Míreanna

Other stories in brief

Other stories in brief

An scríbhneoir agus colúnaí Alan Titley faoi agallamh

Beidh An Siopa Leabhar i mbun oíche chomhluadair agus chuideachta leis an údar aitheanta, Alan Titley.

Cuirfidh an craoltóir cáiliúil litríochta ó RnaG, Cathal Pórtéir, duine de scríbhneoirí móra na teanga faoi agallamh sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, san oíche amárach ag 8.30pm.

READ MORE

Agallamh faoi shaol agus faoi shaothar Titley atá i gceist leis an ócáid seo, caint a thabharfaidh léargas don phobal ar chur chuige agus ar mheon an scríbhneora.

Ag deireadh an agallaimh seo seolfar an scéal spleodrach nua dá chuid do pháistí, Smuf, saol madaidh nach saol an mhadaidh bháin é. Tá an t-agallamh le craoladh ar Raidió na Life amach anseo agus cuirtear fáilte roimh chách.

Tús sa Taibhdhearc

Agus a bhfuil de chaint déanta faoi “ré nua na Taibhdheirce” b’ait an cinneadh é scéaldráma a roghnú mar chéad mhórléiriú agus í ag oscailt den chéad uair ó chuaigh sí trí thine cúig bliana ó shin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Bhain corráiste ar leith leis an scéal toisc an scéaldráma sin, Scorach le Páraic Breathnach, a bheith lonnaithe in “aimsir an drochshaoil i gConamara”. (Chonac cheana thú, fé mar a dúirt an cat leis an mbainne te.)

Ba lag an ráiteas físe a bhí ann ag an tsean-amharclann nua. Spreag Scorach ceisteanna suimiúla faoin gcoimhlint idir fírinní an bhéaloidis agus fíricí na staire ach níor éirigh leis an siar agus aniar, idir throm agus éadrom, agus ba chosúil le cabaret Gaelach ar uaireanta é.

Sa réamhléiriú ba i dtreo dheireadh an dráma ba mhó a bhí samhlaíocht an stiúrthóra – Breathnach féin – le feiscint agus ba sna nóiméid deireanacha sin is mó a d’aimsigh Scorach an ton ceart.

Faraor, bhí an iomarca den “An Gorta Mór – an ceoldráma!” ag baint leis an méid a chuaigh roimhe. Bhí dóthain fuinnimh ag baint le gnéithe den léiriú agus dóthain téagair i gcuid den aisteoireacht chun dóchas a thabhairt agus sinn ag fanacht le fógra ceart ar an “ré nua”.

Comhaltai nua bhord UnaG

Tá Anna Ní Ghallchóir, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ceaptha ina cathaoirleach ar bhord nua Údarás na Gaeltachta, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, inné go raibh Ní Ghallachóir agus seisear eile ceaptha ar an mbord. Léiriú is ea ceapachán Ní Ghallachóir ar an ról nua atá ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an bpleanáil teanga. Beirt iarchomhaltaí ar bhord an údaráis a cheap an tAire Stáit – Fiachra Ó Céilleachair ó Phort Láirge agus Micheál Ó Scanaill ó Chorcaigh.

Cheap sé chomh maith Seán Ó Cuireán ón bhFál Carrach, dlíodóir agus bainisteoir ar ionad saorálaí Dhún na nGall; Eunan Mac Cuinneagáin, Bainisteoir Réigiúnach ar WESTBIC i gCill Charthaigh; Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Gaillimh agus Pádraig Ó hAinifín fear gnó ón nDaingean, Co Chiarraí.

Tá ceathrar eile ainmnithe ar an mbord nua cheana ag na comhairlí contae Gaeltachta. Ní dhaingneofar ainmniúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall go dtí go gcríochnófar próiseas fiosrúcháin.