Mionlaigh chultúrtha mar chúigiú colún an Tríú Reich

TÁ A fhios againn le fada nach raibh na Naitsithe gan suim a chur sna teangacha Ceilteacha

TÁ A fhios againn le fada nach raibh na Naitsithe gan suim a chur sna teangacha Ceilteacha. Ach tá taighde stairiúil déanta le blianta beaga anuas a thaispeánann cé chomh sofaisticiúil is a bhí teangeolaithe an Tríú Reich agus iad ag iarraidh úsáid a bhaint as mionlaigh teanga mar “chúigiú colún” i measc an namhad.

Ní miste cuimhneamh ar bhrí an leagan cainte sin: baineann sé le heachtra i gcogadh cathartha na Spáinne. Mhaígh an ginearál Faisisteach Mola, roimh dó ionsaí a dhéanamh ar Madrid, go raibh ceithre cholún saighdiúirí aige féin, ach go raibh cúigiú colún aige istigh sa chathair: is éard a bhí i gceist aige ná lucht tacaíochta na bhFaisisteach i measc an phobail.

Tá sé amuigh ar Hitler gur cloíteoir gan trua gan taise a bhí ann agus é ag plé le náisiúin bheaga na hEorpa. Ach ar an dtaobh eile, bhí ardmheas ar Hitler i measc na náisiún beag a bhí i mbaol ó Stalin mar an Fhionlainn agus an Liotuáin. Cheapadar féin gur slánaitheoir a bhí sa deachtóir Gearmánach, agus bhí siad sásta troid ar a shon.

Sna tíortha faoi fhorghabháil, chleacht sé straitéis divide et impera: spreag sé gluaiseachtaí na scarúnaithe. Sa Bheilg, thug na Naitsithe tacaíocht do na náisiúnaithe Pléimeannacha, agus bunaíodh mílíste Pléimeannach chun cur in aghaidh aa Résistance.

READ MORE

Nuair a ghabh Hitler an tSeicslóvaic, thug sé stát neamhspleách do na Slóvacaigh faoi threoir sagairt Chaitlicigh, an Moinsíneoir Jozef Tiso. Thug sé cead a gcinn do na Slóvacaigh fad is a bhí siad sásta Giúdaigh na tíre a chur go campaí an bháis sa Ghearmáin. Ach le deireadh an chogaidh bhí deireadh le hardmhianta na Slóvacach, agus cuireadh an Moinsíneoir Tiso chun báis mar fhealltóir agus choirpeach cogaidh.

Bhí an scéal mar an gcéanna sa Chróit: thug Hitler saorstát don phobal rí-Chaitliceach sin agus bhí siad ar a ndícheall ag marú Giúdach, Giofóg agus Seirbiach. Ach faoi dheireadh chuir an Marascal Tito stad leis an eirleach agus leis an saorstát freisin.

Tar éis threascairt an Chumannachais, ar ndóigh, fuair an Chróit agus an tSlóvaic a saoirse arís. (B’fhéidir go bhfeicfimis stát Pléimeannach ar bun amach anseo.)

Bhí sé ar intinn ag Hitler an Eilvéis a ghabháil – nuair a bheadh am aige. Deirtear go raibh saighdiúirí Gearmánacha ag foghlaim Rómainise agus iad ag ullmhú don oibríocht sin. Ní fheadar an raibh sé ar intinn ag Hitler saorstát a thabhairt don mhionlach Rómanach?

Tá a fhios againn go raibh sé dian ar na Sorben, mionlach teanga Slavach in Oirthear na Gearmáine atá ag seasamh an fhóid go fóill ansin sa lá atá inniu ann.

Ach is é is dóichí go raibh sé ar intinn ag Hitler réimse na Rómainise a bhronnadh ar Mussolini mar chuid den Italia irredenta. Bhí sé ráite le fada ag teangeolaithe na hIodáile Faisistí nach raibh sa Rómainis ach canúint Iodálach.

Nuair a bhris an cogadh amach, thuig na hollúna Gearmánacha go mbeadh an Tríú Reich in ann tairbhe a bhaint as an náisiúnachas Ceilteach.

Bhí Ludwig Mühlhausen mar ollamh le teangacha Ceilteacha i mBeirlín. Naitsí díograiseach a bhí ann, agus é ina chomharba ar Julius Pokorny, a briseadh as a phost; mar cé go raibh léann na Gaeilge ar a thoil ag Pokorny bocht, bhí seanmháthair Ghiúdach aige freisin.

Pé scéal é, faoi 1940 bhí Unternehmen Seelöwe (Oibríocht “Mór-Rón”) á ullmhú i gcoinne na Breataine Móire, agus bhí sé ar intinn ag Mühlhausen teagmháil le náisiúnaithe aitheanta sa Bhreatain Bheag agus in Albain dá mba rud é go n-éireodh le Hitler an Ríocht Aontaithe a chur faoi chois. B’fhéidir go bhfaigheadh siad saorstáit Cheilteacha dóibh féin díreach mar na Crótaigh agus na Slóvacaigh.

Bhíothas ag ceapadh go mbeadh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann (pobal breá Caitliceach, arís) báúil don Naitseachas freisin, nó i gcoinne na Sasanach ar a laghad.

Sa bhliain 1941 thosaigh Hans Hartmann, scoláire Gaeilge eile, ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBeirlín, áit a raibh sé i mbun Rannóg Éireannach an Raidió Ghearmánaigh. Bhí sé de dhualgas ar an rannóg seo prapaganda Naitseach a chraoladh go hÉirinn, i nGaeilge agus i mBéarla.

I measc lucht teangeolaíochta tá clú agus cáil go fóill ar Leo Weisgerber, duine de na teangeolaithe is cumasaí de chuid na Gearmáine sa 20ú haois. Bhunaigh sé an teoiric shéimeantach ar a dtugtar inhaltsbezogene Grammatik nó “gramadach dírithe ar an inneachar”.

Scoláire Ceilteach a bhí ann i dtús báire, mac léinn le Thurneysen, agus sna 1930í bhí sé ina ollamh le teangeolaíocht i Marburg. Sa bhliain 1941 thug Weisgerber léacht acadúil uaidh ar an téama “na náisiúin Cheilteacha mórthimpeall ar Shasana”, inar nocht sé smaointeachas na Naitsithe faoi na Ceiltigh agus a dteangacha, agus an ról a bhí i ndán dóibh i straitéis chultúrtha Hitler.

Ar feadh an chogaidh bhí Mühlhausen agus Weisgerber ag obair don SS. Bhí Weisgerber ina oifigeach cinsireachta i Rennes le linn fhorghabháil na Fraince. Bhí sé i mbun an raidió a chraol i mBriotáinis, agus bhí sé an-díograiseach ag cur chultúr na Briotáine chun cinn. Bhí sé ag obair as lámh a chéile le náisiúnaithe Briotánacha an ama sin, agus freisin le Célestin Lainé (Neven Henaff), a bhunaigh mílíste Briotánach chun cuidiú leis an SS agus an Gestapo. Fiú le linn na forghabhála bhí náisiúnaithe Briotánacha á n-ionsaí ag lucht an Résistance (dúnmharaíodh an tAthair Jean-Marie Perrot, náisiúnaí Briotánach agus daoine áirithe eile) agus, tar éis an chogaidh, bhí ar na náisiúnaithe íoc as a “bhfeall” ar an Fhrainc.

Bhí plean ag Hitler (Unternehmen Grün, Oibríocht “Glas”) chun Éire a fhorghabháil dá mba ghá é, ach ní raibh sé riamh i ndáiríre leis. Bhí a fhios ag Arm na hÉireann faoin bplean, fiú amháin!

Dá mbeadh Éire faoi fhorghabháil, is é is dóichí go mbeadh Mühlhausen agus Hartmann ina n-oifigigh SS i mBaile Átha Cliath agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu. Ní raibh Hitler ach leathdháiríre faoi ghabháil na Breataine Móire ach oiread.

I ndeireadh na dála bhí meas áirithe aige ar na Sasanaigh. Nár Herrenvolk na hImpireachta Domhanda iad a raibh na ciníocha “íochtaracha” faoi smacht acu mar ba chóir? Bhí Hitler agus Churchill ar aon bharúil faoin ábhar sin, gan dabht. Chun achoimre a dhéanamh ar an scéal seo, is léir ón taighde stairiúil anois go raibh an-tuiscint ag na Gearmánaigh in aimsir an Tríú Reich ar chúrsaí teanga i gcoitinne agus ar theangacha mionlaigh ach go háirithe.

Agus má ba dhiabhal é Hitler, is léir go raibh mionlaigh agus náisiúin bheaga ar fud na hEorpa sásta a n-anamacha a dhíol leis chun a saoirse a bhaint amach agus a gcuid namhad a chur faoi chois. Nach maith an rud é nár bhac sé le hoileán iathghlas Éireann i ndeireadh na dála!


Is scríbhneoir é Torlach Mac Con Midhe agus cónaí air san Eilvéis