Oíche Íosagáin

TUARASCÁIL: CUIRFIDH COLÁISTE Íosagáin, Baile Átha Cliath, críoch ar imeachtaí ceiliúrtha 40 bliain le ceolchoirm anocht ag …

TUARASCÁIL:CUIRFIDH COLÁISTE Íosagáin, Baile Átha Cliath, críoch ar imeachtaí ceiliúrtha 40 bliain le ceolchoirm anocht ag 8pm sa scoil.

Cór, ceolfhoireann, scoláirí agus iarscoláirí a thiocfaidh le chéile le rogha cheoil a chur ar fáil ina mbeidh Gloria le Vivaldi agus carúil Nollag le cluinstin. Tá ticéid (€5) le fáil agus cuirfidh lucht na scoile fáilte roimh thuismitheoirí agus iarscoláirí teacht agus sult a bhaint as an oíche.

Eolas: 01-2884028