Namia

CROBHINGNE: IN NAMIA tugtar airgead duit má tá tú bancbhriste.

CROBHINGNE:IN NAMIA tugtar airgead duit má tá tú bancbhriste.

In Namia is féidir leaca sleamhaine an tí mhóir a cheannach ar bhroim spideoige.

In Namia déantar socrú deas duit má bhí tú lofa le hairgead tráth.

In Namia creidtear i gcónaí na saineolaithe fiú má bhí siad mícheart gach uair le blianta fada anuas.

READ MORE

In Namia tugtar tuilleadh duit go fiú is tá an iomad agat cheana féin.

In Namia ceannaítear tithe ar son brabúis in áit dul chun cónaithe iontu.

In Namia, dréimire is ea teach seachas ball ina bhfaighidh tú suaimhneas. In Namia meastar tú ar do sheoladh baile.

In Namia bunaítear binse fiosrúcháin ar an ní is soiléire amuigh, agus ní dhéantar faic dá dhroim.

In Namia cuirtear bail ort má chaitheann tú an chulaith chóir agus carabhat dá réir.

In Namia baintear feoil de chnámharlaigh loma agus tugtar measúlacht uirthi.

In Namia socraítear dán na tíre ar chúl chlúdaigh litreach.

In Namia tá plean A, ach cá bhfuil plean E agus I agus L agus E arís?

In Namia fágtar ar thralaí tú, mura raibh leaba chlúimh agat le fada roimhe seo.

In Namia caitear vótáil faoi dhó ar rud ar bith Eorpach a ndiúltaíonn an pobal dó.

In Namia faigheann tú na daoine céanna nuair a vótáileann tú, ach amháin bíonn ainmneacha eile orthu.

In Namia faigheann tú Fianna Gael agus Fine Fáil agus Fianna Leadhb agus Fine Léib agus Party an Luch Oibre agus Muidne Féinig, ach is intinn chaolchúiseach a thiomáinfeadh biorán eatarthu.

In Namia gearrtar príosún saoil ort má dhéanann tú coir bheag, ach bíonn an-chaint ort agus maithiúnas dá réir agus tuiscint do na cúinsí saoil agus iriseoirí dod chosaint agus dlíthe á rith ar do shon agus leabhair á scríobh fút agus scannáin á ndéanamh agus seasamh gaiscígh agat agus gradam ceiliúráin agus cead cainte agus raide agus glóire má scriosann tú an tír bun barr agus ó sháil go rinn agus ó thaobh taobh agus é sin i mbéal an phobail.

In Namia glactar le rud ar bith a thagann anoir, go háirithe má tá boladh an airgid air.

In Namia glactar le rud ar bith a thagann aniar, go háirithe má tá dath an fhaisin air.

In Namia bíonn amhras ar rud ar bith a thuismítear abhus.

In Namia náire is ea gnáthmhóráil i dtír ar bith eile.

In Namia cuirtear donnchraicnigh ó dhoras le masla.

In Namia leagtar séadchomharthaí náisiúnta le háthas d’fhonn bóithre chun na mbanc a thógáil.

In Namia is lofa boladh chúráin ná sneánna pholl na hascaille.

In Namia déantar féileacáin a mharaítear a stuáil ar an aer.

In Namia truaillítear uisce agus tugtar lipéad glan dó.

In Namia ní chloistear ach an rud is mian le cluasa éisteacht leis.

In Namia athscrítear an stair fad is atá an ghaoth laistiar di.

In Namia baintear díot, go háirithe mura bhfuil agat.

In Namia tinsil is ea na soilse ar na dumhchanna.

In Namia is ina mhórán is ina mhórán a shlogtar an beagán.

In Namia is geal linn an mhíol mhór ar an trá agus an long ar an nduga tirim.

In Namia séideann an ghaoth go buacach do dhuine éigin, ach tá cónaí air sa Phoirtingéil, nó san Afraic Theas, nó sa Ghearmáin, nó san Araib Shádach.

In Namia is é lá na gaoithe lá na scolb gach seachtain.

In Namia beidh gach rud i gceart ar an oíche, agus ar an maidin dár gcionn, agus i lár an lae ghlégil dá héis.

In Namia ní hé boladh an dóiteáin boladh na bochtaineachta. In Namia níl baol báite ar an té nach gcrochfar.

In Namia gabhtar ar saoire thar lear ach tógtar Namia chomh maith sa phóca cúil.

In Namia déantar na botúin chéanna a déanadh cheana. In Namia déanfar na botúin chéanna atá á ndéanamh anois.

In Namia bíonn gáire mór os cionn an bhróin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar