Oiche na hAise

Tá Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ag eagrú lá speisialta Dé Sathairn ag 5 p.m

Tá Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ag eagrú lá speisialta Dé Sathairn ag 5 p.m. le hairgead a bhailiú don tubaiste a tharla san Áis.

€5 a bheidh ar an doras; beidh crannchur chomh maith le ceol beo lena linn. Beidh ceoltóirí agus foireann an bheáir ag obair go deonach agus beidh airgead an dorais, an chrannchuir agus céatadán d'airgead an bheáir ag dul go GOAL.