beidh an tOllamh Jim Cummins ó Ollscoil Toronto ag tabhairt sraith léachtaí poiblí ar chúrsaí dátheangachais an tseachtain seo…

Beidh an tOllamh Jim Cummins ó Ollscoil Toronto ag tabhairt sraith léachtaí poiblí ar chúrsaí dátheangachais an tseachtain seo.

Tá Cummins ina Ollamh le hIonad na Nuatheangacha. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige as a chuid taighde i réimse an oideachais dhátheangaigh agus phleanáil teanga agus mórán foilseachán i gcló aige ar cheisteanna a bhaineann le foghlaim agus sealbhú teanga.

Labhróidh sé ar "Acquiring Literacy in Two Languages: The Role of Home and School" i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, anocht ag 7.30 p.m. Beidh sé ag caint ar "Policies for Language Revival: Comparing Irish, Welsh and Basque Experiences" amárach ar Ollscoil Luimní ag 2 p.m. agus ar an ábhar céanna in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag 8 p.m.