O ainm Rioga go hainm Gaelach

Beocheist: Daingean, Portlaoise, Cóbh agus Dún Laoghaire. Ceithre bhaile le hainm gan leagan Béarla

Beocheist: Daingean, Portlaoise, Cóbh agus Dún Laoghaire. Ceithre bhaile le hainm gan leagan Béarla. Bailte na Gaeltachta féin ní féidir an méid sin a rá faoina bhformhór, ach le roinnt blianta anuas níl aon Bhéarla le feiceáil níos mó ar na comharthaí bóthair.

Duine ar bith a bhí sa Ghaeltacht sular cuireadh suas na comharthaí nua i nGaeilge amháin beidh cuimhne acu ar na seanchomharthaí dhá theangacha agus péint dhubh curtha ag muintir na háite tríd an Bhéarla. I m'óige, agus claonadh láidir ionam chun néatachta, ní dhearna mé idirdhealú idir na stríocaí seo agus graffitti ar bith eile a bhainfeadh d'áilleacht na timpeallachta.

Feictear anois dom, ar mhórán cúiseanna, áilleacht ina measc, go bhfuil sé in am againn sampla na Gaeltachta a leanacht agus comharthaí bóthair na tíre a athnuachan.

Mar léiriú nithiúil ar dhea-mhéin na ndaoine i leith na Gaeilge, ní éileodh sé iarracht phearsanta rómhór ó éinne faoi leith.

READ MORE

Tá an-mholadh faighte agus tuillte ag an dán breá a léigh Seamus Heaney Lá Bealtaine ag Searmanas Méadaithe an Aontais Eorpaigh i bPáirc an Fhionn Uisce. Déanann sé imeartas focal ann ar an gceangal idir "fionn uisce" agus "phoenix".

Is sampla eisceachtúil é seo d'ainm áite ina bhfaightear brí nua taitneamhach ón gcosúlacht fuaime idir an Ghaeilge agus focal eile ar fad sa Bhéarla.

Ceann eile, i mBaile Átha Cliath freisin ach é níos casta, is ea Lár Coille a rinne ní hé amháin claochlú amháin go Lark Hill ach an dara claochlú uaidh sin go Cnoc na Fuiseoige a bhfuil a aoibhneas féin ag baint leis ar nós an fhéinics.

Faraor ní aoibhneas ach uafás a chuirfeadh na leaganacha coitianta Béarla ar chuairteoirí a gcaithfear a mhíniú dóibh nach bhfuil marú ná bualadh i gceist le Kill agus Knock.

Ní ar mhaithe le cuairteoirí a chuirfí suas comharthaí nua gan na foirmeacha sin a thugann chun cuimhne na hainmhithe ar "Cúl an Tí" mar nach Gaeilge iad ná Béarla, ach ar mhaithe linn féin.

Iarsma iad den chóilíniú nár shíleamar, is cosúil, a chur ina cheart le bunú an Stáit, ná arís le déanaí agus na mílte á n-athrú go ciliméadair.

Rud eile a thugann siad chun cuimhne an t-athrú a dheintí ar litriú an Bhéarla i gcartúin pholaitiúla an 19ú haois le cuma an tuataigh a chur ar an Éireannach.

A mhalairt de phróiseas ach cuid den chóilíneacht chéanna ab ea an t-athrú a rinneadh ar litriú logainmneacha na tíre, i bhfad sular tosaíodh ar Bhéarla a labhairt go forleathan, a bhfuil an-léiriú air ag Brian Friel ina dhráma Translations.

Ábhar grinn ar laethanta saoire an leabhairín Berlitz áit a bhfuil trí cholún - Béarla, Fraincís, mar shampla, agus leithéidí parlay voo (in oiriúint d'úrlabhairt Londan dar ndóigh), ach ceist eile ar fad í foirmeacha mar seo a bheith in úsáid go hoifigiúil.

Déanann an litriú seo, a cuireadh ar bun ar mhaithe le lucht riaracháin ghallda, turasóirí dínn inár dtír féin. Cén fáth anois agus neamhspleáchas againn go leanaimis ar aghaidh ag tabhairt creidiúint do na foirmeacha aisteacha seo?

Cén fáth a mbeadh cló an Bhéarla ar litriú ainmneacha ár mbailte, seachas cló aon teanga eile? Ní hí an Bhéarla teanga dhúchais na ndaoine atá ag socrú síos anseo anois ná ní dhéanfaidís iontas de hainmneacha bailte i dteanga dhúchais na tíre, fiú más i mBéarla is mó a labhairimid.

Leathnódh an litriú Gaeilge úsáid na teanga i réimse a bhfuil sí ann cheana féin i ndáiríre agus brí léi.

(Ábhar lae eile is ea an nós ag eagraíochtaí focail aonair Ghaeilge a úsáid mar theideal agus is leor a rá anseo gur beoichte i bhfad na logainmneacha ná cuid mhaith de na hainmfhocla teibí seo.)

Dar ndóigh, simpleoidh úsáid na leaganacha Gaeilge ní hé amháin na comharthaí bóthair, ach léarscáileanna chomh maith agus ar nós na gcuairteoirí ní dhéanfadh an ghlúin atá ag teacht aníos anois aon aird de.

Philipstown. Maryborough, Queenstown agus Kingstown. Tá íoróin sa méid seo gurb iad na bailte a fuair ainm ríoga na bailte céanna a scríobhtar a n-ainmneacha i nGaeilge amháin anois.

Má tá muintir ceann de na bailte is mó dul chun cinn, ó thaobh torthaí reifrinn de mar shampla, in ann ag Dún Laoghaire gan a mhalairt de litriú, ní foláir nó go bhféadfadh an chuid eile den Stát tabhairt faoi seo gan stró ar bith.